Skip to main content

May

Scéim Deontais Athchóirithe 'Croí Cónaithe'

Date: 07 Beal 2025

Tithíocht

Scéim Deontais Athchóirithe 'Croí Cónaithe'

Tá líon ard iarratas faigthe ag Comhairle Contae Dhún na nGall faoi láthair faoin Scéim Deontais Athchóirithe 'Croí Cónaithe'. Táimid thar a bheith sásta leis an fhreagra seo ar an scéim deontais. Tá an fhoireann ag obair chomh gasta agus is féidir leo chun na hiarratais a phróiseáil, freagra a thabhairt ar ríomhphoist agus ar ghlaonna gutháin, an chéad chigireacht agus an chigireacht dheiridh a eagrú agus íocaíochtaí a dhéanamh. 

Táimid ag déileáil le hiarratais úra de réir mar a fhaigheann muid iad agus táimid buíoch as foighne an iarratasóra agus iad á bpróiseáil againn. De ghnáth, glacann sé 6-8 seachtaine le hiarratas úr a phróiseáil. Glacann sé timpeall 4 seachtaine sula ndéantar an chéad iniúchadh agus 4-6 seachtaine sula ndéantar an t-iniúchadh deiridh.

Níl aon spriocdháta le haghaidh iarratas faoi láthair agus tá an scéim seo curtha isteach i gClár an Rialtais 2030.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Cuairt tugtha ag baill Cheantar Bardasach na nGleanntach ar ‘Radharc an Oileáin’

Thug baill tofa Cheantar Bardasach na nGleanntach cuairt ar Eastát úr Tithíochta na Comhairle ‘Radharc an Oileáin’, Gaoth Dobhair ar an Mháirt, 10 Márta 2026.

Image text description

Date: 02 Márta 2026

An tAcht um Leasú DCB agus Rialacháin (Deontas Méadaithe)

Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall gur achtaíodh an tAcht um Leasú DCB agus na Rialacháin um Theaghaisí a ndearnadh Damáiste dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach (Deontas Méadaithe) 2026. Tagann an reachtaíocht seo sna sála ar an iarracht shuntasach atá déanta ag go leor páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhaltaí Tofa agus Comhaltaí den Oireachtas.

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tithe cónaithe atá tíosach ar fhuinneamh (Grád A) curtha i gcrích

Ar an 18 Samhain 2025, fuair Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir deis Forbairt nua Tithíochta Sóisialta a fheiceáil a cuireadh i gcrích le gairid. Tógadh na tithe mar chuid de Chéim 2 den fhorbairt ag Corrán an Lín, Conmhaigh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)