Date: 07 Beal 2025
Tá Dún na nGall ar bís fá dtaobh de Sheachtain na Bithéagsúlachta!

Tá Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta ar siúl ón 16ú – 25ú Bealtaine i mbliana, a chuimsíonn Lá Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta ar an 22ú Bealtaine agus déanfar í a cheiliúradh ar fud na hÉireann agus é mar aidhm aici daoine a nascadh leis an dúlra. Tá go leor siúlóidí agus cainteanna ag tarlú chun seans a thabhairt duit taithí a fháil ar an dúlra agus níos mó a fhoghlaim faoi bhithéagsúlacht i do cheantar féin. Is é Líonra Comhshaoil na hÉireann (LCÉ) a eagraíonn comhordú Sheachtain na Bithéagsúlachta agus is í an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF) a mhaoiníonn í.
Go háitiúil, tá roinnt imeachtaí de chuid Sheachtain na Bithéagsúlachta á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, idir shiúlóidí treoraithe feadh na Daoile, ceardlann ID Pailneora i mBun Cranncha agus seans le do Chladach a fhiosrú agus foghlaim faoi bhithéagsúlacht na trá ag an Mhachaire. Is féidir le daoine an fiadhúlra istoíche a aimsiú ag ceann den iliomad siúlóidí sciathán leathair atá ar fáil ó Chaomhnú Sciathán Leathair Éireann nó bualadh isteach i gceann den iliomad gníomhaíochtaí bithéagsúlachta atá á reáchtáil ag Páirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (www.nationalparks.ie/glenveagh/) ag an chéad Fhéile Seachtaine Bithéagsúlachta, le tacaíocht ó Oifigí Bithéagsúlachta agus Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall.
Tá Julie Corry, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag impí ar dhaoine dul amach agus taitneamh a bhaint as gach a bhfuil le tairiscint ag bithéagsúlacht Dhún na nGall, “Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar bís fá dtaobh de Sheachtain na Bithéagsúlachta agus tá muid sásta tacú le níos mó siúlóidí, cainteanna agus imeachtaí sa Chontae i mbliana, rud a thugann deis do dhaoine blaiseadh agus taitneamh a bhaint as bithéagsúlacht thart timpeall orthu. Tá an-áthas orainn a bheith ag tacú le níos mó imeachtaí bithéagsúlachta i mbliana trí thacaíocht a mhaoiniú ó chlár Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Contae na Comhairle Oidhreachta agus trí Chiste Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Áitiúla SPNF."
Tá sonraí iomlána faoi na himeachtaí go léir atá faoi stiúir nó a dtacaíonn Comhairle Contae Dhún na nGall leo ar fáil ar www.donegalculture.ie agus ar shuíomh gréasáin Líonra Comhshaoil na hÉireann do Sheachtain na Bithéagsúlachta ag www.biodiversityweek.ie/. Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na himeachtaí go léir chun cinn ar ár gcainéil meán sóisialta fosta.
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain na Bithéagsúlachta i nDún na nGall déan teagmháil le biodiversity@donegalcoco.ie.