Skip to main content

May

Tá Dún na nGall ar Bís fá Sheachtain na Bithéagsúlachta!

Date: 07 Beal 2025

Oidhreacht

Tá Dún na nGall ar Bís fá Sheachtain na Bithéagsúlachta!

Tá Seachtain Náisiúnta na Bithéagsúlachta ar siúl ón 16 – 25 Bealtaine i mbliana, a chuimsíonn Lá Idirnáisiúnta na Bithéagsúlachta ar an 22 Bealtaine agus déantar an tSeachtain a cheiliúradh ar fud na hÉireann agus é mar aidhm aici daoine a nascadh leis an dúlra. Tá go leor siúlóidí agus cainteanna ag tarlú chun seans a thabhairt do dhaoine a ndúil a bhaint as an dúlra agus níos mó a fhoghlaim faoi bhithéagsúlacht ina gceantar féin. Is iad Líonra Comhshaoil na hÉireann (LCÉ) a dhéanann comhordú ar Sheachtain na Bithéagsúlachta agus tá sí á maoiniú ag an tSeirbhís Páirceanna Náisiúnta agus Fiadhúlra (SPNF).
 
Go háitiúil, tá roinnt imeachtaí de chuid Sheachtain na Bithéagsúlachta á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall, idir shiúlóidí treoraithe cois na Daoile, ceardlann ID Pailneoirí i mBun Cranncha agus seans le do Chladach a fhiosrú agus foghlaim faoi bhithéagsúlacht na trá i Machaire. Is féidir le daoine an fiadhúlra istoíche a aimsiú ag ceann den iliomad siúlóidí sciathán leathair arna eagrú ag Caomhnú Sciathán Leathair Éireann nó trí bhualadh isteach chuig ceann de na hiliomad gníomhaíochtaí bithéagsúlachta atá ar siúl i bPáirc Náisiúnta Ghleann Bheatha (www.nationalparks.ie/glenveagh/) ag an chéad Fhéile de Sheachtain na Bithéagsúlachta, le tacaíocht ó Oifigí Bithéagsúlachta agus Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall.
 
Tá Julie Corry, Oifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do dhaoine dul amach agus sult a bhaint as gach a bhfuil le tairiscint ag bithéagsúlacht Dhún na nGall, “Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ar bís fá Sheachtain na Bithéagsúlachta agus tá muid sásta tacú le níos mó siúlóidí, cainteanna agus imeachtaí sa Chontae i mbliana, rud a thugann deis do dhaoine blaiseadh agus sult a bhaint as an bhithéagsúlacht thart timpeall orthu. Tá an-áthas orainn a bheith ag tacú le níos mó imeachtaí bithéagsúlachta i mbliana trí thacaíocht a mhaoiniú ó chlár Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Contae de chuid na Comhairle Oidhreachta agus trí Chiste Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Áitiúla SPNF."
 
Tá sonraí iomlána faoi na himeachtaí go léir atá faoi stiúir nó a dtacaíonn Comhairle Contae Dhún na nGall leo le fáil ar www.donegalculture.ie agus ar shuíomh gréasáin Líonra Comhshaoil na hÉireann do Sheachtain na Bithéagsúlachta ag www.biodiversityweek.ie/. Cuirfear tuilleadh sonraí faoi na himeachtaí go léir in airde ar ár líonraí sóisialta fosta.
 
Chun tuilleadh eolais a fháil faoi Sheachtain na Bithéagsúlachta i nDún na nGall déan teagmháil le biodiversity@donegalcoco.ie.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)