Skip to main content

November

Ar imirce ó Dhún na nGall go hAlbain i gcomhthéacs níos leithne

Date: 04 Samh 2025

Oidhreacht

Ar imirce ó Dhún na nGall go hAlbain i gcomhthéacs níos leithne

An Dr. Paddy Fitzgerald agus an Dr. Liam Campbell ón Ionad Mellon um Staidéar Imirce i gcuideachta Packie Bonner ag seoladh an taispeántais ‘Ag Obair Thall’ i Músaem an Chontae, Leitir Ceanainn ar na mallaibh.
An Dr. Paddy Fitzgerald agus an Dr. Liam Campbell ón Ionad Mellon um Staidéar Imirce i gcuideachta Packie Bonner ag seoladh an taispeántais ‘Ag Obair Thall’ i Músaem an Chontae, Leitir Ceanainn ar na mallaibh.

Mar chuid den mhórthaispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre Imircigh as Dún na nGall in Albain’, tá caint speisialta á heagrú ag Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall a dhéanfaidh plé ar chúrsaí imirce idir Contae Dhún na nGall agus Albain. Beidh an chaint ar siúl i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar an Déardaoin, 13 Samhain ag 7p.m. Tá an t-imeacht saor in aisce agus tá fáilte roimh chách. Beidh sólaistí beaga ar fáil.

Tabharfaidh an Dr. Liam Campbell agus an Dr. Paddy Fitzgerald ón Ionad Mellon um Staidéar Imirce caint le léaráidí dar teideal ‘Ag Obair Thall – Comhthéacs Níos Leithne’ ina bpléifear an stair a bhaineann leis an ‘ghaol speisialta’ atá idir Dún na nGall agus Albain i gcomhthéacs níos leithne. Déanfaidh an dá chainteoir athbhreithniú ar an imirce sa dá threo éagsúla – trasna na Caolfarraige ón tréimhse Mhéisiliteach agus déanfar cíoradh ar fhréamhacha na gluaiseachta agus an aistrithe agus ar an cheangal idir an dá áit. Mar chuid den chaint, déanfar tagairt do roinnt scéalta pearsanta atá mar chuid den taispeántas agus do na fórsaí stairiúla níos leithne a mhúnlaigh cúrsaí imirce agus féiniúlachta leis na céadta bliain.

Tá an Dr. Liam Campbell ina stiúrthóir ar an Ionad Mellon um Staidéar Imirce agus is iomaí foilseachán agus léacht atá tugtha aige ar cheisteanna a bhaineann le hoidhreacht agus leis an timpeallacht, go háirithe in Éirinn, in Albain agus i Meiriceá. Tá an Dr. Paddy Fitzgerald ina Cheannasaí Taighde agus Forbartha san Ionad Mellon um Staidéar Imirce agus tá dianthaighde déanta aige ar an imirce. Chuir sé féin agus an Dr. Brian Lambkin ‘Migration in Irish History, 1607-2007’ i gceann a chéile.

Beidh daoine ábalta súil a chaitheamh ar an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre Imircigh as Dún na nGall in Albain 1940-1990’ ar an oíche. Beidh cóipeanna de leabhrán 104 leathanach a bhaineann leis an taispeántas ‘Ag Obair Thall’ agus an leabhrán nua dar teideal ‘Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection’ ar fáil saor in aisce fosta.

Is comhpháirtíocht mhór é an taispeántas ‘Ag Obair Thall’ idir Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall agus an tIonad Mellon um Staidéar Imirce. Tá an taispeántas mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall atá maoinithe ag an Chomhairle Oidhreachta agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Image text description

Date: 29 Ean 2026

Breis agus €212,000 faighte ag Dún na nGall mar Mhaoiniú don Oidhreacht Thógtha

Fógraíodh dhá scéim um dheontais chaomhnaithe ar na mallaibh maidir le maoiniú chun tacú le 16 fhoirgneamh oidhreachta ar fud Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)