Date: 10 Samh 2025
Bí Slán agus Feiceálach – Iarrtar ar gach duine bheith feiceálach ar na bóithre an geimhreadh seo
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall ag iarraidh ar gach duine tacú leis an fheachtas sábháilteachta ar bhóithre ‘Bí Slán agus Feiceálach’ trí éadach ardfheiceálach a chaitheamh agus iad ag siúl, ag rith nó ag rothaíocht an geimhreadh seo, agus iarrtar ar thiománaithe ceannsoilse maolaithe a úsáid i rith an lae chun feiceálacht ar na bóithre a fheabhsú.
De réir mar a dhruideann na tráthnónta dorcha linn, tá sé níos tábhachtaí anois ná riamh a chinntiú go bhfuil tú feiceálach ar na bóithre. Más ag siúl, ag rothaíocht nó ag tiomáint atá tú agus má chaitheann tú éadach ardfheiceálach, beidh tú le feiceáil ar na bóithre. Iarrtar ar thiománaithe ceannsoilse maolaithe a úsáid i rith an lae, go háirithe mura bhfuil Soilse Reatha Lae le fáil ar an ghluaisteán. Nuair atá daoine feiceálach ar na bóithre, bíonn na bóithre níos sábháilte do chách.
Is é aidhm an fheachtais ná úsáideoirí bóithre atá leochaileach a chosaint – coisithe, reathaithe, rothaithe agus a chinntiú go mbeidh siad le feiceáil go soiléir i rith laethanta beaga an gheimhridh. Astu sin a fuair bás ar na bóithre go dtí seo i mbliana, ba choisithe iad 34 acu agus léiríonn staitisticí ón RSA go bhfuil méadú ar líon na ngortuithe a bhaineann do choisithe ar bhóithre na hÉireann idir Deireadh Fómhair agus Nollaig gach bliain.
Dúirt Pamela Smullen, Oifigeach Sábháilteacht Bhóithre le Comhairle Contae Dhún na nGall, “Is meabhrúchán simplí ach cumhachtach é an feachtas seo chun gur féidir le daoine céimeanna beaga a ghlacadh cosúil le héadach nó ball éadaí ardfheiceálach a chaitheamh le go mbeidh úsáideoirí bóithre eile atá i bhfad uathu ábalta iad a fheiceáil. Moltar do thiománaithe ceannsoilse maolaithe a úsáid i rith an lae. Le chéile, is féidir linn dul i bhfeidhm ar dhaoine an geimhreadh seo trí chúrsaí feiceálachta a mhéadú, timpistí bóthair a chosc agus beatha daoine a shábháil.”
Tá Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall ag moladh don phobal páirt a bheith páirteach i gcur chun cinn na teachtaireachta tábhachtaí seo: ‘Bí Slán agus Feiceálach’.
Táthar ag moladh do dhaoine aonair, do scoileanna, do ghnólachtaí, do ghrúpaí spóirt agus pobail an mana ‘Bí Slán agus Feiceálach’ a roinnt ar a ngréasáin shóisialta nó feasacht a mhúscailt trí thabhairt ar a ngrúpa féin éadach frithchaiteach agus ardfheiceálach a chaitheamh le linn mhíonna dorcha an gheimhridh.
Chun gur féidir leis an phobal a bheith páirteach san fheachtas, tá soláthar teoranta de veisteanna sofheicthe ar fáil do bhaill den phobal ó Ionaid Seirbhísí Poiblí Chomhairle Contae Dhún na nGall ar an Chlochán Liath, i mBaile Dhún na nGall, i mBaile na nGallóglach, i Leitir Ceanainn agus i gCarn Domhnach agus lena chois sin, tá siad ar fáil ó Áras an Chontae i Leifear fad a bheidh siad ann.
Tá réimse leathan ábhar bolscaireachta a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre le fáil ón Údarás um Shábháilteacht ar Bhóithre. Tá siad ar fáil do scoileanna, d’institiúidí tríú leibhéal, do ghnólachtaí nó do ghrúpaí pobail agus is féidir ordú a chur isteach ag www.rsa.ie