Skip to main content

November

Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall

Date: 20 Samh 2025

Pobal

Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall

Bhí an chéad chruinniú ag Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall ar an Luan 17 Samhain 2025 agus ceapadh an Clr Gerry McMonagle ina chathaoirleach nua agus an tUasal Joe Boland ina Leaschathaoirleach.

Is éard a theastaíonn ón Chomhpháirtíocht ná go mbeadh gach comhlacht stáit agus eagraíocht dheonach ábhartha ag obair le chéile ar bhealach comhtháite i gcomhpháirtíocht leis an phobal áitiúil chun tús áite a thabhairt do shaincheisteanna a bhaineann le sábháilteacht pobail ina gceantar féin agus le haghaidh a thabhairt orthu. Tá an cur chuige comhpháirtíochta nua seo á thabhairt isteach chun breis rannpháirtíochta agus cumasú pobail a spreagadh, lena n-áirítear gach cuid den phobal ag obair le chéile chun breis mothúchán agus eispéireas sábháilteachta a chothú i bpobail áitiúla ar fud Dhún na nGall.

Le maoiniú ón Roinn Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, beidh Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall (LCSP) freagrach as na seirbhísí stáit ábhartha go léir agus an pobal a tharraingt le chéile ag leibhéal an údaráis áitiúil agus beidh ról lárnach ag an chomhpháirtíocht ann ó thaobh dul i ngleic le cuid de na dúshláin atá roimh phobail ar fud an chontae.

Is é feidhm na Comhpháirtíochta ná gníomhú mar fhóram plé, pleananna sábháilteachta pobail áitiúla a fhorbairt gach trí bliana, an próiseas comhairliúcháin phoiblí do Phleananna Sábháilteachta Pobail Áitiúla a reáchtáil, pleananna sábháilteachta pobail áitiúla a chur i bhfeidhm, monatóireacht agus athbhreithniú a dhéanamh ar chur i bhfeidhm na bpleananna, comhoibriú le páirtithe leasmhara, tuairimí a thabhairt maidir le pleananna rialaithe áitiúla, cruinnithe poiblí a reáchtáil, Fóraim Sábháilteachta Pobail Áitiúla a bhunú chomh maith le tuairiscí a chur ar fáil don Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail.

Dúirt Cathaoirleach nua LCSP, an Clr Gerry McMonagle, go bhfuil sé ag súil le maoirseacht a dhéanamh ar obair thábhachtach na Comhpháirtíochta agus ar fhorbairt Phlean Gníomhaíochta Sábháilteachta Pobail Dhún na nGall in 2026. Tabharfaidh an plean gníomhaíochta seo tús áite do shaincheisteanna a tugadh chun solais trí phróiseas comhairliúcháin phoiblí agus a gcaithfear aghaidh a thabhairt orthu chun Sábháilteacht Pobail a fheabhsú sa Chontae.

Dúirt an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’Callaghan T.D.:

“Táim thar a bheith sásta gur bunaíodh Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall, agus gur reáchtáladh an chéad chruinniú. Is céim shuntasach eile í seo i gcur i bhfeidhm na gcomhpháirtíochtaí seo ar fud na tíre agus i gcur chuige nua an rialtais seo i leith sábháilteachta pobail.”

“Is é an chéad chéim eile don Chomhpháirtíocht seo ná a plean sábháilteachta pobail saincheaptha féin a fhorbairt agus a chur i bhfeidhm. Beidh an Oifig Náisiúnta um Shábháilteacht Pobail, atá lonnaithe i mo roinnse, ar fáil chun tacú leis an Chomhpháirtíocht agus í ag cur tús leis an obair thábhachtach.”

“Ba mhaith liom buíochas a ghabháil le gach duine a bhfuil baint acu le Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall as a bheith páirteach sa chaibidil nua shuntasach seo i sábháilteacht an phobail. Táim ag dúil le súil a choinneáil ar an dul chun cinn.”

Dúirt Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an tUasal John McLaughlin, go bhfáiltíonn sé go mór roimh bhunú na Comhpháirtíochta agus go bhfuil sé ag súil le rannpháirtíocht iomlán na Comhairle sa Chomhpháirtíocht ó thaobh tacaíocht riaracháin agus na mball de, idir fheidhmeannaigh agus bhaill thofa.

Beidh an Chomhpháirtíocht ag obair le saincheisteanna áitiúla a aithint de réir mar a thagann siad chun cinn agus ionchur a bheith aici sa Straitéis Náisiúnta chun Sábháilteacht Pobail a Fheabhsú, agus nuair a cheadóidh an Rialtas í, cuirfear Plean Gníomhaíochta Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall le chéile. Nuair a ghlacfaidh an Chomhpháirtíocht leis an phlean gníomhaíochta, beidh tús áite tugtha do bhearta a bheidh le cur i gcrích le linn thréimhse trí bliana na Comhpháirtíochta.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Image text description

Date: 14 Ean 2026

Clár Dínite Míostraithe á leathadh amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí ionaid chultúrtha ar fud an Chontae

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis a dTogra Dínite Míostraithe a leathnú, rud a chinntíonn go bhfuil táirgí míostraithe saor in aisce ar fáil anois i Músaem an Chontae, san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn agus i ngach leabharlann phoiblí ar fud an chontae. Tá an fhorbairt seo ag tógáil ar an chlár bunaidh a seoladh i mí an Mheithimh 2024, a chuir tús le táirgí míostraithe saor in aisce a bheith ar fáil ar fud na nIonad Seirbhísí Poiblí agus na nIonad Acmhainní Teaghlaigh i nDún na nGall. Is céim shuntasach eile chun tosaigh í seo chun dul i ngleic le bochtaineacht mhíostraithe.

Image text description

Date: 09 Noll 2025

Castar An tAire Dlí agus Cirt agus Comhpháirtíocht Sábháilteachta Pobail Áitiúil Dhún na nGall ar a Chéile

Bhuail an tAire Dlí agus Cirt, Gnóthaí Baile agus Imirce, Jim O’ Callaghan, TD, leis an Chomhpháirtíocht um Shábháilteachta agus Pobail Áitiúil Dhún na nGall le linn a chuairte ar Dhún na nGall, Dé hAoine 5 Nollaig.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)