Date: 18 Samh 2025
Leitir Ceanainn – Ag Infheistiú sa Todhchaí Imeacht Eolais don Phobal
Beidh Imeacht Eolais don Phobal á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) ar an Chéadaoin 19 Samhain 2025 chun eolas a thabhairt faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí atá beartaithe do Leitir Ceanainn sna blianta beaga amach romhainn. Beidh an t-imeacht ar siúl in Óstán an Raddison Blu, Leitir Ceanainn idir 3pm agus 7pm. Tá cuireadh á thabhairt don phobal a theacht agus tuilleadh eolais a fháil faoi na pleananna iontacha atá ar na bacáin do Leitir Ceanainn.
Mar chuid den imeacht, cuirfear na tionscadail iompair agus athnuachana atá ar bun ag an Chomhairle i láthair, ina n-áirítear Seanteach na Cúirte, Cearnóg an Mhargaidh agus Páirc Cheathrú na hArdeaglaise. Beidh comhairliúchán poiblí ar Phleanáil Cuid 8 a bhaineann le Tionscadal Líonra an Tuaiscirt (Bóthar Halla na Gaoithe) ar oscailt ón 21 Samhain 2025 agus na beidh na dearaí atá beataithe don tionscadal ar taispeáint ag an imeacht, chomh maith le huasdátú ar na tionscadail ar Thaisteal Gníomhach Leitir Ceanainn agus fógra faoi Chéim 2 (an Rogha Conaire Bealaigh) de Thionscadal Líonra an Deiscirt i Leitir Ceanainn.
Tá go leor tionscadal caipitil ar na bacáin ag OTA i nDún na nGall agus tá siad uilig ag céimeanna ar leith den fhorbairt agus lonnaithe ar fud champais Leitir Ceanainn. Ina measc tá an Leabharlann úr agus Foirgneamh don Oideachas Ginearálta ar Champas Bhóthar an Phoirt, an Áis Phrintíseachta úr i Drumnahoagh, Mol Gníomhaíochta agus Ionad Spóirt Réigiúnach Leitir Ceanainn ar Champas Chnoc an Móna agus na hÁiseanna Tréidliachta atá beartaithe. Beidh na buntionscadail seo ag díriú go mór ar an inbhuanaitheacht agus ar an nuálaíocht agus rachaidh siad chun sochair do thodhchaí na timpeallachta tógtha atá againn agus i múnlú na timpeallachta sin. Beidh tuilleadh eolais ar gach ceann de na tionscadail le fáil ag an Imeacht féin.
Beidh baill foirne ó BOO Dhún na nGall ar fáil ar an lá chun plé a dhéanamh ar na deiseanna éagsúla oideachais agus oiliúna atá ar fáil do phobail agus don tionscal i Leitir Ceanainn agus ar fud an chontae.
Faoi láthair, tá FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt ag obair ar chlár tionscadal caipitil ar fud Dhún na nGall ina n-áirítear Otharlann Pobail úr Leitir Ceanainn ina mbeidh 110 leaba agus atá le bheith ar oscailt an bhliain seo chugainn. Tá an síneadh agus an t-athchóiriú ar Ospís Dhún na nGall ag an chéim mhiondheartha agus tá síneadh le cur leis an Mhol Bainistíochta um Ghalar Ainsealach (CDM) chun breis lóistín tacaíochta a chur ar fáil. Tá FSS an Iarthair agus an Iarthuaiscirt ag súil leis na tionscadail thábhachtacha seo a bhaineann le hinfreastruchtúr sláinte, a bhrú chun tosaigh chun tacú lenár bpobail agus beidh baill foirne ó FSS ar fáil ag an Imeacht chun tuilleadh eolais a thabhairt.
Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning fáilte roimh an Imeacht Eolais don Phobal agus dúirt “Tá lúcháir orm fáilte a chur roimh an imeacht eolais seo atá ríthábhachtach chun aird a tharraingt ar an dul chun cinn agus ar an uaillmhian a bhaineann le tionscadail chaipitil a sholáthar anseo i Leitir Ceanainn. Tacóidh na tionscadail seo lenár bpobail, neartóidh siad an geilleagar áitiúil agus ullmhóidh siad muid do na deiseanna atá amach romhainn”.
Ag teacht leis an méid a dúirt an Cathaoirleach, dúirt Méara ar Cheantar Bardais Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach, an Clr Ciaran Brogan “Ba mhaith liom mo bhuíochas a ghabháil le gach duine a bhfuil baint acu leis an imeacht, as a ndíograis agus as a gcomhoibriú, agus tá mé ag súil le tionchar leanúnach na n-infheistíochtaí seo ar thodhchaí Leitir Ceanainn a fheiceáil, agus go mbeidh an baile ina ionad Réigiúnach atá láidir, bríomhar agus iomaíoch, do na glúnta atá le teacht”.
Bígí linn ar an Chéadaoin 19 Samhain aon am idir 3pm – 7pm, in Óstán an Radisson Blue, Leitir Ceanainn chun tuilleadh eolais a fháil faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí iontacha seo i Leitir Ceanainn.