Date: 11 Samh 2025
Seisiúin Eolais don Phobal maidir le Tithíocht atá le forbairt
Tá tionscnaimh éagsúla agus maoiniú ar fáil tríd an iliomad gníomhaireachtaí le cuidiú le daoine le saincheisteanna a bhaineann le tithíocht, mar shampla tithe folmha a chur in úsáid arís, tithe a chur in oiriúint do dhaoine a bhfuil deacrachtaí siúil acu, tithe a fheabhsú do dhaoine scothaosta agus éifeachtúlacht fuinnimh tithe a fheabhsú. I ndiaidh rún a ritheadh ag an Chomhairle Iomlánach ar na mallaibh, tá socraithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall Seisiúin Eolais a éascú i ngach Ceantar Bardasach sna seachtainí amach romhainn.
Is é cuspóir na seisiún seo deis a thabhairt do bhaill den phobal eolas agus comhairle a fháil maidir le scéimeanna maoinithe agus deontais éagsúla, amhail an Scéim Deontais um Athchóiriú Réadmhaoin Fholamh, an Deontas um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta, an Deontas Oiriúnaithe Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas, an Deontas um Áiseanna Soghluaisteachta, Iasachtaí Baile na nÚdarás Áitiúil, an Scéim Deontais do Bhloic Choincréite Lochtacha agus an Scéim Deontais do Dhabhcha Séarachais.
Beidh baill foirne a bhfuil cur amach acu ar na scéimeanna thuas i láthair mar aon le seirbhísí tábhachtacha eile chun cuidiú le haon cheist a bhaineann leis na scéimeanna sin agus chun sonraí a roinnt faoi thacaíochtaí eile atá ar fáil.
Chomh maith leofa sin atá luaite thuas, tugadh cuireadh do bhainc áitiúla agus do chomhair chreidmheasa teacht isteach agus eolas a roinnt faoi na tacaíochtaí airgeadais is féidir leo a sholáthar. Beidh Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt i láthair chun roghanna uasghrádaithe fuinnimh tí ón ÚFIÉ a phlé, agus beidh Éascaitheoirí ó Chomhlacht Forbartha Áitiúil Dhún na nGall agus Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain i láthair maidir leis an Scéim Deontais do Bhloic Choincréite Lochtacha.
Molann an Chomhairle freisin d'aon chonraitheoirí áitiúla atá ag obair ar cheann ar bith de na scéimeanna thuasluaite bualadh isteach chuig a seisiún eolais áitiúil agus líonrú a dhéanamh leis na gníomhaireachtaí éagsúla a bheas i láthair chomh maith le baill den phobal.
Beidh na himeachtaí ar siúl ó 4in – 7in agus beidh cur i láthair ar an Scéim Deontais um Athchóiriú Réadmhaoin Fholamh ag toiseacht ar 4.30pm. Tar chuig ceann ar bith de na himeachtaí thíos le heolas a fháil faoi na tacaíochtaí atá ar fáil. Tá na dátaí, amanna agus ionaid mar seo a leanas:
|
Suíomh |
Dáta/Am |
Ionad |
|
Carn Domhnach |
Dé Máirt 18 Samhain 4in – 7in |
Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, F93 NR70 |
|
Leitir Ceanainn |
Déardaoin 20 Samhain 4in – 7in |
Ionad Seirbhísí Poiblí Leitir Ceanainn, Leitir Ceanainn, F92 TNY3 |
|
Baile Dhún na nGall |
Dé Luain 24 Samhain 4in – 7in |
Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall F94 DH6C |
|
An Clochán Liath |
Déardaoin 27 Samhain 4in – 7in |
Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith, F94 WV84 |
|
Baile Féich/Srath an Urláir |
Dé Luain 1 Nollaig 4in – 7in |
An Bhunáit, Srath an Urláir, F93 A0E4 |
Bhí sé seo le rá ag an Chathaoirleach, an Comhairleoir Paul Canning:
'Is é príomhchuspóir na n-oícheanta eolais seo cuidiú leis an phobal trí eolas a chur ar fáil faoi scéimeanna éagsúla maoinithe a bhaineann le tithíocht, agus comhairle agus treoir a sholáthar faoin dóigh le dul i mbun na bpróiseas iarratais. Tá réimse tionscnaimh an-dearfacha ann, agus tá sé tábhachtach go gcuire muid an méid sin in iúl do dhaoine ar an talamh, nach bhfuil ar an eolas, b'fhéidir, faoin méid atá ar fáil.
Bhí oícheanta den chineál céanna ar siúl ag an Chomhairle roimhe seo ar fud an chontae, agus bhí na seisiúin maidir leis an Scéim Deontais um Athchóiriú Réadmhaoin Fholamh thar a bheith faisnéiseach agus rathúil. Bhí an scéim deontais sin ríthábhachtach le tithe a bhí folamh agus tréigthe a thabhairt ar ais in úsáid fhiúntach agus tithe nua a chur ar fáil. Tá ríméad ar Chomhairle Contae Dhún na nGall faoin líon daoine a ghlac leis an Scéim, atá ar an líon is airde sa tír, nó fuarthas 1423 iarratas agus íocadh amach €20.0m de dheontais go dtí seo le 355 teach a athchóiriú. Ní féidir barraíocht béime a chur ar thionchar na scéime. Ní hamháin go n-éiríonn léi réadmhaoin fholamh a thabhairt ar ais in úsáid fhiúntach, ach is meicníocht tithíochta inacmhainne lárnach í a chuideoidh le ceannaitheoirí céaduaire teach a cheannach agus a athchóiriú le húsáid mar an chéad bhaile s’acu. Tá mé ag súil leis go mbeidh daoine go fóill tógtha faoin scéim seo.
A dhála sin, tá deontais ar fáil ón Chomhairle le tithe a chur in oiriúint do dhaoine faoi mhíchumas nó a bhfuil deacrachtaí siúil acu, chomh maith le deontais do dhaoine scothaosta le feabhas a chur ar a dtithe agus iad a dhéanamh níos compordaí agus níos teo. Ní féidir luach agus tionchar na ndeontas sin ar shaol daoine a mheas. Tá os cionn 600 deontas den sórt sin íoctha ag an Chomhairle ar an mheán achan bhliain le blianta beaga anuas, agus in 2025 amháin is dóigh linn go n-íocfar breis agus €5m i dtaca leis sin de.
Beidh fáil sna Seisiúin Eolais fosta ar chomhairle agus eolas eile ó Ghníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt, na comhair chreidmheasa áitiúla agus na bainc, chomh maith leis na héascaitheoirí a bhfuil baint acu leis an Scéim Deontais do Bhloic Choincréite Lochtacha. Mar a rinneadh roimhe seo, reáchtálfar na seisiúin ó 4in go 7in a chuirfidh ar chumas daoine bualadh isteach ar a mbealach abhaile ón obair nó i ndiaidh daofa páistí a thógáil ón scoil. Molaim do dhuine ar bith a bhfuil suim acu ann bualadh isteach."
Tar le do thoil agus faigh tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí seo a leanas
- Scéim Deontais um Athchóiriú Réadmhaoin Fholamh
Deontais suas le €84,000 atá ar fáil le réadmhaoin fholamh agus thréigthe a athchóiriú a bhí folamh le dhá bhliain nó níos mó agus a bheas mar phríomháit chónaithe phríobháideach an úinéara nó a chuirfear ar fáil le ligean ar cíos. - Aimsigh Dom Teach i nDún na nGall
Scéim meaitseála chun úinéirí tithe folmha a chur i dteagmháil leo siúd atá ag iarraidh tithe folmha a cheannach. - Scéim Deisiúcháin agus Léasa
Tacaíocht airgeadais de €80,000 in aghaidh an aonaid atá ar fáil chun réadmhaoin fholamh a thabhairt ar ais in úsáid lena ligean ar cíos do Chomhairle Contae Dhún na nGall le haghaidh tithíocht shóisialta i gceantair ina mbíonn gá leis. - Scéim Iasachta Ceannaigh agus Athchóirithe na nÚdarás Áitiúil
Is morgáiste agus iasacht é seo a fhaigheann tacaíocht ón Rialtas chun tithe tréigthe agus do-áitrithe a cheannach agus a athchóiriú. Caithfidh an réadmhaoin a bheith incháilithe don Deontas Athchóirithe Réadmhaoin Fholamh, cibé acu atá sí tréigthe, do-áitrithe nó folamh go díreach. Faoi Iasacht Ceannaigh agus Athchóirithe an Údaráis Áitiúil, is féidir le ceannaitheoir céaduaire nó iarratasóir Tús Úr ar mian leo teach incháilithe de chuid an Deontais Athchóirithe Réadmhaoin Fholamh a cheannach agus/nó a athchóiriú, ach nach féidir leo go leor airgid a fháil ó iasachtóirí tráchtála, iarratas a dhéanamh anois chuig a n-údarás áitiúil ar Iasacht Ceannaigh agus Athchóirithe Údarás Áitiúil. - Scéim Iasachta Baile na nÚdarás Áitiúil
Is morgáiste é Iasacht Baile Údarás Áitiúil do cheannaitheoirí céaduaire agus d'iarratasóirí atá ag toiseacht as an nua. Is féidir é a úsáid chun réadmhaoin nua nó athláimhe a cheannach nó le haghaidh scéim féintógála. Soláthraíonn Iasacht Baile an Údaráis Áitiúil suas le 90% de mhargadhluach na réadmhaoine, faoi réir téarmaí agus coinníollacha. - An Scéim Deontais um Oiriúnú Tithíochta do Dhaoine faoi Mhíchumas
Cuireann an scéim seo cúnamh deontais ar fáil d'iarratasóirí le cuidiú le hoibreacha a dhéanamh atá riachtanach de réir réasúin le teach a dhéanamh níos oiriúnaí do riachtanais chóiríochta duine faoi mhíchumas. Is é €40,000 an deontas uasta iarbhír faoin scéim, a d'fhéadfadh suas le 100% de chostas faofa na n-oibreacha a chlúdach, cibé acu is lú. - Scéim Deontais Áiseanna Soghluaisteachta
Cuireann an scéim Deontais Áiseanna Soghluaisteachta cúnamh deontais ar fáil le sraith bhunúsach oibreacha a chlúdach chun aghaidh a thabhairt ar fhadhbanna soghluaisteachta, a bhaineann go príomha, ach ní go heisiach, le dul in aois. Is é €8,000 an deontas uasta iarbhír faoin Scéim Deontais Tithíochta d'Áiseanna Soghluaisteachta, a d'fhéadfadh 100% de chostas na n-oibreacha a chlúdach. - Scéim Deontais um Chúnamh Tithíochta do Dhaoine Scothaosta
Tá an scéim seo ar fáil le cuidiú le daoine scothaosta a bhíonn ina gcónaí i ndrochdhálaí tithíochta na deisiúcháin nó na feabhsúcháin riachtanacha a dhéanamh. Is é €10,700 an deontas uasta iarbhír faoin scéim, a d'fhéadfadh suas le 100% de chostas faofa na n-oibreacha a chlúdach. - Scéim Deontais do Bhloic Choincréite Lochtacha
Is scéim deontais í seo le tacú le húinéirí tí atá thíos leis seo a dteaghais a chur ina cheart, ina ndearnadh damáiste dá n-áit chónaithe de bharr bloic choincréite lochtacha a úsáid le linn a tógála. - Tacaíochtaí Fuinnimh Baile ÚFIÉ
Eolas faoi na tacaíochtaí atá ar fáil d'úinéirí tí, gnólachtaí agus pobail chun feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a bhaint amach. - Deontais do Dhabhach Shéarachais
Tá an deontas seo ar fáil le cuidiú le costais oibreacha chun córas cóireála fuíolluisce teaghlaigh (DWWTS) a fhreastalaíonn ar theach a athshlánú, a dheisiú, a uasghrádú nó a athsholáthar.
Chun tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le:
Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach an Chontae, Leifear, F93 Y622
Guthán: 074 91 53900
Ríomhphost: vacanthomes@donegalcoco.ie
Suíomh Gréasáin: www.donegalcoco.ie
