Skip to main content

November

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Date: 20 Samh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Deir Cathaoirleach na Comhairle, an Clr Paul Canning: “Ghlac 400 gnó páirt i #CeannaighDúnnanGall in 2024, agus bhí tionchar nach beag aige sin ar an gheilleagar áitiúil. Cothaítear díograis i bpobal Dhún na nGall agus sa Diaspóra ar fud an domhain, rud atá ina ábhar spreagtha. Tá muid ag dúil le tógáil air seo in 2025.”

Is deis iontach do thomhaltóirí é #CeannaighDúnnanGall chun féiríní ar leith a cheannach i nDún na nGall agus tacaíocht a thabhairt don gheilleagar áitiúil. Tá réimse leathan earnálacha i gceist san fheachtas, ina n-áirítear táirgeoirí bia agus dí, ceardaithe, lucht turasóireachta agus miondíoltóirí. Cuirfear an feachtas chun cinn trí straitéis mhargaíochta ar líne, an suíomh idirlín buydonegal.com ina measc. Is féidir le tomhaltóirí súil a chaitheamh ar an rogha iontach táirgí agus seirbhísí atá le fáil ó na gnónna is fearr i nDún na nGall. Téigh chuig an suíomh idirlín, foghlaim faoi na gnónna atá páirteach san fheachtas agus déan amach liosta siopadóireachta na Nollag.

Dúirt John G. McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, “Is ardán iontach é #CeannaighDúnnanGall chun aird a dhíriú ar an chruthaitheacht, ar an iontaofacht agus ar an teacht aniar a bhaineann le gnónna i nDún na nGall. Is mór an díograis atá léirithe ag lucht gnó agus ag an phobal araon, le blianta beaga anuas”. 

Is cuma más buailte ar an bhaile atá tú nó i bhfad i gcéin, is féidir tacú le gnónna i nDún na nGall trí sheirbhísí nó táirgí atá déanta i nDún na nGall a cheannach. Roinn d’eispéireas ar na líonraí sóisialta trí úsáid a bhaint as an haischlib #CeannaighDúnnanGall. 

D’aon ghnó i nDún na nGall nach bhfuil cláraithe don fheachtas go fóill, téigh chuig https://donegal.ie/businessportal chun na sonraí a chlárú agus a bheith mar chuid den fheachtas iontach seo!


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Image text description

Date: 29 DFómh 2025

#DúnnanGallAbú 2025 – Ómós Domhanda do Dhún na nGall

Ba í #DúnnanGallAbú an rath mhór a chualathas ar fud an domhain Dé Céadaoin, an 10ú lá de mí Meán Fómhair. Ar an lá, cuireadh chun cinn tírdhreacha áille Dhún na nGall, le pobaill as gach choirneáil den Domhain ag roinnt a ngrá do Dhún na nGall thar na meáin shóisialta chun Lá #DúnnanGallAbú 2025 a cheiliúradh.

Image text description

Date: 17 DFómh 2025

Ceiliúradh ar Shármhaitheas Domhanda Éireannach ag Óstan Inishown Gateway le Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025

Bhí Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025 ar siúl tráthnóna Dé hAoine in Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha, ag onóiriú ceathrar baill eisceachtúla de phobal domhanda na hÉireann a léiríonn a gcuid éachtaí spiorad agus luachanna buana Diaspóra na hÉireann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)