Skip to main content

November

Tithe cónaithe atá tíosach ar fhuinneamh (Grád A) curtha i gcrích

Date: 20 Samh 2025

Tithíocht

Tithe cónaithe atá tíosach ar fhuinneamh (Grád A) curtha i gcrích

Ar an 18 Samhain 2025, fuair Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir deis Forbairt nua Tithíochta Sóisialta a fheiceáil a cuireadh i gcrích le gairid. Tógadh na tithe mar chuid de Chéim 2 den fhorbairt ag Corrán an Lín, Conmhaigh. 

Shínigh an Chomhairle an conradh idir iad féin agus Forbairt Meadowfield Teoranta i mí Feabhra 2024 le 24 teach sóisialta a thógáil, in dhá chéim - 11 teach cónaithe a fhorbairt i gCéim 1 (9 dteach le dhá sheomra leapa & 2 theach le trí sheomra leapa) agus 13 teach cónaithe eile i gCéim 2 (7 dteach le dhá sheomra leapa & 4 theach le trí sheomra leapa & 2 theach le 4 sheomra leapa).

Is tithe atá tíosach ar fhuinneamh (Grád A) agus creat adhmaid iad a bhfuil caidéil teasa aer go huisce agus teas faoin urlár iontu chomh maith le fuinneoga agus doirse tríghloinithe. Tabharfar eochracha na dtithe do na tionóntaí faoi Chéim 2 sna seachtainí amach romhainn.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Márta 2026

Cuairt tugtha ag baill Cheantar Bardasach na nGleanntach ar ‘Radharc an Oileáin’

Thug baill tofa Cheantar Bardasach na nGleanntach cuairt ar Eastát úr Tithíochta na Comhairle ‘Radharc an Oileáin’, Gaoth Dobhair ar an Mháirt, 10 Márta 2026.

Image text description

Date: 02 Márta 2026

An tAcht um Leasú DCB agus Rialacháin (Deontas Méadaithe)

Aithníonn Comhairle Contae Dhún na nGall gur achtaíodh an tAcht um Leasú DCB agus na Rialacháin um Theaghaisí a ndearnadh Damáiste dóibh mar gheall ar Úsáid Bloc Coincréite Lochtach (Deontas Méadaithe) 2026. Tagann an reachtaíocht seo sna sála ar an iarracht shuntasach atá déanta ag go leor páirtithe leasmhara, lena n-áirítear Comhaltaí Tofa agus Comhaltaí den Oireachtas.

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tithe cónaithe atá tíosach ar fhuinneamh (Grád A) curtha i gcrích

Ar an 18 Samhain 2025, fuair Baill Thofa Cheantar Bardais Leifir-Shrath an Urláir deis Forbairt nua Tithíochta Sóisialta a fheiceáil a cuireadh i gcrích le gairid. Tógadh na tithe mar chuid de Chéim 2 den fhorbairt ag Corrán an Lín, Conmhaigh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)