Skip to main content

October

An Cuntais Síos deiridh chuig Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025

Date: 13 DFómh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

An Cuntais Síos deiridh chuig Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025

Beidh Comhairle Chontae Dhún na nGall ag óstáil Ghradaim Diaspóra Éireannach Tip Uí Néill 2025 an Aoine seo, 17ú lá de mí  Deireadh Fómhair, in Óstán Inishowen Gateway, Bun Cranncha. Tugann an ócáid ​​mór le rá, bhliantúil seo ómós do bhaill den diaspóra Éireannach domhanda, a bhain amach éachtaí agus ranníocaíochtaí iontach ina réimsí féin, agus a choinnigh ceangail láidre le oidhreacht Éireannach s’acu ag an am céanna.

Ainmnithe i gcuimhne ar Thomas P. “Tip” O’Neill, Ceann Comhairle Teach Ionadaithe na Stáit Aontaithe agus garmhac eisimircigh Dhún na nGall, ceiliúrann na ghradaim an nasc buan idir Éire agus a phobal domhanda. Gach bliain, tugann an searmanas ceannairí chultúir, ghnó, seirbhís poiblí agus daonchairdis le chéile, le cur chun cinn a gcuid oibre luachmhar a thaispeanann an ghaoil, an bhróid agus an chuspóir a chuimsíonn an chuid is fearr atá le tairiscint ag Éirinn.

Is samplaí iad faighteoirí na bliana seo den éagsúlacht, agus den tionchar atá ag Pobal Domhanda na hÉireann:

Danny Hutton

Rugadh Danny Hutton i mBun Cranncha, Contae Dhún na nGall, agus is fearr aithne air mar bhall bunaithe agus príomh-amhránaí an bhanna rac-cheoil aitheanta Meiriceánaigh ‘Three Dog Night’. Le breis is 50 milliún cheirnín díolta, agus 21 buille i ndiadh a chéile ar ‘Billboard Top 40’, chuidigh Hutton le fuaim glúine a chruthú.

Bhí a thuras ceoil - ó ceoil rac-cheoil tíre LA go dtí clú agus cáil dhomhanda - fréamhaithe i gcónaí ina féiniúlacht Éireannach. Sa lá atá inniú ann, tá sé fós ag seinm agus ag cruthú, agus tá albam nua ‘Enter’ reidh le eisiúint an fhómhar seo.

Vincent Keaveny

As Baile Átha Cliath ó dhúchas, agus ceangail domhain le Dhún na nGall, rinne an Comhairleoir Vincent Keaveny stair mar an chéad Ardmhéara ar Chathair Londai,n a rugadh in Éirinn. Dlíodóir agus ceannaire sibhialta mór le rá, tá sé tar éis tacú le cuimsiú, airgeadais inbhuanaithe, agus éagsúlacht shocheacnamaíoch ar fud na h-earnáil seirbhísí airgeadais sna Ríochta Aontaithe. Chuidigh a cheannaireacht le tionscail níos cothrom agus níos iomaíoch a chruthú ar fud an domhain, rud a thuill CBE dó in 2023. Is onóir oiriúnach é Vincent a bhronnadh mar gheall ar a thiomantas don t-seirbhís phoiblí. agus a bhród as a chuid fhréamhacha Éireannacha.

Seán agus Eileen Donaghey

Ó Ráth Seabaigh, Baile Lifín agus Cnoc an Choiligh, Bun Cranncha, chaith Eileen agus Seán Donaghey 34 bliain i Sydney na h-Astráile, áit atá said anois mar philéir ionúin don phobal Éireannach. Trína mbialann ‘Mulligans’, a bhuaigh duaiseanna, Cuireann siad ní amháin bia ar fail, ach muintearas fosta—ag tacú le glúnta imircigh, ag cur cultúir na hÉireann chun cinn, agus ag bailiú na céadta mílte dollar do chúiseanna carthanachta. D’fhág a gcuid croíúlacht, flaithiúlacht agus spiorad phobail gan staonadh, leagaáid bhuan ar fud diaspóra na hÉireann-na hAstráile.

Ag labhairt roimh an ócáid, dúirt Cathaoirleach Chomhairle Chontae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Canning:

“Léiríonn faighteoirí na bliana seo an chuid is fearr de cad a a chiallaíonn sé le bheith ina Éireannach. Más trí cheannaireacht shibhialta, bród cultúrtha, nó gaiscí idirnáisiúnta, iompraíonn gach duine acu spiorad ár d-tíre le bród agus cuspóir. Is onóir den scóth é daoine a bhfuil fréamhacha chomh láidir sin acu i nDún na nGall a fheiceáil á n-aitheantas ar an stáitse domhanda, agus táimid ag súil go mór le fáilte a chur rompu go Bun Cranncha an Aoine seo chugainn.”

Tá na ticéid do Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025 DÍÓLTA AMACH anois! Beidh an thar a bheith cumasach Doireann Ní Ghlacáin mar Mháistir na Searmanais agus muid ag ceiliúradh ranníocaíochtaí iontacha Danny Hutton, Vincent Keaveny, agus Eileen & Seán Donaghey — ceathrar ambasadóirí suntasacha de chuid Phobal Domhanda na hÉireann.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)