Skip to main content

October

An Feachtas Turasóireachta ‘Gan aon deifir, Gan aon mhilleadh, Sin Dún na nGall’ Seolta

Date: 01 DFómh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

An Feachtas Turasóireachta ‘Gan aon deifir, Gan aon mhilleadh, Sin Dún na nGall’ Seolta

Táthar ag moladh do sholáthraithe turasóireachta i nDún na nGall, páirt a ghlacadh san fheachtas nua idirshéasúir atá ag teacht sna sála ar chomhdháil idirnáisiúnta TBEX a bhí ar siúl i nDún na nGall le gairid; inar thug na céadta cruthaitheoir inneachair agus scríbhneoir taistil cuairt ar an chontae dá bharr.

Díríonn an feachtas seo ar an mhargadh intíre agus táthar ag súil go mbeidh daoine a théann ar saoire san fhómhar agus i rith an bhriseadh lár téarma, ag smaoineamh ar chuairt a thabhairt ar Dhún na nGall. Tríd an fheachtas ‘Gan aon deifir, Gan aon mhilleadh, Sin Dún na nGall’, tabharfar léargas ar na nithe is fearr a bhaineann leis an chontae trí fheachtas margaíochta digiteach, trí fhíseáin, agus trí leathanach tairiscintí ar an suíomh gréasáin GoVisitDonegal.com, áit ar féidir le daoine sult a bhaint as réimse eispéireas, as pacáistí óstán agus pacáistí séasúracha.

Is iad foireann Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall atá i mbun an fheachtais i gcomhar le Craobh Dhún na nGall de Chónaidhm Óstán na hÉireann (IHF) agus múnlaithe ag an rannpháirtíocht san earnáil le gairid a dhírigh ar na tacaíochtaí atá riachtanach don idirshéasúr a aithint.

Ag labhairt dó sular seoladh an feachtas, dúirt an Clr. Paul Canning, Cathaoirleach ar Chomhairle Contae Dhún na nGall “tá muid ag glacadh le riachtanais na hearnála turasóireachta trí thacaíocht a chur ar fáil d’fheachtas a chothaíonn cuairt le linn uaireanta seachbhuaice, a thacaíonn le cúrsaí fostaíochta agus a neartaíonn Contae Dhún na nGall mar láthair turasóireachta agus ceann scríbe ó thus deireadh na bliana.

D'aontaigh John McLaughlin, Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Cathaoirleach ar Thurasóireacht Dhún na nGall leis seo agus dúirt: “is dea-shampla é an feachtas seo de chomhoibriú áitiúil a thacaíonn leis an earnáil turasóireachta. Is am álainn den bhliain é an fómhar le seal a chaitheamh i nDún na nGall, agus tá muid ag súil le fáilte a chur roimh chuairteoirí chun go mbainfidh siad a ndúil as an chontae seo.”

Táthar ag moladh do sholáthraithe turasóireachta tairiscintí idirshéasúir a chur isteach chun go mbeidh siad le feiceáil ar leathanach gréasáin an fheachtais. Beidh an feachtas á chur chun cinn ar na hardáin dhigiteacha sna seachtainí amach romhainn, agus cuifear úsáideoirí ar líne i dtreo an leathanaigh

GoVisitDonegal.com.

Tuilleadh eolais:

https://www.govisitdonegal.com/campaigns


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)