Skip to main content

October

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am

Date: 16 DFómh 2025

Cultúr

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am. Is mór ag an ghrúpa Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn agus Comhairle Contae Dhún na nGall bheith i mbun rannpháirtíochta le Michelle Murphy ón Choimisiún um Aistriú Cóir le haghaidh ceardlann ar Chéad Tuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hAthrú Aeráide.

Lena chois sin, tabharfaidh Michelle léargas ar na moltaí atá sa Tuarascáil Tosaigh de chuid an Choimisiúin um Aistriú Cóir. Sa chéad tuarascáil de chuid na hÉireann a bhaineann leis an Choimisiún um Aistriú Cóir, táthar ag impí ar an Rialtas straitéis cheannasach a fhorbairt a bheadh ag díriú chun cinn agus ina mbeadh aistriú cóir mar chuid lárnach de na gníomhaíochtaí ar son na hAeráide go náisiúnta. 

Dúirt Wopke Hoekstra, Coimisinéir Eorpach um Aeráid, Glan-nialasacht agus Fás Glan. “Is léir ón eolaíocht – caithfidh muid gníomhú ar son na haeráide agus deireadh a chur le hastaíochtaí domhanda sna deich bliana amach romhainn. Tá daoine ag fulaingt de bharr na n-éifeachtaí uafásacha agus forleathana a bhaineann le hathrú aeráide agus tá líon na dtuillte troma ag méadú”.

Tá cur chun cinn na mbuntáistí a bhaineann le ballraíocht san AE ar cheann de bhunaidhmeanna an Choimisiúin Eorpaigh. Cuireann Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn an méid seo ar fáil: 

  • Eolas agus Rochtain ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir ó institiúidí an AE
  • Eolas faoi dheiseanna taistil do dhaoine óga trí Erasmus+ agus Discover EU
  • Rochtain ar Ríomhairí Pearsanta le hábhair a bhaineann leis an AE a chuardach
  • Nasc saorghlao chuig Deasc Chabhrach Eoraip Dhíreach
  • Imeachtaí, cainteanna, taispeántais, agus comórtais

Chun áit a chur in áirithe don imeacht seo a bhfuil saorchead isteach chuige, seol r-phost chuig eudirect@donegallibrary.ie  nó cuir scairt ar an Lárleabharlann ar 074 91 24950.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)