Skip to main content

October

Béim mhór curtha ar Shábháilteacht ar Bhóithre ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall

Date: 09 DFómh 2025

Bóithre

Béim mhór curtha ar Shábháilteacht ar Bhóithre ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall

D’fhreastail breis agus 2500 scoláire Idirbhliana agus 5ú bliana ó scoileanna ar fud Dhún na nGall ar ‘Seó Sábháilteachta Bóthair AXA’ i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Mháirt agus ar an Chéadaoin 7 & 8 Deireadh Fómhair in Ionad Fóillíochta Aura, Leitir Ceanainn.

Is imeacht cumhachtach é an Seó Sábháilteachta Bóthair seo, atá ar bun le scoláirí a chur ar an eolas faoi na héifeachtaí tromchúiseacha a d’fhéadfadh a bheith ag timpistí bóthair ar a mbeatha féin agus ar bheatha a gclainne agus a gcairde.

Mar chuid den Seó Bóthair, thug An Garda Síochána, Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall, An tSeirbhís Náisiúnta Otharcharr agus Comhairleoir atá lonnaithe i Rannóg Timpistí agus Éigeandála Otharlann na hOllscoile Leitir Ceanainn cuntais phearsanta a chuaigh i gcion go mór ar an lucht éisteachta. Bhí sé mar aidhm ag na cuntais seo teachtaireacht faoin tábhacht a bhaineann le sábháilteacht ar bhóithre a chur i láthair an lucht éisteachta.

Ar cheann de ghnéithe cumhachtacha an imeachta, bhí scéal Rachel Elliot, bean a tháinig slán as timpiste mharfach. Chuaigh an cur síos macánta a rinne sí i bhfeidhm go mór ar na scoláirí, agus tarraingíodh aird ar na fíorchontúirtí bóthair atá ann do thiománaithe óga. 

Gné thar a bheith pearsanta a bhí i gcuid cainte Bernadette Rice ar cailleadh a leathchúpla Clarice go tragóideach i dtimpiste bhóthair. Scéal tochtmhar a bhí ann a chuaigh i bhfeidhm go mór ar an lucht éisteachta fosta.

I ndiaidh na gcainteanna, rinne Seirbhís Dóiteáin Dhún na nGall athléiriú beo ar thimpiste bhóthair ina raibh orthu duine ar bhain gortuithe dóibh, a bhaint as gluaisteán. Thug an fíorléiriú praiticiúil seo léargas ar na fírinní a bhaineann le práinnfhreagairt i gcás na beatha, agus léiríodh an scil agus an réamhchúram atá de dhíth le beatha daoine a shábháil i gcásanna tromchúiseacha den sórt sin. 

Thug Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin le fios “Is Seó Bóthair é seo a théann i bhfeidhm ar dhaoine agus a bhfuil go leor eolais le fáil ann. Is deis thábhachtach í le daoine óga a ghríosú lena machnamh a dhéanamh ar an dóigh a mbaineann siad féin úsáid as an bhóthar mar thiománaithe, mar phaisinéirí, mar choisithe, agus mar rothaithe. Thig le tiomáint róghasta, tiomáint faoi thionchar an óil agus/nó drugaí, tiomáint chontúirteach agus tiomáint nuair atá aird an tiomanaí dírithe ar rud inteacht eile drochéifeacht a bheith acu ar an tiománaí agus ar dhaoine eile a úsáideann an bóthar. Trí cheangal díreach a chothú le scoláirí, cuireann an Seó Sábháilteachta Bóthair béim arís eile ar an tábhacht a bhaineann le roghanna atá sábháilte agus freagrach a dhéanamh. Gabhaim mo mhíle buíochas leis na cainteoirí. Chuir a gcuid scéalta ar ár gcumas an t-imeacht seo a reáchtáil.”


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Noll 2025

Aitheantas Náisiúnta faighte ag Claire McCaul ag Gradaim ‘Leading Lights’ de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall, Aontas na Mac Léinn in Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh, Dún na nGall, agus Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall, comhghairdeas a dhéanamh le Claire McCaul, Leasuachtarán Oideachais agus Cumarsáide, Aontas na Mac Léinn OTA, Dún na nGall, as Gradam do Shábháilteacht ar Bhóithre don Óige a bhaint amach ag Gradaim ‘Leading Lights’ de chuid an Údaráis um Shábháilteacht ar Bhóithre. Bronnadh an t-aitheantas náisiúnta seo uirthi dá ceannaireacht, dá cruthaitheacht agus dá tiomantas iontach maidir le Seachtain Feasachta ar Shábháilteacht ar Bhóithre a reáchtáladh in OTA, Dún na nGall ag tús na bliana.

Image text description

Date: 10 Samh 2025

Bí Slán agus Feiceálach – Iarrtar ar gach duine bheith feiceálach ar na bóithre an geimhreadh seo

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Meitheal Sábháilteacht Bhóithre Dhún na nGall ag iarraidh ar gach duine tacú leis an fheachtas sábháilteachta ar bhóithre ‘Bí Slán agus Feiceálach’ trí éadach ardfheiceálach a chaitheamh agus iad ag siúl, ag rith nó ag rothaíocht an geimhreadh seo, agus iarrtar ar thiománaithe ceannsoilse maolaithe a úsáid i rith an lae chun feiceálacht ar na bóithre a fheabhsú.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)