Skip to main content

October

Ceiliúradh ar Shármhaitheas Domhanda Éireannach ag Óstan Inishown Gateway le Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025

Date: 17 DFómh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Ceiliúradh ar Shármhaitheas Domhanda Éireannach ag Óstan Inishown Gateway le Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025

Bhí Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025 ar siúl tráthnóna Dé hAoine in Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha, ag onóiriú ceathrar baill eisceachtúla de phobal domhanda na hÉireann a léiríonn a gcuid éachtaí spiorad agus luachanna buana Diaspóra na hÉireann.

Thosaigh an lá le h-ócáid ​​phlé speisialta, eagraithe ag Ollscoil Uladh, leis an tOllamh Paul Moore, Ceann Scoil na nEalaíon agus na nDaonnachtaí. Phléigh an seisiún téamaí féiniúlachta, oidhreachta, agus an ról éabhlóideach atá ag diaspóra na hÉireann i gcúrsaí domhanda, ag leagan guth tiusceanach agus mealltach do cheiliúradh na h-oíche.

Ó bunaíodh na Ghradaim Tip O’Neill i 2012, leanann siad an onóiriú oidhreacht Thomas P. “Tip” O’Neill, iar-spéicéir Theach Ionadaithe na Stát Aontaithe, agus sliochtach bhródúil as Inis Eoghain. Thug an ócáid ​​​​uaisle, ceannairí pobail, agus aíonna ó gach cóirnéal den domhan le chéile le h-aghaidh oíche aitheantais, machnaimh agus ceiliúrtha.

I measc na daoine a hbfuair an onóir i mbliana, bhí:

Rugadh Danny Hutton i mBun Cranncha, ball bunaithe den bhanna rac-cheoil Meiriceánach cáiliúil ‘Three Dog Night’, a bhfuil aitheantas tugtha dó as a shaothar sa cheol ar feadh a shaoil ​​agus as a bhród as oidhreacht na hÉireann.

An chéad Ardmhéara ar Chathair Londain, a rugadh in Éirinn le breis agus 800 bhliain, Vincent Keaveny, a tugadh onóir dó as a cheannaireacht sa saol sibhialta, agus as a chuid abhcóideachta ar son na h-éagsúlachta agus na h-inbhuanaitheachta.

Bialannaí, ceannairí pobail agus bunchloch Phobal na h-Éireann i Sydney, san Astráil, Eileen agus Seán Donaghey. Tá cáil orthu as a gcuid ranníocaíochtaí cultúrtha agus a gcuid oibre daonchairdiúla ag tacú le carthanachtaí Éireannacha agus Astrálacha.

Bhí roinnt óráidí foirmiúla ar an oíche ó Aire Charlie McConalogue, Aire Stáit don Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt, agus an t-Aire Neale Richmond, Aire Stáit don Roinn Gnóthaí Eachtracha agus Trádála. Ag labhairt fosta ar an oíche, bhí an Comhairleoir Paul Canning, Cathaoirleach Comhiarle Chontae Dhún na nGall, John G. McLaughlin, Príomhfheidhmeanna comhairle Chontae Dhún na nGall, agus an tUasal Nocholas Crossan, Cathairleach Choiste ghradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill. Thug Tom O’Neill, mac Tip O’Neill agus taca bhródúil dena ghradaim seo, cúpla focal buíochais mar aitheasc clabhsúir

Cuireadh teachtaireachtaí físe speisialta ar fáil do na haíonna, ó Ambasadóir na hAstráile go hÉirinn, Ms. Chantelle Taylor, agus ón amhránaí Éireannach mór le rá, Daniel O’Donnell, rud a chuir gné phearsanta agus idirnáisiúnta leis an oíche.

Tháinig deireadh leis na cheiliúradh le taispeantas speisialta ó ‘Three Dog Night’, rud a chomóradh bomaite uathúil, ceiliúrtha cultúrtha agus filleadh na bhaile.

The Tip O’Neill Irish Diaspora Awards continue to serve as a bridge between Donegal and its global family, celebrating those who never forget where they come from — and who continue to give back.

Tá na Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip Uí Néill mar droichead leanúnach agus seasta idir Dhún na nGall agus a theaghlach domhanda, ag ceiliúradh na daoine nach dhéanfaidh dearmad chíoche ar an áit a dthainig siad — agus a leanann orthu ag tabhairt ar ais don phobal.

Le níos mó eolais a fháil, tabhair cuairt ar:  www.donegal.ie/tiponeillawards nó déan teangmhail leis an Rannóg Forbairt Eacnamaíochta i gComhiarle Chontae Dhún na nGall.  


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)