Skip to main content

October

Ceiliúradh ar sheoladh Atlas na mBailte Stairiúla Uimh.32 do Bhéal Átha Seanaidh

Date: 14 DFómh 2025

Oidhreacht

Ceiliúradh ar sheoladh Atlas na mBailte Stairiúla Uimh.32 do Bhéal Átha Seanaidh

Ag Seoladh Atlas na mBailte Stairiúla bhí (ó chlé go deas): Máire Ní Fhearraigh, an Dr. Michael Potterton, an Dr. Joseph Gallagher, an Dr. Easkey Britton, an Dr. Angela Byrne (údar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh), Jennifer Moore, an Dr. Ruth McManus, an tOll. Howard Clarke & Sarah Gearty. Grianghraf: Karen Skelly
Ag Seoladh Atlas na mBailte Stairiúla bhí (ó chlé go deas): Máire Ní Fhearraigh, an Dr. Michael Potterton, an Dr. Joseph Gallagher, an Dr. Easkey Britton, an Dr. Angela Byrne (údar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh), Jennifer Moore, an Dr. Ruth McManus, an tOll. Howard Clarke & Sarah Gearty. Grianghraf: Karen Skelly

Rinne Acadamh Ríoga na hÉireann ceiliúradh ar fhoilsiú Atlas na mBailte Stairiúla uimh. 32 do Bhéal Átha Seanaidh le hócáid speisialta a bhí ar siúl in Ionad na Mainistreach, Béal Átha Seanaidh ar an 9 Deireadh Fómhair 2025. Is clár taighde de chuid Acadamh Ríoga na hÉireann (RIA) é Atlas na mBailte Stairiúla (IHTA).

Is í an Dr Angela Byrne de bhunadh Dhún na nGall, an t-údar. Is staraí a dhíríonn ar an ochtú agus ar an naoú haois déag í. Thug Comhairle Contae Dhún na nGall agus an Chomhairle Oidhreachta tacaíocht don Atlas seo mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Díríonn an t-atlas seo ar bhaile Bhéal Átha Seanaidh, Co. Dhún na nGall óna bhunús go dtí an lá atá inniu ann. Tugann sé cuireadh do léitheoirí foghlaim faoi stair shaibhir an bhaile: ó phointe átha agus daingean Uí Dhomhnaill, trína bhuaicphointe sa naoú haois déag mar bhaile calafoirt agus margaidh a raibh rath air agus a raibh naisc trádála idirnáisiúnta aige, go dtí an t-aonú haois is fiche. Mar chuid den imleabhar, tá cóipeanna leithne de léarscáileanna stairiúla, de radhairc agus de ghrianghraif ó dheireadh an séú haois déag go dtí an naoú haois déag, chomh maith le léarscáileanna téamacha a cruthaíodh go speisialta.

Dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta le Comhairle Contae Dhún na nGall:

“Tá áthas ar Chomhairle Contae Dhún na nGall tacú le foilsiú Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Díríonn an t-imleabhar seo ar éabhlóid Bhéal Átha Seanaidh mar áit lonnaíochta agus is acmhainn luachmhar é do mhic léinn agus do phobail chun oidhreacht agus stair áitiúil a scrúdú agus na bealaí ina léirítear iad ar léarscáileanna, i ndoiciméid agus inár dtimpeallacht thógtha.”

Mar chuid den ócáid, thug an Dr Byrne caint le léaraidí dar teideal, ‘Hidden Histories: Vanished Traces of Ballyshannon’s Past’. Ag labhairt di faoin fhoilseachán, dúirt sí:

“Cuireann Béal Átha Seanaidh go mór le tionscadal Atlas na mBailte Stairiúla, agus lena chois sin, tá an baile anois i measc breis is 600 baile agus cathair atá mar chuid den scéim Eorpach.” Mar dhuine de bhunadh Dhún na nGall, ba mhór an onóir dom an t-atlas a scríobh agus tá súil agam go spreagfaidh sé tuilleadh taighde ar fhás agus ar fhorbairt na mbailte stairiúla sa chontae.’

Tar éis na cainte, reáchtáladh ócáid fáiltithe ina raibh an Dr Easkey Britton ina aoichainteoir. Dúirt sí:

‘Ní hamháin go mbaineann stair áite leis an am a chuaigh thart, is cuid bheo dá féiniúlacht í, agus bíonn tionchar aige ar an dóigh a n-amharcann muid ar ár dtodhchaí. Cuireann oidhreacht shaibhir Bhéal Átha Seanaidh i gcuimhne dúinn go bhfuil nasc domhain idir áit, daoine agus timpeallacht. Agus muid ag amharc chun tosaigh, tá sé ríthábhachtach go leanfaimid orainn ag tabhairt onóra agus ag cosaint ár dtírdhreacha fisiciúla agus cultúrtha araon, lena chinntiú go mairfidh siad do na glúnta atá le teacht.’

Chuir an Clr Michéál Naughton, Cathaoirleach ar Cheantar Bardais Dhún na nGall, fáilte roimh an fhoilseachán agus thug le fios gur ócáid thábhachtach don réigiún a bhí inti:

“Is féidir forbairt stairiúil Bhéal Átha Seanaidh a fheiceáil go fóill i bpatrúin úinéireachta talún, i sráid-dreacha agus i bhfoirgnimh stairiúla an bhaile. Tugann an foilseachán seo aitheantas don oidhreacht sin agus cuireann sé i gcomhthéacs eispéiris bhailte agus chathracha stairiúla eile ar fud na hEorpa í. Molaim Acadamh Ríoga na hÉireann agus gach duine a bhí páirteach ann as cur go mór lenár gcomhchuimhne”.

Mar chuid d’Fhéile Bhá Dhún na nGall agus na gCruacha agus chun seoladh an fhoilseacháin a cheiliúradh, beidh taispeántas ann - Ionad Siopadóireachta Bhéal Átha Seanaidh Trí na Blianta, a bheidh ar siúl san Aitriam, Ionad Ealaíon na Mainistreach. Chuir an Dr Byrne an taispeántas le chéile mar chuid dá taighde ar Bhéal Átha Seanaidh le tacaíocht ó Ghrúpa Athghiniúna Bhéal Átha Seanaidh. Beidh an taispeántas ar siúl ón 7 Deireadh Fómhair go dtí an 21 Deireadh Fómhair agus tá sé saor in aisce.

Tá Atlas na mBailte Stairiúla uimh. 32 do Bhéal Átha Seanaidh foilsithe ag Teach Foilsitheoireachta Acadamh Ríoga na hÉireann agus ar fáil i siopa A Novel Idea, Béal Átha Seanaidh agus tríd an Teach Foilsitheoireachta ar www.ria.ie.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Ean 2026

Tacaíocht ar fáil d’eagraíochtaí oidhreachta faoi Scéim na Comhairle Oidhreachta

Táthar ag glacadh le hiarratais anois faoi Chiste Tacaíochta Eagraíochtaí Oidhreachta, a chuireann tacaíocht airgid ar fáil d’eagraíochtaí neamhbhrabúis agus neamhrialtasacha atá ag obair san earnáil oidhreachta. Faoi Scéim na Comhairle Oidhreachta, bíonn sé ar chumas eagraíochtaí oidhreachta tuarastail a bhfoirne agus costas cíosa a dhíol, foireann úr a fhostú, cur le scileanna agus oiliúint, agus dóigheanna úra oibre a chur chun cinn. Is féidir iarratas a dhéanamh ar líne trí Chóras Bainistíochta Deontas Ar Líne na Comhairle Oidhreachta. Tá go dtí 5 p.m. Dé Luain, 26 Eanáir 2026 ag eagraíochtaí le hiarratas a dhéanamh

Image text description

Date: 17 Noll 2025

Táthar ag iarraidh ar úinéirí talún i nDún na nGall 'Cúinne an Ghiorria' a chruthú don dúlra – Tacaíocht Ar Fáil Gan Stró

Tá deis ar leith ag úinéirí talún i gContae Dhún na nGall anois spás a dhéanamh don dúlra ar a gcuid talún. Ón 1 Eanáir go dtí an 18 Eanáir 2026, fáilteofar roimh iarratais ar Chúinne an Ghiorria, tionscadal nuálach bithéagsúlachta arna chomhordú ag Iontaobhas Burrenbeo i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 17 Noll 2025

Maoiniú ar fáil le haghaidh séadchomharthaí seandálaíochta i nDún na nGall

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag glacadh le hiarratais maidir le caomhnú séadchomharthaí seandálaíochta, chuig Ciste na Séadchomharthaí Pobail go dtí 4pm Dé hAoine 30 Eanáir 2026. Tá maoiniú suas le €100,000 ar fáil fá choinne deisiúcháin riachtanacha agus oibreacha caipitil chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus a chóiriú (Sruth 1), suas le €30,000 fá choinne Pleananna Bainistíochta Caomhnaithe nó tuairiscí a dhírítear ar bhearta a aithint chun séadchomharthaí seandálaíochta a chaomhnú agus chun rochtain phoiblí a fheabhsú (Sruth 2) agus suas le €30,000 chun rochtain agus bailchríoch a fheabhsú ag séadchomharthaí seandálaíochta lena n-áirítear rochtain ar líne nó rochtain fhíorúil (Sruth 3). Is tionscnamh de chuid Sheirbhís na Séadchomharthaí Náisiúnta sa Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta i gcomhpháirt le húdaráis áitiúla é Ciste na Séadchomharthaí Pobail.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)