Skip to main content

October

Cnuasach úr Scríbhinní in Ómós do Frances Browne, curtha i dtoll a chéile le Guthanna ó Scríbhneoirí Lagamhairc de chuid na hÉireann

Date: 20 DFómh 2025

Cultúr

Cnuasach úr Scríbhinní in Ómós do Frances Browne, curtha i dtoll a chéile le Guthanna ó Scríbhneoirí Lagamhairc de chuid na hÉireann

Ba i Leabharlann an Dá Bhaile, Srath an Urláir, Dé hAoine seo chuaigh thart, an 10 Deireadh Fómhair, a reáchtáladh seoladh oifigiúil Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight, cnuasach ar leith dánta agus scéalta ina gceiliúrtar an chruthaitheacht atá le fáil i measc scríbhneoirí lagamhairc ar fud na hÉireann. Bhí an seoladh mar chuid d’Fhéile Litríochta Frances Browne, féile a thugann ómós do shaol agus do shaothar Frances Browne, “Banfhile Dall Uladh”.

Agus í ag caint leis an slua a bhí i láthair, thug Donna Cavanagh, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin le Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall, ardmholadh don fhéile seo mar thionscadal ‘a thugann ómós ceart agus cuí do dhuine de na daoine ab éachtaí cultúr as Dún na nGall, agus a thugann deis dúinn an chruthaitheacht atá le fáil i measc scríbhneoirí lagamhairc an lae inniu a chur ar taispeáint’.

Thug Comhairle Contae Dhún na nGall, trína Rannán Cultúir, tacaíocht don tionscadal, agus chuir Éire Ildánach maoiniú ar fáil dó.

Ba í Isla McGuckin, scríbhneoir atá lonnaithe i nDún na nGall, a chuir Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight in eagar, agus reáchtáil sí sraith de sheisiúin scríbhneoireachta ar líne chun tacú leis na scríbhneoirí a gcuid saothair a fhorbairt. Agus í ag caint ag an seoladh, leag Isla béim ar thábhacht na scéalaíochta chun comhbhá agus ceangal daonna a chothú, agus labhair sí faoin doimhneacht, faoin ghreann agus faoin acmhainneacht a léiríodh sna saothair éagsúla.

Bhí cuid de na scríbhneoirí a bhfuil a saothar sa chnuasach i láthair ag an seoladh, fiú cuid acu a bhí i ndiaidh taisteal ó chomh fada ar shiúl le Contae an Chláir le bheith i láthair ag an ócáid. Bhain na haíonna sult as léiriú ceoil leis an chláirseoir Mary Crossin, agus bhí cluas gach duine sa slua gafa agus iad ag éisteacht le Jennifer Doherty ag cur síos ar a cuid eispéiris saoil mar eachtránaí mná lagamhairc.

Ag caint faoi thábhacht an chnuasaigh, dúirt Sinéad Noonan, Leabharlannaí Feidhmiúcháin, an méid seo a leanas:

“Cuireann an cnuasach seo leis an obair thábhachtach a rinne Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall roimhe seo chun oidhreacht Frances Browne a chomóradh. Bhí sé tábhachtach dúinne go léireofaí in Seeing Beyond Light ní amháin cruthaitheacht na scríbhneoirí iad féin ach, lena cois sin, an tiomantas s’againne don inrochtaineacht sa tsochaí. Tá an cnuasach ar fáil i gcló mór, ar fáil go digiteach do léitheoirí scáileáin agus, le tacaíocht ó Radharc Éireann (Vision Ireland), ar fáil mar leagan Braille ar iasacht trí Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall - rud a chinntíonn gur féidir sult a bhaint as ar dhóigheanna éagsúla’.

Tá cóipeanna de Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight ar fáil ar iasacht anois ó Sheirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall. Is féidir leagan digiteach a fháil ar líne chomh maith ag https://www.donegalculture.ie/en/services/libraries/local-history/projects-and-podcasts/ , rud a chinntíonn go mbíonn teacht ag an mhórphobal ar shaothar de chuid scríbhneoirí lagamhairc an lae inniu agus go leantar le hoidhreacht bhródúil Frances Browne.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)