Date: 29 DFómh 2025
#DúnnanGallAbú 2025 – Ómós Domhanda do Dhún na nGall
Ba í #DúnnanGallAbú an rath mhór a chualathas ar fud an domhain Dé Céadaoin, an 10ú lá de mí Meán Fómhair. Ar an lá, cuireadh chun cinn tírdhreacha áille Dhún na nGall, le pobaill as gach choirneáil den Domhain ag roinnt a ngrá do Dhún na nGall thar na meáin shóisialta chun Lá #DúnnanGallAbú 2025 a cheiliúradh.
Bhí feachtas na bliana seo níos mó fós ná riamh, ag teacht ar 109 milliún duine ar fud an domhain, agus ag ardúgo 146.7 milliún thar an deireadh seachtaine. Tá sé ina imeacht bliantúil speisialta a thugann aird ar radharcra iontach Dhún na nGall, ar stair shaibhir agus ar spiorad phobail bríomhar do dhaoine i ngach áit.
Le linn seachtain #DúnnanGallAbú, thaisteail 400 cruthaitheoir as gach coirnéal den domhan go dtí Dhún na nGall ar chuairt, mar chuid de chomhdháil TBEX. Thug a gcuairt buntáistí móra don eacnamaíocht áitiúil agus chabhraigh sí le Dhún na nGall a chur chun cinn do lucht féachana nua. Roinn na cruthaitheoirí seo físeáin, poist agus moltaí iontacha, ag taispeáint an chuid is fearr de na rudaí atá le fáil i nDún na nGall.
Bhain daoine, grúpaí agus gnólachtaí úsáid as ardáin meán sóisialta mar Twitter, Instagram, Facebook, TikTok, Threads, agus LinkedIn chun a ngrá do Dhún na nGall a roinnt leis na haischlibeanna #LoveDonnegal agus #DúnnanGallAbú. Cheiliúiradh siad gach rud Dhún na nGall agus roinn siad pictúirí, físeáin, poisteanna agus scéalta a léiríonn tábhachtach is atá an chontae dóibh.
Ghlac go leor tioncharóirí, asraonta meáin, agus fiú daoine cáiliúla páirt sa feachtas, rud a chuidigh le próifíl Dhún na nGall a ardú ar fud an domhain. Bhí ról mór ag Diaspóra Dhún na nGall thar lear freisin, ag athcheangal lena bhfréamhacha agus ag roinnt áilleacht Dhún na nGall le níos mó daoine fós.
Léiríonn an raoin iontach an feachtas seo ní amháin go bhfuil Dún na nGall ag fás mar cheann scríbe le cuairt a thabhairt air, ach tugann sé borradh mór don eacnamaíocht áitiúil freisin. Leis na tránna áille, na sainchomharthaí stairiúla agus an phobal fáilteach atá ann, léiríonn an feachtas #DúnnanGallAbú gur rogha iontach í Dhún na nGall do dhaoine atá ag lorg saol, gairm, staidéar agus infheistíocht a dhéanamh anseo.
Rinne Comhairle Contae Dhún na nGall comhordú ar Fheachtas #LoveDonegal/#DúnnanGallAbú 2025.
Creideann Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Comhairleoir Paul Cannin, go léiríonn lá #DúnnanGallAbú na naisc láidre atá ag an gcontae ar fud an domhain, agus deir sé gur fianaise é lá #DúnnanGallAbú ar tarraingt buan an chontae: “Líonann sé muid le bród nuair a fheicimid an oiread sin daoine ag ghlacadh páirt sa bhfeachtas seo, chonaic mé poist #LoveDonegal agus #DúnnanGallAbú i ngach áit. Ní amháin gur ceann scríbe í Dhún na nGall le tírdhreacha áille agus a chultúr té, achi is áit chun todhchaí a thógáil - le maireachtáil, le h-obair, le staidéar agus le infheistiú. Tá spiorad láidir inár gcontae, agus tá a chuid féidearthachtaí gan teorainn.”
De réir mar coinníonn Dún na nGall ag bailliú chroíthe daoine ar fud an domhain, is cinnte go bhfuil an pháirt speisialta seo d’Éirinn níos mó tábhachtach ná riamh. Gach bhliain, cuidíonn #DúnnanGallAbú le níos mó daoine an áilleacht agus draíocht lonnaithe i nhún na nGall a fheiceáil, áit a fhanann i gcuimhne i bhfad i ndiaidh duit imeacht. Agus le nadaoine go léir ag ceiliúradh Dhún na nGall, tá rud amháin soiléir: tá an grá don chontae iontach seo ag fás i gcónaí agus ag teacht amach in áiteanna nua.