Skip to main content

October

Ómós do Eileen agus Seán Donaghey ag Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025

Date: 08 DFómh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Ómós do Eileen agus Seán Donaghey ag Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025

Ómós do Eileen agus Seán Donaghey ag Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025
Ómós do Eileen agus Seán Donaghey ag Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025

Beidh Gradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O’Neill ag pilleadh arís don bhliain 2025 in Óstán an Inishowen Gateway i mBun Cranncha Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair ó 6.30pm. Is iad an bheirt dheireanacha a bhfuil muid chun a bpróifíl a chur in bhur láthair roimh shearmanas bronnta 2025 ná Eileen agus Seán Donaghey.

Is as Ráth Seanaigh, Baile Lifín agus Cnoc an Choiligh, Bun Cranncha, ó dhúchas iad Eileen agus Seán ach tá cónaí orthu in Sydney na hAstráile le 34 bliain anuas, áit a bhfuil an-mheas orthu mar cheannairí sa phobal Éireannach agus iad beirt ina n-eiseamláirí den chuid is fearr de Phobal Domhanda na hÉireann. Trína mbialann Mulligans, a bhfuil gradaim buaite aici, chruthaigh siad spás deas fáiltiúil inar soláthraíodh chan amháin bia ach comhluadar agus comharsanacht mhaith do dhaoine a bhí ar deoraíocht óna gceantracha dúchais - iad ag tacú leis na glúnta d'eisimircigh Éireannacha, ag cur chun cinn an chultúir Ghaelaigh agus ag tiomsú na mílte dollar ar son cúiseanna carthanacha ar fud na hÉireann agus na hAstráile. 

Fosclaíodh Mulligans Irish Restaurant in 1994 le tacaíocht ó Daniel O'Donnell agus níor ghlac sé i bhfad go raibh sé ina lárionad cultúrtha in Surry Hills in Sydney. Le fáilteachas croíúil Eileen agus cócaireacht thraidisiúnta Sheáin, soláthraíodh inti sólás agus comhluadar do na sluaite Éireannach a bhí ar imirce, go háirithe iad siúd as Dún na nGall. Agus chuaigh flaithiúlacht Sheáin agus Eileen níos faide ná ballaí na bialainne, sholáthraíodh siad poist, dídean agus comhairle dóibh siúd a bhíodh ag cur tús le saol úr i bhfad i gcéin.

I ndiaidh dóibh a bheith roghnaithe do ghradam 2025 is é a dúirt Eileen agus Seán:

‘Is mór an onóir dúinn a bheith ainmnithe do Ghradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill agus tá gliondar agus lúcháir orainn a bheith ag pilleadh abhaile go Dún na nGall i mí Dheireadh Fómhair i mbliana. Le haitheantas mar seo a fháil san áit ar thosaigh ár n-aistear saoil ann, níl léamh, scríobh ná inse béil ar an méid a chiallaíonn sé sin dúinn beirt’.

Bhí an tionchar mór céanna ag an obair charthanach a rinne siad chomh maith. Ó imeachtaí tiomsaithe airgid agus oícheanta téamaithe go dtí a rannpháirtíocht sa Chóisir Ilsiamsa bhliantúil, chuidigh siad leis na céadta míle dollar a thiomsú do chúiseanna éagsúla, amhail Iontaobhas Aisdúichithe Kevin Bell a fuair €250,000 ó aon imeacht amháin leis féin.

Le linn na paindéime COVID-19, lean siad orthu ag tarraingt daoine le chéile i gcomhluadar trí sheisiúin chócaireachta ar líne agus trí thacaíocht phobail, iad ag cur idir shólás agus chomhluadar ar fáil le linn tréimhse iontach dúshlánach.

I mí Mheithimh 2025, rinne Eileen agus Seán ceiliúradh ar 47 bliain den saol pósta le chéile. Is eiseamláirí iad de spiorad an diaspóra Éireannaigh, rud atá le feiceáil sa dúthracht a léiríonn siad i leith an phobail, an chultúir agus na comhbhá.

Bronnfar an onóir seo ar Eileen agus Seán, i gcomhar lena gcomhbhuaiteoirí 2025 Vincent Keaveny agus Danny Hutton, le linn oíche mhór cheiliúrtha do na daoine sin atá ina n-eiseamláirí den chuid is fearr de phobal diaspóra na hÉireann agus a raibh an-tionchar acu ar phobail ar fud an domhain.

Tá ticéid ar díol ar Eventbrite anois le haghaidh Ghradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025 ag an nasc seo: https://www.eventbrite.ie/e/tip-oneill-irish-diaspora-awards-2025-tickets-1380359936729


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Image text description

Date: 29 DFómh 2025

#DúnnanGallAbú 2025 – Ómós Domhanda do Dhún na nGall

Ba í #DúnnanGallAbú an rath mhór a chualathas ar fud an domhain Dé Céadaoin, an 10ú lá de mí Meán Fómhair. Ar an lá, cuireadh chun cinn tírdhreacha áille Dhún na nGall, le pobaill as gach choirneáil den Domhain ag roinnt a ngrá do Dhún na nGall thar na meáin shóisialta chun Lá #DúnnanGallAbú 2025 a cheiliúradh.

Image text description

Date: 17 DFómh 2025

Ceiliúradh ar Shármhaitheas Domhanda Éireannach ag Óstan Inishown Gateway le Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025

Bhí Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025 ar siúl tráthnóna Dé hAoine in Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha, ag onóiriú ceathrar baill eisceachtúla de phobal domhanda na hÉireann a léiríonn a gcuid éachtaí spiorad agus luachanna buana Diaspóra na hÉireann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)