Skip to main content

October

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Date: 10 DFómh 2025

Pleanáil

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt don togra ‘Páirc Cheathrú na hArdeaglaise’ i Leitir Ceanainn – togra forbartha uirbeach ina ndéanfar páirc nua a fhorbairt chomh maith le Mol Fiontair Cruthaitheach i Lár Baile Leitir Ceanainn.

Tá an togra iontach seo á mhaoiniú tríd an Chiste Athghiniúna agus Forbartha Uirbeach (URDF), togra suaitheanta de chuid Tionscadal Éireann 2040. Sa togra seo, díreofar ar shuíomh tearcúsáide ar thalamh cúil a athfhorbairt. Tá an suíomh seo suite idir Lána na hEaglaise agus Lána Speer, ar chúl na Príomhshráide.

Tá cuireadh ag an phobal bualadh isteach chuig an Chaifé Himiléach ar Lána na hEaglaise ar an 16 Deireadh Fómhair 2025 am ar bith idir 3-8pm le tuilleadh eolais a fháil agus lena gcuid tuairimí a phlé maidir le cad is páirc mhaith uirbeach ann agus cén tábhacht atá le háit oibre chruthaitheach dóibh. Beidh an fhoireann deartha i láthair ar an lá le héisteacht leis na smaointe rud a chuideoidh leis an togra uirbeach seo a threorú agus a fhorbairt.

Rinne an Clr Ciarán Brogan, Méara ar Cheantar Bardasach Leitir Ceanainn-Bhaile na nGallóglach an togra a fhógairt agus dúirt, “Tiocfaidh athrú mór ar an talamh cúil de bharr an togra seo agus déanfar spás glas ilfheidhmeach a fhorbairt do chónaitheoirí agus do chuairteoirí araon. Beidh úsáid bainte as talamh seo nach bhfuil in úsáid faoi láthair agus spreagfar daoine le cónaí agus le húsáid a bhaint as an spás seo ar go leor bealaí, rud a chuirfeas le líon na ndaoine a tharraingeoidh ar an áit, le caiteachas agus le gníomhaíocht i lár ár mbaile. Tá mé ag súil leis an dul chun cinn atá amach romhainn agus molaim do dhaoine, idir óg agus aosta a theacht amach agus a bheith páirteach sa phróiseas comhairliúcháin, an dream óg agus iad sin in earnáil na cruthaitheachta, ina measc”.

Ceapadh Foireann Deartha Chomhtháite thar ceann Chomhairle Contae Dhún na nGall le fís an togra seo a fhíorú, agus le maoirseacht a dhéanamh ar chéimeanna éagsúla an togra -  an dearadh, an próiseas pleanála agus an tógáil. Tá an obair seo faoi stiúir Ailtirí Hall Black Douglas a bhfuil duaiseanna bainte acu, le tacaíocht ón chomhlacht Paul Hogarth atá ina nAiltirí Tírdhreacha agus ina nDearthóirí Uirbeacha. Bhí baint ag an dá dhream seo le Sraitéis Athghiniúna Leitir Ceanainn 2040, straitéis ar bronnadh duaiseanna uirthi.

Dúirt an Príomhailtire Alistair Beckett ó Hall Black Douglas “Tá muid ag dúil leis an togra seo a thabhairt ó choincheap an mháistirphean go togra inláimhsithe, ina ndéanfar páirc a fhorbairt i lár an bhaile atá cuimsitheach, inrochtana agus inmharthana chomh maith le spás oibre d’ealaíontóirí reatha agus dóibh sin a bheidh ag teacht chun cinn; spás a bhfuil géarghá leis. Cuirfidh an Mol Fiontair Cruthaitheach seo go mór leis an phobal cruthaitheach atá i Leitir Ceanainn agus cruthófar spás ina mbeidh leithéidí gailearaí, stiúideo agus spás oibre solúbtha, imeasctha i dtimpeallacht ghlas nuadheartha i lár an bhaile a bhfuil tírdhreachú déanta uirthi”.

Dúirt Eamonn Brown, Stiúrthóir Gníomhach Seirbhísí Forbartha Pleanála & Pleanála, “Tá an togra uirbeach seo mar chuid de Straitéis Athghiniúna Leitir Ceanainn 2040 atá faoi stiúir na Comhairle, agus tá sé lárnach i bhfeabhsú Cheathrú na hArdeaglaise. Tógfaidh sé ar réimse de thograí leanúnacha atá ar bun sa réimse poiblí, macasamhail an obair athchóirithe stairiúil atá ar bun ar Lána na hEaglaise agus an athfhorbairt ag Cearnóg an Mhargaidh. Lena chois sin, cuirfidh an togra seo leis na háiseanna cultúrtha atá ar an bhaile cheana féin, leithéidí An Grianán agus an tIonad Cultúrtha Réigiúnach. Fuair an Chomhairle talamh gar do Lána na hEaglaise mar chuid den togra níos leithne agus leanfaidh an Fhoireann Athghiniúna leis an phlé le húinéirí talaimh agus le páirtithe leasmhara chun tuilleadh talaimh a fháil agus chun a chinntiú go gcuirfear an togra URDF seo a ceadaíodh, i gcrích’.

Tá Foireann Athghiniúna & Forbartha Chomhairle Contae Dhún na nGall ag tabhairt cuireadh duit a bheith rannpháirteach ar roinnt bealaí:

De réir mar a théann an togra ar aghaidh, beidh tuilleadh deiseanna ann le bheith rannpháirteach sa togra.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 Samh 2025

Leitir Ceanainn – Ag Infheistiú sa Todhchaí Imeacht Eolais don Phobal

Beidh Imeacht Eolais don Phobal á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) ar an Chéadaoin 19 Samhain 2025 chun eolas a thabhairt faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí atá beartaithe do Leitir Ceanainn sna blianta beaga amach romhainn.

Image text description

Date: 14 DFómh 2025

Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”

Image text description

Date: 10 DFómh 2025

Páirc Cheathrú Na hArdeaglaise

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall próiseas comhairliúcháin phoiblí a fhógairt don togra ‘Páirc Cheathrú na hArdeaglaise’ i Leitir Ceanainn – togra forbartha uirbeach ina ndéanfar páirc nua a fhorbairt chomh maith le Mol Fiontair Cruthaitheach i Lár Baile Leitir Ceanainn.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)