Skip to main content

October

Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, seolta i nDún na nGall

Date: 08 DFómh 2025

Bóithre

Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, seolta i nDún na nGall

·       In 2024, chaill 17 duine a mbeatha ar bhóithre i nDún na nGall, agus bhain drochghortuithe do 55 eile.

·       Go dtí seo i mbliana, chaill deichniúr a mbeatha ar bhóithre i nDún na nGall, agus bhain drochghortuithe do 28 eile.

·       D’fhreastail scoláirí as gach Meánscoil i gCo. Dhún na nGall – 2,700 scoláire ina iomláine, ar Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall le dhá lá anuas.

Tá 85% níos mó de sheans go mbeidh timpiste bhóthair ag tiománaí og i gcomparáid le tiománaí níos sine. Is iad na cúiseanna is mó atá le timpistí bóthair ná luas, easpa taithí agus tiománaithe ag díriú a n-aird ar rudaí eile. *De réir thaifid ón Gharda Síochána, gearradh fíneálacha ar 18,305 tiománaí go dtí seo as fón póca a úsáid agus iad ag tiomáint agus baineann 184 acu sin le Dún na nGall.

Mar chuid de na hiarrachtaí dul i ngleic leis an mhórfhadhb seo, sheol AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall Seó Sábháilteachta Bóthair i nDún na nGall, a thug 2,700 scoláire Idirbhliana le chéile as gach Meánscoil sa Chontae agus reáchtáladh imeacht sábháilteachta ar bhóithre san Aura i Leitir Ceanainn – imeacht a bhí cumhachtach agus tochtmhar.

Meabhrúchán Ionraic do Thiománaithe Óga

Seo an 17ú bliain den Seó Sábháilteachta Bóthair a bheith ar siúl agus déantar é a reáchtáil i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, An Garda Síochána agus seirbhísí éigeandála chun léiriú lom ach fíor a thabhairt ar na contúirtí a bhaineann lenár mbóithre.

Mar chuid den imeacht bhí:

🚗  Athléiriú ar oíche amuigh a raibh tragóid mar dheireadh uirthi – a léiríonn an drochéifeacht a bhíonn ag tiomáint fhíorchontúirteach.
🚨 Cuntais phearsanta ó fhreagróirí éigeandála a mbíonn orthu déileáil le básanna ar bhóithre.
🎤 Rachel Elliott, duine a tháinig slán as timpiste bhóthair i mBun Dobhráin in 2018 ach ar maraíodh beirt chairde léithe sa timpiste. Bhí seisear sa charr a bhí ag gluaiseacht ag 120 km/u sular bhuail sé balla. Caitheadh cúigear amach as cúlfhuinneog an chairr dá bharr.
🎤 Bernadette Rice, ar cailleadh leathchúpa léi Clarice go tragóideach i dtimpiste bhóthair in 2019. 

Tá Seó Sábháilteachta Bóthair AXA ann leis an chéad ghlúin eile de thiománaithe óga a spreagadh le machnamh gníomhach  a dhéanamh ar a thábhachtaí is atá sábháilteacht ar bhóithre agus an éifeacht a bhíonn ag na nithe seo leanas orthu féin agus ar dhaoine eile: tiomáint chontúirteach, tiomáint róghasta, úsáid substaintí agus tiomáint nuair atá aird an tiománaí dírithe ar rud inteacht eile.

Ag labhairt dó ag seoladh an tseó i nDún na nGall, dúirt Mick Comerford, Stiúrthóir Miondíola AXA, “Do thiománaithe óga i nDún na nGall, is sprioc mhór í bheith taobh thiar den roth den chéad uair agus foghlaim le tiomáint. Leis an neamhpleáchas breise seo, caithfidh tú freagracht a ghlacadh agus tiomáint go sábháilte ar mhaithe leat féin agus le daoine eile a úsáideann an bóthar.

Tá Seó Sábháilteachta Bóthair AXA dírithe ar dhaoine óga atá ar tí foghlaim le tiomáint agus tugtar cuntais oscailte agus ionraice ar an dóigh ar féidir le tiomáint chontúirteach beatha daoine a scrios.”

Thug Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G. McLaughlin le fios “Is Seó Bóthair é seo a théann i bhfeidhm ar dhaoine agus a bhfuil go leor eolais le fáil ann. Is deis thábhachtach í le daoine óga a ghríosú lena machnamh a dhéanamh ar an dóigh a mbaineann siad féin úsáid as an bhóthar mar thiománaithe, mar phaisinéirí, mar choisithe, agus mar rothaithe. Thig le tiomáint róghasta, tiomáint faoi thionchar an óil agus/nó drugaí, tiomáint chontúirteach agus tiomáint nuair atá aird an tiomanaí dírithe ar rud inteacht eile drochéifeacht a bheith acu ar an tiománaí agus ar dhaoine eile a úsáideann an bóthar. Trí cheangal díreach a chothú le scoláirí, cuireann an Seó Sábháilteachta Bóthair béim arís eile ar an tábhacht a bhaineann le roghanna atá sábháilte agus freagrach a dhéanamh. Gabhaim mo mhíle buíochas leis na cainteoirí. Chuir a gcuid scéalta ar ár gcumas an t-imeacht seo a reáchtáil.”

Beidh Seó Sábháilteacht Bóthair AXA ar siúl in ionaid i mBaile Átha Cliath Thuaidh agus i gCiarraí idir seo agus deireadh na bliana. Le haghaidh tuilleadh eolais, téigh chuig www.axa.ie


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 DFómh 2025

Béim mhór curtha ar Shábháilteacht ar Bhóithre ag Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall

D’fhreastail breis agus 2500 scoláire Idirbhliana agus 5ú bliana ó scoileanna ar fud Dhún na nGall ar ‘Seó Sábháilteachta Bóthair AXA’ i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall ar an Mháirt agus ar an Chéadaoin 7 & 8 Deireadh Fómhair in Ionad Fóillíochta Aura, Leitir Ceanainn.

Image text description

Date: 08 DFómh 2025

Seó Sábháilteachta Bóthair AXA i gcomhpháirtíocht le Comhairle Contae Dhún na nGall, seolta i nDún na nGall

Tá 85% níos mó de sheans go mbeidh timpiste bhóthair ag tiománaí og i gcomparáid le tiománaí níos sine. Is iad na cúiseanna is mó atá le timpistí bóthair ná luas, easpa taithí agus tiománaithe ag díriú a n-aird ar rudaí eile. *De réir thaifid ón Gharda Síochána, gearradh fíneálacha ar 18,305 tiománaí go dtí seo as fón póca a úsáid agus iad ag tiomáint agus baineann 184 acu sin le Dún na nGall.

Image text description

Date: 12 Lún 2025

Glasbhealach An Carraigín go Leifear - Comhairliúchán Poiblí 3

Tugann Comhairle Contae Dhún na nGall, le cúnamh taca ó Bhonneagar Iompair Éireann, cuireadh do dhaoine a bhfuil cónaí orthu sa cheantar, do dhaoine den phobal agus do pháirtithe ar spéis leo an t-ábhar, páirt a ghlacadh sa tríú comhairliúchán poiblí neamhreachtúil ar na Roghanna don Chonair Bhealaigh is Dealraithí a Roghnófar do Thionscadal Ghlasbhealach, An Carraigín go Leifear.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)