Date: 14 DFómh 2025
Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”
D’fháiltigh Cathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott roimh fhoilsiú Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail agus ghabh sé buíochas leis an Chomhairleoir Farren as tacú leis an tionscadal agus as an ghéarghá a bhí le straitéis athghiniúna do Bhun an Phobail a bhrú chun tosaigh. Mhol sé saothar Dearadh GM a rinne comhairliúchán poiblí a reáchtáil agus plean a chur le chéile a bheas ina threoir ag iarratais a chuirfear isteach do chistiú tionscadail sa bhaile amach anseo.
Dúirt an Comhairleoir Farren go bhfuil lúcháir air go bhfuil plean gníomhaíochta ann do Bhun an Phobail a chuirfeas le fás agus forbairt agus le hinfheistíocht sa bhaile. Is mór an cuidiú a bheas ann le maoiniú a fháil don phríomhaidhm atá ann – is é sin lár baile atá beo agus bríomhar a chruthú.
Rinne an Roinn Forbartha Tuaithe & Pobail maoiniú ar an tionscadal seo faoin Scéim Athnuachana Bailte agus Sráidbhailte. Is féidir súil a chaitheamh ar an Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta ar shuíomh gréasáin Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ag an nasc thíos:
Tá sí ar fáil don phobal le linn gnáthuaireanta oscailte sna háiteanna seo a leanas:
- Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach, An Phríomhshráid, Carn Domhnach.
-
An Deasc Fáilte, Comhairle Contae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear.