Date: 01 DFómh 2025
Vincent Keaveny ainmnithe chun Gradam Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025 a fháil

Is le bród a fhógraíonn Comhairle Contae Dhún na nGall go bhfuil An Bardasach Vincent Keaveny CBE ar an dara duine ar a mbronnfar Gradam Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025 i mbliana. Beidh searmanas gradam na bliana seo ar siúl in Óstán an Inishowen Gateway, Bun Cranncha Dé hAoine 17 Deireadh Fómhair.
As Baile Átha Cliath ó dhúchas dó, agus fréamhacha doimhne aige le Dún na nGall, ba é Vincent Keaveny an chéad duine a rugadh in Éirinn a ceapadh ina Ard-Mhéara ar Londain. Bhí sé san oifig sin idir 2021/22. Is dlíodóir céimiúil agus ceannaire poiblí é a bhfuil blianta fada caite aige ag cur chun cinn na hionchuimsitheachta, an airgeadais inbhuanaithe agus na héagsúlachta soch-eacnamaíochta ar fud na hearnála seirbhísí airgeadais sa RA. Sa bhliain 2023, bronnadh an CBE air as an méid oibre a rinne sé ar son na héagsúlachta soch-eacnamaíochta, ar son caidrimh Bhriotanacha-Éireannacha agus ar son Chathair Londan.
Ba é ‘Daoine agus Diongbháilteacht’ an téama ardmhéarachta a bhí ag Vincent, téama inar leagadh béim ar iomaíochas domhanda an RA i réimse an Rialachais Chomhshaoil agus Shóisialta agus san airgeadas inbhuanaithe, agus san am céanna ag cur chun cinn na soghluaiseachta sóisialta agus na héagsúlachta. Bhí sé ar thús cadhnaíochta i dtionscnaimh amhail an chéad Chruinniú Mullaigh i dtaca le Geilleagar Neodrach a Sheachadadh agus an clár oibre Airgeadas le haghaidh Tionchair, agus tá sé go fóill ina chathaoirleach ar Progress Together, comhlacht ballraíochta a chuireann an éagsúlacht shoch-eacnamaíochta chun cinn sna seirbhísí airgeadais.
Agus é ag caint i ndiaidh dó a bheith roghnaithe don ghradam in 2025, bhí an méid seo a leanas le rá ag Vincent Keaveny:
“Mar mhac ag fear as Dún na nGall, agus mar an chéad duine a rugadh in Éirinn a bhí san oifig stairiúil sin mar Ard-Mhéara ar Londain, tá lúcháir orm go bhfuil Gradam Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Néill 2025 á bhronnadh orm i mbliana. Déanann an Gradam seo nasc agus ceangal idir áit sa domhan atá fíorthábhachtach domhsa agus do mo mhuintir agus leis an obair a bhí ar bun agam i Londain le blianta beaga anuas mar bhall de phobal an diaspóra. Tá sé go hiontach a bheith ar ais i nDún na nGall arís leis an aitheantas speisialta seo a fháil.’
Is céimí de chuid An Choláiste Ollscoile, Baile Átha Cliath agus Choláiste na Tríonóide, Baile Átha Cliath, é Vincent, agus tá sé aitheanta agus roghnaithe mar Alumnus Dlí na Bliana ag COBÁC. Tá teidil onóracha aige ó institiúidí éagsúla, ina measc Gray's Inn agus City St. George's, Ollscoil Londan, mar a bhfuil sé ina Ollamh Onórach Cuartaíochta. Clúdaíonn a chuid oibre poiblí go leor réimsí éagsúla, amhail eagraíochtaí cultúrtha, oideachasúla agus carthanacha, rud a léiríonn a dhúthracht fad saoil i dtaca le seirbhís phoiblí agus rud atá ina eiseamláir den chuid is fearr de spiorad ár bPobail Éireannaigh Dhomhanda.
Is ar an 17 Deireadh Fómhair, in Óstán an Inishowen Gateway, Bun Cranncha, a bhronnfar an onóir seo ar Vincent Keaveny i gcomhar le triúr eile a bhfuiltear leis an ghradam a bhronnadh orthu in 2025, mar atá Danny Hutton, Eileen Donaghey agus Seán Donaghey - gach duine acu ina n-eiseamláir de spiorad agus de thionchar an diaspóra Éireannaigh.
Tá ticéid ar díol ar Eventbrite anois le haghaidh Ghradaim Dhiaspóra na hÉireann Tip O'Neill 2025: www.eventbrite.ie/e/tip-oneill-irish-diaspora-awards-2025-tickets-1380359936729.