Skip to main content

October

Vital Voices: Oíche lán le léirithe Idirchultúrtha trí Fhocail, Scéalta & Amhráin

Date: 15 DFómh 2025

Cultúr

Vital Voices: Oíche lán le léirithe Idirchultúrtha trí Fhocail, Scéalta & Amhráin

Tionscadal de chuid Éire Ildánach arna thacú ag Comhairle Contae Dhún na nGall & ChangeMakers Dhún na nGall

Dé Máirt 21 Deireadh Fómhair 

8pm // Pictiúrlann Bhun Cranncha Inis Eoghain. Cead Isteach: SAOR IN AISCE

icéid de dhíth Le fáil ó Phictiúrlann Bhun Cranncha

Tá Vital Voices ag tabhairt ealaíontóirí ceannródaíocha le chéile ó áiteanna ar fud na hÉireann agus níos faide i gcéin - filí, drámadóirí, taibheoirí agus scéalaithe, atá ag múnlú cúrsaí cultúir agus comhrá trína gcuid saothar. Cruthaíonn an teacht le chéile faoi leith seo spás pearsanta ina dtagann guthanna, disciplíní agus eispéiris saoil éagsúla le chéile chun peirspictíochtaí úra a léiriú a bhaineann le féiniúlacht, le muintearas agus leis an domhan atá á thógáil againn le chéile. 

Is féidir leis an lucht féachana a bheith ag súil le filíocht chumhachtach, le doimhneacht cheoil, le scéalaíocht dhána agus le ceiliúradh ar chruthaitheacht idirchultúrtha. Fréamhaithe sa phobal agus múnlaithe ag gluaiseacht, ag cuimhne agus ag miotas, is eispéireas comhroinnte ceangail, éisteachta agus corraitheach é Vital Voices.

Tá an tionscadal seo á chur i láthair ag Oifig Ealaíon Chomhairle Contae Dhún na nGall, ChangeMakers Dhún na nGall agus arna thacú ag Éire Ildánach.

Léirithe le:

Eoghan Ó Ceannabháin – Tógadh é le Gaeilge i mBaile Átha Cliath. Is amhránaí, cumadóir amhrán agus il-uirliseoir é a bhfuil a chuid ceoil fréamhaithe go domhain i dtraidisiún an tsean-nóis. Eisíodh a chéad albam aonair The Deepest Breath i mí na Samhna 2022 agus fuair sé moladh mór ó na léirmheastóirí. Bhuaigh sé dhá Ghradam Ceoil RTÉ in 2023 don Amhránaí is Fearr agus don Traic  Bunaidh is Fearr. Is ceoltóir uirlise an-chumasach é, amhránaí ar an Sean-Nós agus gníomhaí polaitiúil chomh maith le bheith ina iarrthóir do Phobal Seachas Brabús i Lárchathair Thuaisceart Bhaile Átha Cliath. Le deich mbliana anuas, tá Eoghan ina ghníomhaí sóisialta ina chuir sé feachtais ar bun, leithéidí tithíocht, saincheisteanna comhshaoil, ag troid i gcoinne ciníochais, ag seasamh an fhóid dóibh siúd atá i Soláthar Díreach, cearta oibrithe agus dlúthpháirtíocht leis an Phalaistín.

Aziz Abushark  –  Is ceoltóir Palaistíneach/Éireannach é ina bhfuil meascán de thionchair thraidisiúnta na Palaistíne agus fuaimeanna comhaimseartha ina chuid saothair. Cruthaíonn sé ceol a thagann le stíleanna oidhreachta agus nua-aimseartha araon. Cosúil lena athair Asad, cuireann Aziz a phaisean don scéalaíocht in iúl trí úsáid a bhaint as fuaim.

An Dr Asad Abushark  –  is acadóir, scríbhneoir, file agus urlabhraí cearta daonna as an Phalaistín é. Is ollamh le hAistriúchán agus le Teangeolaíocht in Ollscoil Gaza é agus tá sé ina urlabhraí don Chumann Múinteoirí Ollscoile sa Phalaistín. Le fada an lá, tá sé gníomhach i bhfeachtais idirnáisiúnta ar son an cheartais agus an chirt fillte. Tá an Dr. Abushark ag cur faoi in Éirinn anois agus bíonn sé ag léachtóireacht, ag scríobh agus ag caint go forleathan ar stair agus ar chultúr na Palaistíne agus ar chearta daonna.

Denise Blake –  Is file, scríbhneoir agus áisitheoir sa scríbhneoireacht chruthaitheach í agus tá dhá bhailiúchán filíochta foilsithe ag Preas Summer Palace (Take a Deep Breath agus How to Spin Without Getting Dizzy). Bíonn sí i mbun ceardlanna go rialta i scoileanna agus le daoine fásta, agus tá saothair léite aici in ionaid ar nós Ionad Scríbhneoirí na hÉireann, Ó ‘Bhéal, agus Over the Edge. Bíonn sí le cloisteáil ar an chlár Sunday Miscellany ar RTÉ Raidió 1, agus tá a saothar le fáil i gcúig cinn de chnuasaigh an chláir. Tá MA sa Scríbhneoireacht Chruthaitheach bainte amach aici agus tá saothar foilsithe go forleathan aici, lena n-áirítear This Landscape’s Fierce Embrace. Tá a saothar aistriúcháin le feiceáil i Selected Poems Seán Ó Ríordáin. Is í Denise coimeádaí liteartha Fhéile Bhá Dhún na nGall agus na gCruacha Gorma fosta.

Keith Corcoran – Seanchaí traidisiúnta, údar agus treoraí turas idirnáisiúnta de bhunadh Dhún na nGall. Bailíonn agus déanann sé finscéalta, béaloideas agus scéalta a bhaineann le hÉirinn a aithris. Tá go leor acu le fáil ina chuid leabhar Mysteries and Legends of Donegal agus Finding Fairy Mysteries in Donegal. Bíonn Corcoran i mbun turais le grúpaí beaga in Éirinn chomh maith agus cuireann sé béim ar thurasóireacht inbhuanaithe trína chuid oibre le scoileanna áitiúla agus le tionscadal measartha foraoise báistí.

Anne Omodara – Is file ón Nigéir í atá ag teacht chun cinn agus atá ag cur fúithi  i nDún na nGall. Tá Anne tar éis a cuid saothair a léiriú ar fud Dhún na nGall, lena n-áirítear Mela Dhún na nGall 2024 agus an Cabaret Idirchultúrtha in Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn.

Tionscadal EMBRACE - comhoibriú cultúrtha trasteorann arna fhorbairt ag Comhpháirtíocht Chultúrtha an Iarthuaiscirt, i gcomhar le Comhpháirtíocht Forbartha Inis Eoghain, agus arna mhaoiniú faoin Chiste Idirnáisiúnta d'Éirinn. Díríonn an tionscadal ar naisc bhuana, fhiúntacha a bhunú idir pobail trasna na teorann trí chruthaitheacht agus trí eispéiris chultúrtha chomhroinnte


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 16 DFómh 2025

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am

Beidh an tSeachtain um Ghníomhú ar son na hAeráide á ceiliúradh i Lárleabharlann, Leitir Ceanainn ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair ag 11.00am. Is mór ag an ghrúpa Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn agus Comhairle Contae Dhún na nGall bheith i mbun rannpháirtíochta le Michelle Murphy ón Choimisiún um Aistriú Cóir le haghaidh ceardlann ar Chéad Tuarascáil an Choimisiúin Eorpaigh maidir le hAthrú Aeráide.

Image text description

Date: 16 DFómh 2025

Sos a Ghlacadh do Shláinte Chruthaitheach agus Folláine Trasteorann

Bhí an tIonad Cultúrtha Réigiúnach, Leitir Ceanainn, ina chíor thuathail de ghníomhaíocht chruthaitheach ar an Chéadaoin 15 Deireadh Fómhair ag léiriú cur chuige bríomhar, dírithe ar an tsláinte, trasteorann i leith na folláine. Tháinig rannpháirtithe ó Dhún na nGall agus ó cheantar Chathair Dhoire agus an tSratha Bháin le chéile ar feadh lae ag ceiliúradh meabhairshláinte dhearfach trí lionsa cruthaitheach.

Image text description

Date: 15 DFómh 2025

Vital Voices: Oíche lán le léirithe Idirchultúrtha trí Fhocail, Scéalta & Amhráin

Tionscadal de chuid Éire Ildánach arna thacú ag Comhairle Contae Dhún na nGall & ChangeMakers Dhún na nGall Dé Máirt 21 Deireadh Fómhair 8pm // Pictiúrlann Bhun Cranncha Inis Eoghain. Cead Isteach: SAOR IN AISCE Ticéid de dhíth Le fáil ó Phictiúrlann Bhun Cranncha

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)