Skip to main content

September

An banna ceoil Three Dog Night le ceol mar chuid den cheiliúradh ag Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill i mBun Cranncha

Date: 15 MFómh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

An banna ceoil Three Dog Night le ceol mar chuid den cheiliúradh ag Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill i mBun Cranncha

Is mór ag Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall – Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go mbeidh an banna rac mór le rá Three Dog Night ag ceol i mBun Cranncha, agus go bhfuil breis ceolchoirmeacha beartaithe acu i mBaile Átha Cliath agus i mBéal Feirste an fómhar seo. 

Tá an mórimeacht seo ag teacht le searmanas bronnta Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill, ina mbeidh gradam á bhronnadh ar Danny Hutton, duine de bhunaitheoirí agus príomhamhránaí an bhanna ceoil arbh as Bun Cranncha ó dhúchas dó. Tá an searmanas le bheith ar siúl ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair 2025, in Óstán Gateway Inis Eoghain. 

Bhí Bun Cranncha ar cheann de na bailte a roghnaíodh faoi Chlár Píolótach Gheilleagar na hOíche de chuid an Rialtais in 2024 agus léiríonn sé seo an choimitmint atá tugtha ag an bhaile seo chun deiseanna fuinniúla, cuimsitheacha atá saibhir ó thaobh an chultúir de, a chur ar fáil san oíche. Is sampla í an tsraith de léirithe seo ar fhís an tionscadail — le ceol, mórtas pobail, agus beocht gheilleagrach a chothú i gcroílár Bhun Cranncha.

Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Paul Canning: “Is cúis mhór bhróid do Bhun Cranncha agus do Dhún na nGall é go mbeidh Danny Hutton agus Three Dog Night ag filleadh orainn. Ní hamháin gur ceiliúradh é ar na héachtaí idirnáisiúnta atá bainte amach ag Danny, ach is dea-shampla é den dóigh ar féidir lenár dTionscadal Geilleagair Oíche beocht, cultúr agus ceol a chothú i gcroílár ár bpobail. Lena mhacasamhail de bhanna ceoil clúiteach ag teacht go Bun Cranncha, léiríonn sé an uaillmhian atá againn imeachtaí oíche a reáchtáil sa bhaile, agus fágfaidh sé lorg muiníne maidir leis an méid gur féidir le pobal Bhun Cranncha a bhaint amach.”

Dúirt Sophie Gallagher, Comhairleoir le Geilleagar Oíche Bhun Cranncha: “Is léiriú é an t-imeacht seo ar a bhfuil Clár Píolótach Gheilleagar na hOíche bunaithe: cuimhní cinn a chruthú agus deiseanna cuimsitheacha a chur ar fáil do dhaoine agus iad a ghríosú lena mbealach a dhéanamh isteach go dtí an baile san oíche. Ó tharla go mbeidh Danny Hutton ag filleadh ar a bhaile dúchais le Three Dog Night, tá muid ag súil go mbeidh tionchar aige sin ar an phobal agus ar ghnólachtaí — go smaoineoidh siad faoi na féidearthachtaí atá ann don bhaile san oíche. Beidh an mórimeacht seo ar siúl i bPictiúrlann Bhun Cranncha; foirgneamh stairiúil atá suite i gcroílár an bhaile agus táthar ag súil go mbeidh sé ina ionad ceoil amach anseo.”

Tá ticéidí ar díol anois ar Tickets.ie ag an nasc thíos:

Tickets.ie Ireland - Tickets.ie - Information For Event Three Dog Night


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)