Date: 18 MFómh 2025
An Craoltóir agus an Ceoltóir Doireann Ní Ghlacáin le bheith ina bean an tí ag Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025
Is mór ag lucht eagraithe Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill a fhógairt go mbeidh an craoltóir, ceoltóir agus an bhean léinn Doireann Ní Ghlacáin ina bean an tí ag searmanas bronnta na bliana seo a bheas ar siúl ar an Aoine 17 Deireadh Fómhair 2025 in Óstán Gateway Inis Eoghain, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall.
Tá seo ar cheann de na hócáidí diaspóra is mó in Éirinn, áit a dtugtar aitheantas do dhaoine aonair arbh as an tír seo ó dhúchas dóibh, a bhfuil cuid mhór déanta acu ina réimsí féin agus a chuimsíonn spiorad an phobail, na hoidhreachta agus ceangal domhanda chomh maith. Déanann na Gradaim ceiliúradh ar “Tip” O’Neill, Iarurlabhraí i dTeach na nIonadaithe sna Stáit Aontaithe, ach arbh as Dún na nGall dá mhuintir, gné a bhí lárnach ina choimitmint d’Éirinn. Is mórócáid chultúrtha i nDún na nGall é searmanas bronnta na ngradam.
Beidh searmanas na bliana seo faoi stiúir Dhoireann Uí Ghlacáin a bhfuil fuinneamh ar leith agus mealladh na ndaoine inti. Tá aithne leitheadach uirthi ó na meáin Éireannacha, go háirithe don teacht i láthair éagsúil atá aici ar RTÉ Raidió 1, TG4, agus RTÉ. Is duine de láithreoirí How To Gael í - podchraoladh a bhfuil ráchairt mhór air. Bhí sí ar dhuine de láithreoirí an chláir Fleadh Cheoil na hÉireann i Loch Garman le gairid, ina raibh a croíúlacht agus greann léirithe sa léargas a thug sí ar an cheiliúradh ceoil agus fosta sa chion atá aici ar cheol agus ar chultúr na hÉireann.
Is cainteoir líofa Gaeilge í agus duine atá in hurlabhraí paiseanta don Ghaeilge. Eascraíonn a slí bheatha as an chultúr, as an scéalaíocht, agus as léirithe. Tá an ceol traidisiúnta go smior inti, mar cheoltóir agus mar bhean léinn. Déanann sí an cruinneas acadúil a fhí le bua nádúrtha na cumarsáide atá aici. Bíonn sí ag obair le stair shaibhir chultúrtha na hÉireann a cheangal le hÉirinn an lae inniu atá ag athrú de shíor; rud atá ar nós droichead idir na glúnta agus a chinntíonn go bhfuil fáil ag daoine sa bhaile agus thar lear ar oidhreacht bheo na tíre.
Tá ceangal láidir ag Doireann le Dún na nGall. Ba as an chontae dá sinsir. Luíonn sé le ciall go mbeadh sí ina bean an tí ag Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill.
Ag labhairt di faoina ról, dúirt Doireann:
“Is mór an onóir dom cuireadh a fháil le bheith i mbun ócáid bhronnta Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill, ócáid a dhéanann ceiliúradh ar an mhórthionchar a bhíonn ag Éireannaigh ar phobail ar fud an domhain ach mar sin féin, go gcothaíonn siad dlúthcheangal le pobal Dhún na nGall go fóill. Ba as Dún na nGall do mo mhuintir agus is duine mé atá iontach paiseanta faoin teanga, faoin chultúr agus faoin scéalaíocht. Tá mé ag súil le ceiliúradh a dhéanamh ar bhuaiteoirí na ngradam seo agus an bród a bhaineann le bheith i d’Éireannach sa lá atá inniu ann, a roinnt leo.”
Cuirfidh Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill arna thacú ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill fáilte roimh dhaoine mór le rá as Éirinn agus thar lear, ina measc; ionadaithe polaitiúla, gnó, cultúrtha, agus léinn. Déanfar cur síos ar na héachtaí a bhain buaiteoirí na bliana seo amach agus cuirfear béim ar na ceangail leanúnacha a chothaítear idir Éire agus a diaspóra ar fud an domhain.
Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr. Paul Canning fáilte roimh an fhógra:
“Tá lúcháir mhór orainn go mbeidh Doireann Ní Ghlacáin ina bean an tí ag gradaim 2025. Is sampla í den méid a sheasann an diaspóra dó — tallann, cruthaitheacht, ceangal oidhreachta, agus an cumas daoine a thabhairt le chéile. Ó tharla go bhfuil baint ag a teaghlach le Dún na nGall agus go bhfuil bua na cumarsáide aici, oireann an ról seo ag an ócáid cheiliúrtha i mBun Cranncha go mór di.”
Beidh searmanas bronnta Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025 ar siúl ar an Aoine, 17 Deireadh Fómhair in Óstán Gateway Inis Eoghain, Bun Cranncha, Co. Dhún na nGall, ag 6.30pm. Tá roinnt ticéidí fágtha ar Eventbrite go fóill.