Skip to main content

September

Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh le Seoladh

Date: 30 MFómh 2025

Oidhreacht

Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh le Seoladh

In Óstán Impiriúil Dorrian le linn cuairt a tugadh ar Bhéal Átha Seanaidh le gairid tá baill d'Fhoireann Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn agus ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Ghrúpa Athghiniúna Bhéal Átha Seanaidh
In Óstán Impiriúil Dorrian le linn cuairt a tugadh ar Bhéal Átha Seanaidh le gairid tá baill d'Fhoireann Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn agus ionadaithe ó Chomhairle Contae Dhún na nGall agus ó Ghrúpa Athghiniúna Bhéal Átha Seanaidh

Seolfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh in Ionad na Mainistreach, Sráid Thír Chonaill, Béal Átha Seanaidh ag 6pm ar an Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair.

Bunaíodh Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn (IHTA) leis an fhorbairt thopagrafach i roinnt bailte in Éirinn a thaifeadadh. Rinne an Dr. Angela Byrne taighde ar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh agus chuir sí deireadh i gceann a chéile, agus déanfaidh sí cur i láthair dar teideal ‘Hidden Histories: Vanished Traces of Ballyshannon’s Past’ mar chuid den seoladh. Seolfaidh an Dr. Easkey Britton, éiceolaí sóisialta as Ros Neamhlach, an t-atlas.

Is as Contae Dhún na nGall ó dhúchas d’údar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh, an staraí Dr. Angela Byrne. Oibríonn sí le Foclóir na Beathaisnéise Éireannaí, tar éis di a bheith ag obair in ollscoileanna in Éirinn, sa Bhreatain agus i gCeanada roimhe seo. Tá sí i ndiaidh go leor a fhoilsiú agus taispeántais a dhéanamh ar stair áitiúil Dhún na nGall, ar stair an taistil agus na taiscéalaíochta, ar stair na mban agus diaspóra na hÉireann. Ag machnamh ar thábhacht an tionscadail seo, dúirt Sarah Gearty, Eagarthóir Bainistíochta agus Cartagrafach le hAtlas na mBailte Stairiúla in Éirinn “Is áit ar leith i stair na hÉireann é Béal Átha Seanaidh, é mar lárionad a bhfuil tábhacht straitéiseach, saibhreas cultúrtha agus beocht tráchtála ag baint leis. San atlas seo, tá sé mar aidhm againn cuntas a thabhairt ar na forbairtí éagsúla sa bhaile leis na céadta bliain agus iad a chur i láthair, ag baint úsáide as léarscáileanna agus fianaise stairiúil chun stair an bhaile a thabhairt chun beochta. Tá an tionscadal tar éis leas mór a bhaint as scoláireacht Angela Byrne agus is mór againn blianta fada de thaighde, de mhapáil agus de chomhoibriú a cheiliúradh tríd an fhoilsiú seo le Béal Átha Seanaidh, baile atá fréamhaithe go domhain in oidhreacht Chontae Dhún na nGall, atá anois ag déanamh ionadaíochta ar an bhaile is faide siar ó thuaidh a foilsíodh sa tsraith atlas ní hamháin ar oileán na hÉireann, ach i gclár níos leithne d’Atlas na mBailte Stairiúla san Eoraip.”

Bhunaigh an Coimisiún Idirnáisiúnta um Stair na mBailte, an tionscadal Eorpach ‘Atlas na mBailte Stairiúla’ sa bhliain 1955 le spiorad an athmhuintearais i ndiaidh an scrios millteanach a rinneadh ar bhailte na hEorpa le linn an Dara Cogadh Domhanda. Is é an aidhm ná sraith d’atlas de na bailte stairiúla ar bhonn náisiúnta a fhoilsiú chun tuigbheáil níos fearr ar fhréamhacha coitianta na hEorpa a chothú trí staidéir chomparáideacha ar thopagrafaíocht bhailte réamh-nua-aimseartha san Eoraip a dhéanamh níos fusa. Ó shin i leith, tá atlas de bhreis is 620 baile agus cathair i bhfiche tír san Eoraip foilsithe.

“Mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta úr Chontae Dhún na nGall, bhí Rannóg Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall sásta tacú leis an fhoilseachán Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn do Bhéal Átha Seanaidh” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tá stádas ar leith ag Baile Átha Seanaidh sa chontae maidir le tionscadal Atlas na mBailte Stairiúla sa mhéid is gurb é an t-aon bhaile sa chontae ina bhfuil na léarscáileanna stairiúla riachtanacha ann. Léiríonn Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn do Bhéal Átha Seanaidh breis agus deich mbliana taighde – cuid mhaith de ar bhonn deonach agus faoi stiúir Acadamh Ríoga na hÉireann. Beidh Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn ina acmhainn luachmhar chun taifead a choinneáil de ghnéithe a bhaineann le Béal Átha Seanaidh agus den fhorbairt ann. Lena chois sin, tarraingeoidh sé aird ar na foinsí faisnéise cartagrafaíochta agus cartlainne atá ann, agus déanfar feasacht a mhúscailt agus cothófar caomhnú oidhreachta an bhaile. Beidh aiste thuairisciúil 10,000 focal mar chuid den fhoilsiúchán Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn do Bhéal Átha Seanaidh; 700 stair láithreáin; léarscáileanna, radharcanna agus íomhánna mar fhacsamhlacha móra; léarscáileanna comparáideacha agus téamacha; agus leabharliosta fairsing foinsí.” Tá an foilseachán maoinithe ag Acadamh Ríoga na hÉireann, ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Tá saorchead isteach chuig an ócáid ​​seolta agus tá fáilte roimh chách. Moltar áit a chur in áirithe roimh ré. Chun áit a chur in áirithe, déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ag heritage@donegalcoco.ie nó ar  (074) 916 3824. Beidh Atlas Bhailte Stairiúla Bhéal Átha Seanaidh ar díol ag an ócáid ​​ar chostas €30.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)