Skip to main content

September

Danny Hutton, duine de Bhuaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025

Date: 25 MFómh 2025

Forbairt Eacnamaíochta

Danny Hutton, duine de Bhuaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025

Danny Hutton, duine de Bhuaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025
Danny Hutton, duine de Bhuaiteoirí Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025

Beidh Gradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025 ar siúl in Óstán Gateway Inis Eoghain i mBun Cranncha ar an Aoine 17 Deireadh Fómhair. Sna seachtainí amach romhainn beidh muid ag cur buaiteoirí 2025 in aithne daoibh, ag tosú le Danny Huttton, ceoltóir Gael Mheiriceánach arbh as Bun Cranncha ó dhúchas dó. Is duine de bhunaitheoirí agus príomhamhránaí leis an bhanna rac Meiricéanach Three Dog Night é Danny agus tabharfar aitheantas dó i mbliana nuair a bhronnfar Gradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill air.

Rugadh Danny Hutton i mBun Cranncha, Co. Dhún na nGall in 1942 agus chuaigh sé ar imirce go Bostún lena chlann in 1947 agus chuir sé faoi i Los Angeles ina dhiaidh sin. Chuir sé tús lena ghairm bheatha sa cheol i LA sna 1960idí, áit a raibh sé ag cumadh, ag léiriú agus ag taifead amhrán. Bhunaigh sé Three Dog Night in 1968, banna a bhainfeadh clú amach agus a dhíolfadh breis is 50 milliún ceirnín. D’éirigh le 21 amhrán dá gcuid barr chairteacha na n-albam a bhaint amach ar bhonn leanúnach.

Le fuaim éagsúil Three Dog Night, mar a thóg siad ar na príomhghutha agus ar an chomhcheol láidir, leag siad amach cad is glúin ann. Bhain amhráin mhóra cosúil le “Joy to the World,” “Mama Told Me (Not to Come),” agus “Black and White,” barr na gcairteacha amach agus tháinig clú agus cáil domhanda ar an bhanna. Ní hamháin go raibh tionchar Hutton le cloisteáil sa cheol— thug sé tacaíocht do chumadóirí amhrán, leithéidí Randy Newman, Harry Nilsson, agus Elton John, agus chuidigh sé leo agus iad i dtús a gceirde. Ag labhairt dó ar an ghradam, dúirt Danny Hutton:

“Táim thar a bheith sásta agus tá rud beag iontais orm gur roghnaíodh mé mar ambasadóir ar Diaspóra na hÉireann agus go bhfuil gradam Tip O’Neill le bronnadh orm de bharr mo chuid éachtaí.

Ó tharla gur rugadh i gContae Dhún na nGall mé, bhí meas agam i gcónaí ar m’oidhreacht Éireannach agus creidim gur chuidigh tréithe dúchasacha na hÉireann, cosúil le teacht aniar, scéalaíocht agus cruthaitheacht leis an rath a bhí orm mar cheoltóir, mar thaibheoir agus mar léiritheoir taifead. Cuireann sé ola ar mo chroí go bhfuil mé ar an chéad ealaíontóir ceoil a áiríodh i measc na bpearsana polaitíochta agus spóirt Éireannacha ar bronnadh Gradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill orthu. Táim ag súil le filleadh ar mo bhaile dúchais, Bun Cranncha, i mí Dheireadh Fómhair chun ceiliúradh a dhéanamh ar an ghradam an-speisialta seo a fháil”.

Choinnigh Danny nasc láidir le hÉirinn i rith a shaoil. Thug sé cuairt ar an tír go luath sna 1960idí; cuairt a chuaigh go mór i bhfeidhm air mar gheall gur músclaíodh an paisean don cheol an athuair ann agus bhí tionchar aige sin ar an aistear cruthaitheach a thug sé faoi ina dhiaidh sin. Tá sé go fóill ag seinm leis an bhanna Three Dog Night sa lá atá inniu ann, bíonn breis is 75 ceolchoirm bheo acu gach bliain agus beidh a n-albam nua 'Enter' á eisiúint an fómhar seo—an chéad albam le 40 bliain.

Tá Gradam Diaspóra Éireannach Tip O’Neill saothraithe ag Danny Hutton de bharr é a bheith ina cheannródaí ceoil agus ina bhall bródúil de Diaspóra na hÉireann. "Léiriú ar spiorad seasta Dhún na nGall agus ar an tionchar a bhíonn ag bunadh an chontae ar fud na cruinne is ea scéal Danny Hutton.

Tabharfar aitheantas do Danny Hutton i gcuideachta na mbuaiteoirí eile; Eileen agus Seán Donaghey agus Vincent Keaveny. Léiríonn buaiteoirí uile na bliana seo an tionchar agus an bród domhanda a bhaineann le Diaspóra na hÉireann.

Tá ticéidí do Ghradaim Diaspóra Éireannacha Tip O’Neill 2025 ar díol ar Eventbrite https://www.eventbrite.ie/e/tip-oneill-irish-diaspora-awards-2025-tickets-1380359936729.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 20 Samh 2025

Tacaigh le Dún na nGall | Ceannaigh i nDún na nGall | #CeannaighDúnnanGall

Beidh #CeannaighDúnnanGall ar siúl arís i mbliana - feachtas ina mbíonn aird á tarraingt ar na gnónna iontacha atá i nDún na nGall! Bliain i ndiaidh bliana, tugtar deis mhaith do ghnónna a gcuid táirgí agus seirbhísí nuálacha a chur chun cinn agus tacaíocht a fháil ón phobal. Is í Comhairle Contae Dhún na nGall a bhíonn i mbun an fheachtais agus beidh sé ar siúl i mbliana idir 24 Samhain agus 19 Nollaig, go díreach ina am chun siopadóireacht na Nollag a dhéanamh agus blaiseadh a fháil de na táirgí is fearr atá le fáil i nDún na nGall.

Image text description

Date: 29 DFómh 2025

#DúnnanGallAbú 2025 – Ómós Domhanda do Dhún na nGall

Ba í #DúnnanGallAbú an rath mhór a chualathas ar fud an domhain Dé Céadaoin, an 10ú lá de mí Meán Fómhair. Ar an lá, cuireadh chun cinn tírdhreacha áille Dhún na nGall, le pobaill as gach choirneáil den Domhain ag roinnt a ngrá do Dhún na nGall thar na meáin shóisialta chun Lá #DúnnanGallAbú 2025 a cheiliúradh.

Image text description

Date: 17 DFómh 2025

Ceiliúradh ar Shármhaitheas Domhanda Éireannach ag Óstan Inishown Gateway le Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025

Bhí Gradaim Diaspóra Éireannach Tip O’Neill 2025 ar siúl tráthnóna Dé hAoine in Óstán Inishowen Gateway i mBun Cranncha, ag onóiriú ceathrar baill eisceachtúla de phobal domhanda na hÉireann a léiríonn a gcuid éachtaí spiorad agus luachanna buana Diaspóra na hÉireann.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)