-->
// Parse paramaters
var base_grant_url = decodeURIComponent(GetURLParameter("base_grant_url"));
var user_continue_url = decodeURIComponent(GetURLParameter("user_continue_url"));
var node_mac = GetURLParameter("node_mac");
var client_ip = GetURLParameter("client_ip");
var client_mac = GetURLParameter("client_mac");
// ******************
// Login to Meraki by redirecting client to the base_grant_url
//
// The logingUrl will add a continue_url parameter for a final client
// redirect to their intended site.
// (you could override this url to send the user to a home page)
// ******************
// Button handler function to login
function login(){
var loginUrl = base_grant_url;
if(user_continue_url !== "undefined"){
loginUrl += "?continue_url="+user_continue_url;
}
console.log("Logging in... ",loginUrl);
// redirect browser to meraki auth URL.
window.location.href = loginUrl;
}
// Helper function to parse URL
function GetURLParameter(sParam)
{
var sPageURL = window.location.search.substring(1);
var sURLVariables = sPageURL.split('&');
for (var i = 0; i < sURLVariables.length; i++)
{
var sParameterName = sURLVariables[i].split('=');
if (sParameterName[0] == sParam)
{
return sParameterName[1];
}
}
}
Dún na nGall le bheith ina lárionad domhanda le haghaidh cruthú ábhar taistil!
Sa phictiúr ag Fógra Eorpa 1 TBEX - C-D Rick Calvert (TBEX), Sarah Nolan, Oifigeach Sinsearach Turasóireachta (CC Dhún na nGall), Shane Smyth, Oifigeach Turasóireachta (CC Dhún na nGall), Anne Marie Conlon, Ceannasaí Forbartha Eacnamaíochta (CC Dhún na nGall), Mary Daly, Oifigeach Sinsearach Turasóireachta (CC Dhún na nGall) agus Patti Hosking (TBEX)
Ó Mháirt go hAoine 9-12 Meán Fómhair, beidh contae Dhún na nGall ina lárionad do bhreis is 400 cruthaitheoir ábhair as gach cearn den domhan agus iad ag freastal ar chomhdháil bhliantúil TBEX Eorpach a bheidh ar siúl i Leitir Ceanainn.
Ó rinne Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Turasóireacht Dhún na nGall CTR é a fhógairt i mí na Bealtaine seo a chuaigh thart, tá pobal na gcruthaitheoirí ábhar lán le sceitimíní agus iad ag súil le filleadh ar Éirinn. Is é seo an tríú huair den chomhdháil a bheith ar siúl sa tír seo.
Caithfidh toscairí an chéad dá lá ar thurais eolais ar fud Dhún na nGall. Mar chuid de na turais réamhshocraithe seo beidh turais stairiúla, turais báid, surfáil, dreapadh ar stacaí farraige chomh maith le deis a fháil an Ghaeilge a fhoghlaim, le dúil a bhaint as drioglanna Dhún na nGall, le bheth ag rothaíocht ar shlí na radharc agus ag déanamh giotáir. Beidh an chomhdháil ar siúl ar an dá lá dheireanacha in OTA, Leitir Ceanainn, áit a mbeidh seisiúin ar scéalaíocht, ar optamú innill cuardaigh, ar ghrianghrafadóireacht, ar fhístaifead, ar mhargaíocht ábhair agus go leor eile ar siúl.
Beidh an oscailt agus an ócáid chlabhsúir ar siúl in áiteanna éagsúla ar fud an chontae le hearnáil aitheanta an fháilteachais i nDún na nGall a chur chun tosaigh ar feadh tréimhse an imeachta.
Tá an príomheagraí, Mary Daly, Oifigeach Sinsearach Turasóireachta le hAonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, ag dúil le fáilte a chur roimh chruthaitheoirí ábhair chun an chontae “tá an ócáid seo ar na bacáin le roinnt blianta agus is iontach an rud é go bhfuil sí ag teannadh linn anois. Tá gnólachtaí turasóireachta i nDún na nGall an-fial lena gcuid ama agus seirbhísí agus iad ag súil leis na turais eolais, agus tá a fhios agam go bhfuil gnólachtaí i Leitir Ceanainn agus sa cheantar máguaird ag dúil le go leor de na cruthaitheoirí ábhair a fheiceáil timpeall an bhaile sna laetha beaga amach romhainn.”
Dúirt Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, Paul Canning, “Tarraingeoidh TBEX Eorpach aird shuntasach ar gach ceantar i nDún na nGall le linn 4 lá na comhdhála ach i ndiaidh an imeachta chomh maith mar go mbeidh ábhar á chruthú agus á roinnt ar na meáin shóisialta agus i bpostálacha blag – agus ní féidir luach a chur air sin. Cuirimid fearadh na fáilte roimh na toscairí go léir agus táimid ag dúil go mór le Dún na nGall a chur ina láthair. Beidh an feachtas “Dún na nGall Abú” ar siúl sa tseachtain sin fosta (10 Meán Fómhair) agus dá bhrí sin, beidh neart deiseanna ann lenár gcontae a chur chun cinn ar fud na cruinne!”
Dúirt Cathaoirleach an eagrais Turasóireacht Dhún na nGall CTR agus Príomh-Fheidhmeannach Chomhairle Contae Dhún na nGall, John G McLaughlin, “Is deis iontach í an ócáid seo chun aird a tharraingt ar an áis iontach turasóireachta atá i nDún na nGall agus molaim dár ngnólachtaí turasóireachta go léir caidreamh a chothú leis na toscairí agus an t-ábhar atá á chruthú ag na cruthaitheoirí ábhair a roinnt. Beidh go leor de na toscairí, ag tabhairt cuairt ar Chontae Dhún na nGall den chéad uair agus ba mhaith linn a chinntiú go rachaidh an áit i bhfeidhm go mór orthu nuair a bhainfidh siad ceann scríbe amach”.
To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.
Beidh mórócáid nasctha turasóireachta Dhún na nGall ar siúl Dé Céadaoin seo chugainn, 4 Márta, in Óstán Jackson i mBealach Féich. Beidh gnólachtaí turasóireachta as achan chearn den chontae ag teacht le chéile le linn Nasc Turasóireachta Dhún na nGall, atá á óstáil ag Aonad Turasóireachta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus Fáilte Éireann. Buailfidh na gnólachtaí lena gcomhghleacaithe chun plé a dhéanamh ar fhéidearthachtaí le comhoibriú mar chuid de Sheachtain Fiontair Áitiúil.
Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.
Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.
Uaireanta Oscailte
Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)