Date: 11 MFómh 2025
Fógra ag iarraidh go ndéanfar machnamh ar scéim chun rataí ar réadmhaoin atá folamh a laghdú
AR RÉADMHAOIN ATÁ FOLAMH
Déantar foráil shonrach in Alt 9 den Acht um Rátaí Rialtais Áitiúil agus Nithe Eile 2019 go bhféadfaidh comhaltaí tofa in údarás áitiúil ar bith scéim a bhunú lena bhforáiltear do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus go gceadófar scéim den sórt sin ag cruinniú buiséid an údaráis áitiúil sa bhliain airgeadais áitiúil ina mbeidh an scéim i bhfeidhm.
Déanfaidh Comhairle Contae Dhún na nGall a machnamh ar scéim a fhorálann do laghdú rátaí i leith réadmhaoine folmha, agus cuirfear i bhfeidhm í sa bhliain airgeadais áitiúil 2026.
Cuirfidh Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh aighneachtaí scríofa ón phobal ar an ábhar seo agus a thagraíonn go sonrach do na himpleachtaí a d’fhéadfadh a bheith ag scéim mar seo, a cheadaíonn laghdú ar rátaí, i leith réadmhaoine folmha ar ghnóthaí, ar dhaoine aonair agus ar sheirbhísí údaráis áitiúil.
Caithfear aighneachtaí a bheith faighte faoin Aoine, 26 Meán Fómhair agus iad a sheoladh chuig:
Comhairle Contae Dhún na nGall, Aighneachtaí Comhairliúcháin Rátaí, Teach an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall F93 Y622
nó seol r-phost chuig:
RatesConsultation@donegalcoco.ie