Skip to main content

September

Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection Leabhrán úr a thugann cuntas ar ról na bhfear agus na mban a choinnigh Glaschú ag gabháil

Date: 23 MFómh 2025

Oidhreacht

Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection Leabhrán úr a thugann cuntas ar ról na bhfear agus na mban a choinnigh Glaschú ag gabháil

Seolfar leabhrán úr 50 leathanach dar teideal ‘Glasgow Corporation Transport and the  Donegal Connection’ i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar 7pm Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair (beidh sólaistí ar fáil ó 6.30pm). Ba é Hugh Dougherty, staraí, iriseoir agus údar atá lonnaithe thall i nGlaschú, a rinne an taighde agus a scríobh an leabhrán, agus déanfaidh sé cur i láthair le léaráidí ag an ócáid seolta. Tá an leabhrán saor in aisce seo ar an séú ceann i Sraith Oidhreachta Dhún na nGall atá curtha i dtoll a chéile ag Oifig Oidhreachta Dhún na nGall agus é maoinithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag an Chomhairle Oidhreachta mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. Tá fáilte roimh an phobal teacht chuig an ócáid agus moltar do dhaoine a n-áit a chur in áirithe roimh ré. Le d'áit a chur in áirithe, déan teagmháil le Músaem Chontae Dhún na nGall ar (074) 912 4613 nó trí ríomhphost ag museum@donegalcoco.ie 

‘Tá lúcháir orainn gur shocraigh Hugh an cuntas spéisiúil léirsteanach seo ar an obair a rinne fir agus mná as Dún na nGall ar na busanna, tramanna, busanna tralaí agus traein faoi thalamh a bhí mar chuid de Glasgow Corporation Transport’ a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chomhairle Contae Dhún na nGall. ‘B'fhostóir fíorthábhachtach é Glasgow Corporation Transport lenár oibrigh go leor daoine as Dún na nGall ar feadh blianta fada agus bheadh ainm an chomhlachta sin ar eolas go maith ag go leor teaghlach i nDún na nGall. Mar mhac léinn staire ag Ollscoil Ghlaschú, d'oibrigh Hugh ar bhonn páirtaimseartha mar fhear ticéad ar an West Scottish Motor Traction ag Garáistí Means agus Thornliebank idir 1969 agus 1971. De bharr an taithí agus an eolais atá aige ar Glasgow Corporation Transport, s duine maith é Hugh le blaiseadh a thabhairt dúinn de na heispéiris agus de na coinníollacha oibre a bhí ag daoine as Dún na nGall sa réimse oibre seo.

I measc na ndaoine as Dún na nGall a bhfuil a scéalta luaite sa leabhrán tá Máire Rua Gallagher as Anagaire, Mary Cullen as Carraig Airt, Christopher Britton as Baile an tSratha, Madge Boyle as Mín an Toiteáin in aice leis an Chlochán Liath agus Joe Doherty as Ráth Maoláin. Má d'oibrigh tú féin, nó duine muinteartha duit, ar na busanna, ar na tramanna, ar na busanna tralaí nó ar an traein faoi thalamh de chuid Glasgow Corporation Transport, ba mhaith linn go dtiocfá féin nó gaolta de do chuid chuig an ócáid seo chun do chuimhní agus do scéalta a chomhroinnt linn. Tá seoladh an leabhráin seo mar chuid den tionscadal ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre na nImirceach as Dún na nGall in Albain’ atá idir lámha ag Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall i gcomhpháirt le hIonad Mellon le haghaidh Staidéir Imirce’. 

‘Bhí ról ríthábhachtach ag tiománaithe agus ag fir agus mná na dticéad as Dún na nGall san obair chun Glaschú a choinneáil ag gabháil’ a mhínigh Hugh Dougherty. ‘Chaith siad éide ghlas an Glasgow Corporation le bród, comhlacht a reáchtáil tramanna capall sa chathair ó 1894 go dtí 1902, tramanna leictreacha ó 1898 go dtí 1962, mótarbhusanna ó 1924 go dtí 1973 agus an Traein Faoi Thalamh i ndiaidh don chomhlacht seilbh a ghlacadh uirthi in 1924. D'oibríodh daoine as Dún na nGall ar na busanna tralaí chomh maith, a bhíodh ag déanamh a mbealaigh go ciúin suaimhneach fríd an chathair thíos faoina sreanga lastuas ó 1949 go dtí 1967.

Is iriseoir córais iompair é Hugh Dougherty agus údar na bhfoilseachán ‘Bus Services of the County Donegal Railways’, ‘Seeking the Swilly’, ‘Trolleybuses, Glasgow’s Silent Service’ agus ‘Holiday’s Busman’. Céimí staire de chuid Ollscoil Ghlaschú, tá Hugh iontach bródúil as bheith ina bhall de dhiaspóra Ghlaschú-Dhún na nGall agus as a fhréamhacha in Inis Eoghain, agus scríobhann sé go minic do na nuachtáin The Irish Post agus The Irish Voice. Beidh cóipeanna saor in aisce den leabhrán ‘Glasgow Corporation Transport and the Donegal Connection’ ar fáil ag an seoladh agus beidh an taispeántas ‘Ag Obair Thall’ ar siúl i Músaem an Chontae go dtí deireadh mhí Eanáir 2026. Tá leagan taistil den taispeántas ar siúl fosta i gCartlann Chathair Ghlaschú i Leabharlann Mitchell, North Street, Glaschú go dtí mí Eanáir 2026.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 30 MFómh 2025

Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh le Seoladh

Seolfaidh Acadamh Ríoga na hÉireann, i gcomhar le Comhairle Contae Dhún na nGall, Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh in Ionad na Mainistreach, Sráid Thír Chonaill, Béal Átha Seanaidh ag 6pm ar an Déardaoin, 9 Deireadh Fómhair. Bunaíodh Atlas na mBailte Stairiúla in Éirinn (IHTA) leis an fhorbairt thopagrafach i roinnt bailte in Éirinn a thaifeadadh. Rinne an Dr. Angela Byrne taighde ar Atlas na mBailte Stairiúla do Bhéal Átha Seanaidh agus chuir sí deireadh i gceann a chéile, agus déanfaidh sí cur i láthair dar teideal ‘Hidden Histories: Vanished Traces of Ballyshannon’s Past’ mar chuid den seoladh. Seolfaidh an Dr. Easkey Britton, éiceolaí sóisialta as Ros Neamhlach, an t-atlas.

Image text description

Date: 23 MFómh 2025

Glasgow Corporation Transport & The Donegal Connection Leabhrán úr a thugann cuntas ar ról na bhfear agus na mban a choinnigh Glaschú ag gabháil

Seolfar leabhrán úr 50 leathanach dar teideal ‘Glasgow Corporation Transport and the Donegal Connection’ i Músaem an Chontae, An Bóthar Ard, Leitir Ceanainn ar 7pm Dé Céadaoin 1 Deireadh Fómhair (beidh sólaistí ar fáil ó 6.30pm).

Image text description

Date: 22 MFómh 2025

Taispeántas ar bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in Albain ar ar oscailt i nGlaschú

Cuirfear taispeántas taistil a dhéanann ceiliúradh ar bhunadh Dhún na nGall idir fhir agus mhná, a d’oibrigh in Albain idir 1940 agus 1990 i láthair don phobal i gCartlann Ghlaschú, Leabharlann Mitchell, An tSráid Thuaidh, Glaschú ón Chéadaoin 24 Meán Fómhair ar aghaidh

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)