Date: 08 MFómh 2025
Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt go bhfuil maoiniú de €2.66m ceadaithe do Sheirbhísí Forbartha Tionscadail tríd an chiste tacaíochta ELENA faoin Mhol Comhairleach InfheistighAE

Tá sé i gceist go gcuirfidh an tionscadal ‘Misean Iarfheistithe Dhún na nGall’ borradh faoi ‘Gníomhaireacht Fuinnimh’ a bhunú don Iarthuaisceart. Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus ag Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt go bhfuil maoiniú de €2.66m ceadaithe do Sheirbhísí Forbartha Tionscadail tríd an chiste tacaíochta ELENA faoin Mhol Comhairleach InfheistighAE.
Chuir Comhairle Contae Dhún na nGall tús le ‘Gníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt’ (NWEA) chun tacú le húinéirí tí, le gnólachtaí agus le pobail feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh ar fhoirgnimh ar fud Dhún na nGall. Tríd an ‘Gníomhaireacht Fuinnimh’ seo atá réasúnta nuabhunaithe, d’éirigh leis an Chomhairle maoiniú a fháil do thionscadal nua ar a dtugtar ‘Misean Iarfheistithe Dhún na nGall’ ina mbeidh deis ag an NWEA cur le líon na n-oibreacha a sholáthraíonn siad thar thréimhse trí go cúig bliana.
Achoimre ar sheirbhís an NWEA:
Tá sé mar aidhm ag an NWEA seirbhísí Iarfheistithe Bunaithe sa Cheantar a fhorbairt, i gceantair imeallacha cosúil leis an Iarthuaisceart. Rachadh áit aon ionaid go mór chun leasa don cheantar. Mar achoimre, beidh an NWEA ábalta tacú leis na nithe seo a leanas, agus béim á leagan ar thithe cónaithe agus neamhchónaithe.
- Iarfheistiú foirgneamh (cónaithe agus neamhchónaithe);
- Córais téimh in-athnuaite (cónaithe agus neamhchónaithe);
- Painéal gréine fótavoltach (cónaithe agus neamhchónaithe);
Cad é mar a chuirfidh an NWEA tacaíocht ar fáil chun feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh a dhéanamh ar thithe agus ar ghnólachtaí?
Cuirfidh an NWEA eolas neamhspleách ar fáil d’úinéirí tí/gnólachtaí maidir ar an dóigh ar féidir tithe agus foirgnimh a dhéanamh tíosach ar fhuinneamh msh - an cineál oibre a d’fhéadfadh a bheith de dhíth, roghanna maoinithe lena n-áirítear deontais ÚFIÉ (SEAI) agus iasachtaí íseal-úis, agus an dóigh a bhféadfaí na feabhsuithe éifeachtúlachta fuinnimh seo a dhéanamh.
Beidh an maoiniú a ceadaíodh do ‘Misean Iarfheistithe Dhún na nGall’ ag dul i dtreo na nithe seo a leanas:
Déanfar maoiniú ‘Misean Iarfheistithe Dhún na nGall’ a riaradh i gcomhar leis an Bhanc Eorpach Infheistíochta, tríd an chiste tacaíochta ELENA faoin Mhol Comhairleach InfheistighAE, agus tacóidh sé leis na gnéithe seo a leanas:
- Foireann bhreise – tacóidh an tionscadal le ceathrar ball foirne sa bhreis a fhostú imar chuid de NWEA a mbeidh sé fúthu clár oibre uaillmhianach a chur i gcrích;
- Iniúchadh fuinnimh a dhéanamh ar mhaoin – Iarrfaidh an NWEA ar iniúchóirí cláraithe iniúchadh ar Rátálacha Fuinnimh Foirgneamh (BER) a dhéanamh ar mhaoine áirithe agus tabharfar léargas d’úinéirí ar bhearta reatha a bhaineann le feidhmíocht fuinnimh reatha agus ar bhearta iarfheistithe molta;
- Anailís ar shonraí RFF (BER) atá ann cheana féin – bainfear úsáid as bunachar sonraí RFF gan ainm chun tiúchaintí a aithint i maoine a chomhlíonann na critéir chomhaontaithe. Lena chois sin, tacóidh an tionscadal le húsáid tuarascálacha iarfheistithe atá sothuigthe, rud a chuideoidh le húinéirí tí, le húinéirí maoine, le hiasachtóirí nó le tríú páirtí agus conraitheoirí ó thaobh sonraí faoi oibreacha atá de dhíth, an costas a bhainfeadh leis na hoibreacha, an fuílleach airgid a bhfuiltear ag súil leis (lena n-áirítear astaíochtaí airgeadais agus carbóin).
- Margaíocht agus Cumarsáid – tacóidh an tionscadal le deiseanna breise margaíochta, lena n-áirítear imeachtaí poiblí; feachtais ar na meáin; suíomh idirlín a fhorbairt agus na gréasáin shóisialta, seimineáir ghréasáin srl.
Cad é atá i ndán don NWEA le linn na tréimhse 2025-2028?
Is léir go bhfuil pleananna uaillmhianacha ag an NWEA sna blianta atá amach romhainn chun cur leis na bearta tacaíocht a bhaineann le foirgnimh a iarfheistiú agus go gcuirfí roghanna maidir le teas agus soláthar gréine in-athnuaite leis.
Beidh fonn ar an NWEA oibriú le húinéirí tí, le húinéirí gnó agus le húinéirí foirgneamh pobail sna blianta amach romhainn; daoine atá réidh chun dul i mbun oibreacha feabhsúcháin ar éifeachtúlacht fuinnimh ar a gcuid foirgneamh.
Úinéir tí a bhí sásta leis an obair uasghrádaithe a rinne an NWEA.