Skip to main content

September

Leabharlanna Dhún na nGall chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2025 a Cheiliúradh

Date: 18 MFómh 2025

Cultúr

Leabharlanna Dhún na nGall chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2025 a Cheiliúradh

Beidh Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall páirteach le leabharlanna ar fud na hÉireann Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2025 a cheiliúradh.

Tugann an feachtas náisiúnta cuireadh don phobal “Breathnú Níos Géire” ar na seirbhísí nua-aimseartha, cuimsitheacha agus bríomhara a chuireann leabharlanna ar fáil inniu. Leagann sé béim ar an ról atá ag leabharlanna i sochaí na hÉireann mar áiteanna siamsaíochta, foghlama, ceangail, cruthaitheachta agus tacaíochta pobail, ach tá an ról sin ag athrú de shíor. 

Tá feachtas na bliana seo ag tabhairt le fios go bhfuil ballraíocht leabharlainne saor in aisce agus oscailte do chách, agus go gcuirtear feasacht chun cinn faoi raon leathan seirbhísí atá ar fáil ag an am céanna. Chomh maith le raon leathan leabhar bog agus crua a bheith ar fáil, tá rochtain saor in aisce ar ríomhleabhair, ar ríomh-chlosleabhair, ar ríomhnuachtáin, ar ríomhirisí agus ar chúrsaí ríomhfhoghlama, mar aon le cláir imeachtaí do gach aois, rochtain ar sheirbhísí priontála, agus spásanna cruthaitheacha agus staidéir. Is spásanna pobail fáilteacha, inrochtana agus cuimsitheacha iad leabharlanna poiblí a chuireann seirbhísí agus spásanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine fásta atá néara-éagsúil, agus a chothaíonn ceangal, folláine agus foghlaim ar feadh an tsaoil do gach duine. 

Chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí 2025 a cheiliúradh, déanfaidh Leabharlanna Dhún na nGall clár imeachtaí a cheiliúradh ar fud an chontae ar feadh coicíse ina mbeidh réamhamhairc agus míreanna breise chun gur féidir le gach duine sa phobal bualadh isteach chuig aon cheann de na trí leabharlann déag atá sa chontae agus a bheith páirteach sa cheiliúradh. I measc téamaí an cheiliúrtha tá mífhaisnéis, tú féin a chosaint ar líne, an dóigh le tiomna a dhéanamh, agus imeachtaí do pháistí. Tá liosta iomlán na n-imeachtaí le fáil ar donegallibrary.ie

“Is léir dúinne sa tSeirbhís Leabharlainne gach lá gur spásanna pobail iad leabharlanna ina dtagann daoine le chéile, ina ndéanann siad cairdeas, agus ina mbraitheann siad gur cuid de rud éigin níos mó iad,” a dúirt Karen Sheehy, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin gníomhach le Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall. “Is cúis bhróid dúinn í go bhfuil muid ábalta spás fáilteach agus cuimsitheach a chur ar fáil do gach duine inár bpobal, ó leanaí óga atá ag foghlaim faoi am scéalaíochta go dtí na daoine atá ar scor ag dul isteach i gclubanna leabhar, mic léinn atá ag ullmhú do scrúduithe, agus iad sin atá ag lorg poist agus atá ag baint úsáid as ár n-acmhainní digiteacha. Cuidíonn leabharlanna le daoine gan uaigneas a bheith orthu ach a bheith cumhachtach, bíodh sé sin trí thréimhse chiúin a chaitheamh i mbun léitheoireachta nó trí imeacht pobail bríomhar. Cuirimid fáilte chroíúil roimh gach duine cuairt a thabhairt orainn ar Lá Oscailte na Leabharlann Poiblí, agus in am ar bith chun blaiseadh a fháil de gach a bhfuil le tairiscint ag Leabharlanna Dhún na nGall.”

Dúirt Stuart Hamilton, Ceann Forbartha na Leabharlann leis an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil: “Tá leabharlanna poiblí tar éis teacht chun cinn agus tá siad ina moil phobail bhríomhara a thacaíonn le foghlaim, le cruthaitheacht, le folláine agus le ceangal a chothú. Le cois leabhar, cuireann siad rochtain ar sheirbhísí TF, ar uirlisí digiteacha, ar spásanna cruthaitheacha, agus ar chláir chuimsitheacha ar fáil amhail An Ceart chun Léitheoireachta, Réaltaí an tSamhraidh, Am Teaghlaigh sa Leabharlann, Litearthacht do Chách, Scileanna don Saol, agus seirbhísí iasachta digiteacha.

“Is deis é Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlann Poiblí chun blaiseadh a fháil de gach rud a bhfuil le tairiscint ag do leabharlann áitiúil. Má tá tú ag iarraidh rud éigin nua a fhoghlaim, ag iarraidh nascadh le daoine eile, nó go díreach ag iarraidh a fháil amach cad atá ar fáil dúit, is spásanna fáilteacha iad leabharlanna atá lán le deiseanna.”

Moltar do chách páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta trí úsáid a bhaint as na haischlibeanna #LáOscailteNaLeabharlann agus #BreathnúNíosGéire.

Chun tuilleadh eolais a fháil, caith súil ar donegallibrary.ie nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó ar Instagram @donegallibrary.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 11 Noll 2025

Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil saor in aisce ar líne

Tá lúcháir ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil Beathaisnéis Néill Mhic Giolla Bhrighde ar fáil anois go digiteach, saor in aisce ar líne.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir agus Cruthaiteachta 2026

Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil glaoch oscailte ann ar ghrúpaí, eagraíochtaí, agus daoine aonair ar mian leo iarratas a chur isteach faoi Scéim Dámhachtainí Tionscadal Cultúir & Cruthaitheachta Dhún na nGall 2026. Bíonn na dámhachtainí seo á mbronnadh ag an Fhoireann Chultúir agus Chruthaitheachta mar chuid de Chlár na bPobal Ildánach, arna mhaoiniú ag Éire Ildánach agus ag an Roinn Cultúir, Cumarsáide agus Spóirt.

Image text description

Date: 02 Noll 2025

Geansaithe na Nollag á Malartú

An bhfuil geansaí na Nollag agat a bhfuil a splanc caillte aige? Beidh Geansaithe na Nollag á Malartú i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ón Luan 8 Nollaig go dtí an Chéadaoin 17 Nollaig. Is imeacht é seo nach ndéanann dochar don timpeallacht, déantar athnuachan ar stór éadaí na Nollag agus bíonn deis ag daoine geansaithe na Nollag a thabhairt chun beochta arís.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)