Skip to main content

September

Leabharlanna Dhún na nGall chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a Cheiliúradh

Date: 18 MFómh 2025

Cultúr

Leabharlanna Dhún na nGall chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a Cheiliúradh

Beidh Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall páirteach le leabharlanna ar fud na hÉireann Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a cheiliúradh.

Tugann an feachtas náisiúnta cuireadh don phobal “Breathnú Níos Géire” ar na seirbhísí nua-aimseartha, cuimsitheacha agus bríomhara a chuireann leabharlanna ar fáil inniu. Leagann sé béim ar ról atá ag athrú i gcónaí ag leabharlanna i sochaí na hÉireann mar áiteanna siamsaíochta, foghlama, ceangail, cruthaitheachta agus tacaíochta pobail.

Leagann feachtas na bliana seo béim ar an fhíric go bhfuil ballraíocht leabharlainne saor in aisce agus oscailte do chách, agus go gcuirtear feasacht chun cinn faoi raon leathan seirbhísí atá ar fáil ag an am céanna. Chomh maith le raon leathan leabhar bog agus crua, cuireann leabharlanna an lae inniu rochtain saor in aisce ar ríomhleabhair, ríomh-closleabhair, ríomhnuachtáin, ríomhirisí agus cúrsaí ríomhfhoghlama ar fáil, mar aon le cláir imeachtaí do gach aois, rochtain ar sheirbhísí priontála, agus spásanna cruthaitheacha agus staidéir. Is spásanna pobail fáilteacha, inrochtana agus cuimsitheacha iad leabharlanna poiblí a chuireann seirbhísí agus spásanna ar fáil do leanaí agus do dhaoine fásta atá néara-éagsúil, agus a chothaíonn folláine, foghlaim ar feadh an tsaoil agus ceangal do gach duine. 

Chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a cheiliúradh, déanfaidh

Leabharlanna Dhún na nGall clár imeachtaí a cheiliúradh ar fud an chontae ar feadh coicíse ina mbeidh réamhamhairc agus míreanna breise chun gur féidir le gach duine sa phobal bualadh isteach chuig aon cheann de na trí leabharlann déag atá sa chontae agus a bheith páirteach ann. I measc téamaí an cheiliúrtha tá eolas míchruinn, tú féin a chosaint ar líne, an dóigh le tiomna a dhéanamh, agus imeachtaí do pháistí. Tá liosta iomlán na n-imeachtaí le fáil ar donegallibrary.ie

“I Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall feicimid gach lá gur spásanna pobail iad leabharlanna ina nascann daoine, ina ndéanann siad cairdeas, agus ina mbraitheann siad gur cuid de rud éigin níos mó iad,” a dúirt Karen Sheehy, Leabharlannaí Sinsearach Feidhmiúcháin gníomhach le Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall. “Táimid bródúil as spás fáilteach, cuimsitheach a chur ar fáil do gach duine inár bpobal, ó leanaí óga atá ag foghlaim faoi am scéalaíochta go dtí na daoine atá ar scor ag dul isteach i gclubanna leabhar, mic léinn atá ag ullmhú do scrúduithe, agus cuardaitheoirí poist atá ag baint úsáid as ár n-acmhainní digiteacha. Cuidíonn leabharlanna le daoine gan mothú chomh huaigneach sin agus mothú níos cumhachtaí, bíodh sé sin trí nóiméad ciúin le leabhar nó trí imeacht pobail bríomhar. Cuirimid fáilte chroíúil roimh gach duine cuairt a thabhairt orainn ar Lá Oscailte na Leabharlanna Poiblí, agus tráth ar bith chun iniúchadh a dhéanamh ar gach a bhfuil le tairiscint ag Leabharlanna Dhún na nGall.”

Dúirt Stuart Hamilton, Ceann Forbartha Leabharlanna ag an Ghníomhaireacht Bainistíochta Rialtais Áitiúil: “Tá leabharlanna poiblí tar éis teacht chun cinn ina moil phobail bhríomhara a thacaíonn le foghlaim, cruthaitheacht, folláine agus ceangal. Chomh maith le leabhair, cuireann siad rochtain ar fáil ar sheirbhísí TF, uirlisí digiteacha, spásanna cruthaitheacha, agus cláir chuimsitheacha amhail an Ceart chun Léitheoireachta, Réaltaí an tSamhraidh, Am Teaghlaigh sa Leabharlann, Litearthacht do Chách, Scileanna don Saol, agus seirbhísí iasachta digiteacha.

“Is deis é Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí iniúchadh a dhéanamh ar gach rud a bhfuil le tairiscint ag do leabharlann áitiúil. Is cuma más ag iarraidh rud éigin nua a fhoghlaim, nascadh le daoine eile, nó díreach le fáil amach cad atá ar fáil atá tú, is spásanna fáilteacha iad leabharlanna atá lán de dheiseanna.”

Moltar do chách páirt a ghlacadh sa chomhrá náisiúnta ag baint úsáide as na haischlibeanna #LáOscailteNaLeabharlanna agus #BreathnúNíosGéire.

Chun tuilleadh eolais a fháil, caith suíl ar donegallibrary.ie nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó Instagram ar @donegallibrary.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 18 MFómh 2025

Leabharlanna Dhún na nGall chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a Cheiliúradh

Beidh Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall páirteach le leabharlanna ar fud na hÉireann Dé Sathairn, 27 Meán Fómhair chun Lá Oscailte Náisiúnta na Leabharlanna Poiblí 2025 a cheiliúradh.

Image text description

Date: 16 MFómh 2025

Tim Hayes le cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Beidh caint le Tim Hayes ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar an Luan 22 Meán Fómhair ag 11.00am. Saorchead isteach.

Image text description

Date: 28 Lún 2025

Ceiliúradh lán le dathanna agus spraoi ag Mela Dhún na nGall i Leitir Ceanainn

B’iontach an lá a bhí taobh amuigh d’Amharclann an Ghrianáin, Leitir Ceanainn Dé Sathairn seo a chuaigh thart nuair a reáchtáladh Mela Dhún na nGall don dara bliain as a chéile. Ó thus an tráthnóna bhí an áit lán le ceol, le blaiseadh bia as fud fad na cruinne agus le buillí na ndamhsaí traidisiúnta - fíorcheiliúradh cultúrtha agus pobail.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)