Skip to main content

September

Saic Scéalta Éagsúlachta agus Cuimsitheacha ar fáil ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall

Date: 30 MFómh 2025

Cultúr

Saic Scéalta Éagsúlachta agus Cuimsitheacha ar fáil ó Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall

Tá áthas ar Choiste Cúram Páistí Chontae Dhún na nGall, i gcomhpháirtíocht le Leabharlann Chontae Dhún na nGall, a fhógairt go bhfuil saic scéalta éagsúlachta agus cuimsitheachta ar fáil anois le fáil ar iasacht ó leabharlanna ar fud Dhún na nGall. Tá na saic scéalta maoinithe ag Coistí na Seirbhísí do Leanaí agus do Dhaoine Óga Dún na nGall (CSLD)

Cuidíonn saic scéalta leis na carachtair i leabhair a thabhairt chun beatha agus le léamh a dhéanamh ar ghníomhaíocht ghrúpa spraíúil agus idirghníomhach. Ní hamháin go dtugann na saic scéalta deis do pháistí a samhlaíocht agus a gcruthaitheacht a fhorbairt agus a stór focal á leathnú acu, cuidíonn siad leo fosta a gcuid faisnéise agus comhbhá mothúchánach a fhorbairt ionas gur féidir leo tuiscint níos fearr a fháil ar mhothúcháin daoine eile.

Seo a leanas na trí théama a dhíríonn na saic scéalta orthu:

  • Struchtúr Teaghlaigh
  • Cultúr na hÚcráine
  • Gaeilge agus Cultúr

Bhí forbairt na hacmhainne indéanta ag an treoir shaineolach a fuarthas ó Bairbre Uí Chathail ó Líonra Leitir Ceanainn, Adele McElhinney Comhordaitheoir Litearthachta d’Aosaigh Réigiúnach le ETB Dhún na nGall agus Sinéad Ní Mhurraigh ó Sheirbhís Óige Dhún na nGall.

Dúirt Louise Toner ón Choiste Cúram Páistí Chontae Dhún na nGall (CCCD) “Tá áthas iontach ar CCCD a bheith páirteach sa tionscadail seo.  Tá sé iontach tábhachtach go mothaíonn páistí go bhfuil ionadaíocht acu agus go bhfuil siad infheicthe ina bpobail agus ina Ionaid Luathfhoghlama.  Cuideoidh na pacáistí acmhainní teanga agus cuimsithe le seirbhísí Luathfhoghlama iniúchadh a dhéanamh ar an dóigh is fearr lena n -ábhar foghlama agus a d-taithí  foghlama a fheabhsú maidir le struchtúr teaghlaigh agus teanga na hÚcráine.  Tá áthas orainn fosta a bheith in ann tacú le oideachasóirí luathbhliana chun iniúchadh a dhéanamh ar úsáid roinnt focal agus frásaí Gaeilge ina gcleachtas laethúil trí úsáid a bhaint as an bPacáiste Acmhainní Gaeilge. ”

Thug Ionad Luathfhoghlama áitiúil cuairt ar an Lárleabharlann ar an lá chun úsáid a bhaint as na saic scéalta láithreach. Ina dhiaidh sin bhí ceardlann ag foireann na leabharlainne le múinteoirí Ionaid Luathfhoghlama ar an mbealach is fearr chun an acmhainn a úsáid.  Bhí an dá imeacht seo mar chuid de Thionscnamh Lá Oscailte na Leabharlainne Poiblí Náisiúnta a thug cuireadh don phobal 'amharc níos géire’ ar a leabharlann áitiúil.

Le haghaidh tuilleadh eolais ar na saic scéalta agus ar na hacmhainní eile atá ar fáil do theaghlaigh agus do Ionaid Luathfhoghlama tabhair cuairt ar www.donegallibrary.ie nó lean @DonegalCountyLibrary ar Facebook agus @Donegallibrary ar Twitter agus Instagram.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam Leabharlann na Bliana d’Oileán na hÉireann buaite ag Leabharlanna Dhún na nGall as Tionscadal Scéalaithe Frances Browne

Ainmníodh Seirbhís Leabharlainne Chomhairle Contae Dhún na nGall ina Bhuaiteoir Réigiúnach agus Tíre d’Oileán na hÉireann do Leabharlann na Bliana ag Gradaim Leabhar na Breataine as a tionscadal ceannródaíoch “Frances Browne Storytellers: Seeing Beyond Sight”.

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)