Date: 22 MFómh 2025
Taispeántas ar bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in Albain ar ar oscailt i nGlaschú

Cuirfear taispeántas taistil a dhéanann ceiliúradh ar bhunadh Dhún na nGall idir fhir agus mhná, a d’oibrigh in Albain idir 1940 agus 1990 i láthair don phobal i gCartlann Ghlaschú, Leabharlann Mitchell, An tSráid Thuaidh, Glaschú ón Chéadaoin 24 Meán Fómhair ar aghaidh. Seolfar an taispeántas ar an Mháirt ag fáiltiú cathartha a bheas á óstáil ag Ard-Phropast Ghlaschú Jacqueline McLaren. Leagann an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre Imircigh Dhún na nGall in Albain 1940-1990’ agus an leabhrán a théann leis, béim ar na poist, ar na coinníollacha agus ar na heispéireis oibre a bhí ag bunadh Dhún na nGall in Albain. Déanfaidh iar-chúlbáire le foireann sacair Cheiltigh Ghlaschú agus le foireann sacair na hÉireann, Pat Bonner an taispeántas a sheoladh. Beidh an taispeántas taistil ar taispeáint i gCartlann Ghlachú go dtí mí Eanáir 2026. Saorchead isteach.
“Is beag teaghlach i nDún na nGall nach raibh buailte leis an imirce ná nach ndeachaigh ar imirce go séasúrach” a dúirt Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tharraing go leor dóibh sin a d’fhág Dún na nGall ag lorg oibre, ar Albain san fhichiú haois. Le blianta beaga anuas, bailíodh scéalta faoi roinnt de na heispéiris a bhí acu agus faoi mar a d’éirigh leo, ach ní fhaca na scéalta seo solas lae ar feadh fada go leor ná níor measadh go raibh aon rud ar leith ag baint leo. Tá laghdú ag teacht de réir a chéile ar na deiseanna atá ann cuntais phearsanta ar eispéiris bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in Albain a thaifead. Tá roinnt grianghraf agus cuntas a bhaineann leis an chaibidil thábachtach seo i stair Dhún na nGall, mar chuid den taispeántas taistil seo. Tá lúcháir orainn go bhfuil Cartlann Ghlaschú sásta an taispeántas a chur ar fáil don phobal mar chuid de chomóradh 850 bliain Chathair Ghlaschú. Más mian leis an phobal réamhléiriú den taispeántas taistil a fháil, beidh baill foirne ó Chomhairle Contae Dhún na nGall i gCartlann Ghlaschú idir 10am agus 2pm ar an Mháirt, 23 Meán Fómhair chun bualadh leo.”
Is comhpháirtíocht é an taispeántas seo idir an Oifig Oidhreachta, an Músaem agus Cartlanna Rannán Cultúir Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus an tIonad Mellon don Léann Imirce atá lonnaithe i dTír Eoghain. Tá an taispeántas mar chuid de chur i bhfeidhm Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall agus tá sé maoinithe ag an Chomhairle Oidhreachta agus ag Comhairle Contae Dhún na nGall. Tá pictiúrí sa taispeántas de bhunadh Dhún na nGall a d’oibrigh in earnálacha agus in áiteanna éagsúla in Albain idir 1940 agus 1990, lena n-áirítear feirmeacha, busanna, iarnróid, láithreacha tógála, tionscadail innealtóireachta (leithéidí tolláin, droichid, dambaí nó scéimeanna hidrileictreacha), tógáil long, obair tí, óstáin, siopaí, monarchana brioscaí nó seacláide, spórt, an tseirbhís sláinte agus an saol reiligiúnach. Tá cuntas fosta ar bhunadh Dhún na nGall, idir fhir agus mhná, a d’oibrigh go séasúrach in Albain le cois na ndaoine sin a chuir fúthu thall.
Trí chuntais phearsanta agus grianghraif ó thaisclanna náisiúnta agus iad siúd a sheol baill den phobal isteach, tarraingítear aird ar na daoine sin, ar a gcuid slite beatha agus ar a gcoinníollacha oibre. Gabhann leabhrán 100 leathanach, méid A5, saor in aisce leis an taispeántas, agus tugtar achoimre ar roinnt slite beatha ann agus blaiseadh d’eispéireas imircigh as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Le linn thréimhse an taispeántais, moltar do dhaoine as Dún na nGall, bíodh siad sa bhaile nó thar lear, scéal a dteaghlach féin a scríobh síos.
Beidh an taispeántas ‘Ag Obair Thall: Saol Oibre Imircigh Dhún na nGall in Albain’ ar siúl i gCartlann Ghlaschú, Leabharlann Mitchell, An tSráid Thuaidh, Glaschú, G3 7DN go dtí mí Eanáir 2026 agus tá saorchead isteach. Beidh an taispeántas ar oscailt i gCartlann Ghlaschú gach Luan idir 10 a.m. agus 4 p.m., gach Máirt idir 10 a.m. agus 7 p.m., gach Céadaoin & Déardaoin idir 10 a.m. agus 4 p.m. agus ar an chéad Satharn de gach mí idir 10 a.m. agus 4 p.m. Beidh an taispeántas taistil ar fáil le bheith ar taispeáint in áiteanna eile in Albain in 2026. Más mian leat cur leis an taispeántas nó tuilleadh eolais a fháil, déan teagmháil le hOifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall ar (074) 916 3824 nó trí r-phost donegalscotland@donegalcoco.ie nó déan teagmháil le Cartlann Ghlaschú ar
(0141) 287 2910 nó trí r-phost archives@glasgowlife.org.uk