Date: 16 MFómh 2025
Tim Hayes le cuairt a thabhairt ar an Lárleabharlann

Beidh caint le Tim Hayes ar siúl i Lárleabharlann Leitir Ceanainn ar an Luan 22 Meán Fómhair ag 11.00am. Saorchead isteach.
Is Iar-Cheannasaí na Cumarsáide le hIonadaíocht an Choimisiúin Eorpaigh in Éirinn é Tim.
Déanfaidh sé cíoradh ar na dúshláin a bhaineann le Mífhaisnéis agus le Bréagaisnéis taobh istigh den Aontas Eorpach.
Lena chois sin, leagfar béim ar Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe chun Tomhaltas Inbhuanaithe, Caomhnú an Dúlra agus Gníomhú ar son na hAeráide a chur chun cinn.
Dúirt Tim, “Tá lúcháir orm go mbeidh mé ag tabhairt cuairt ar Eoraip Dhíreach Leitir Ceanainn leis an chaint seo a thabhairt agus tá mé ag súil le bheith i mbun plé leis an lucht éisteachta ar na dushláin a bhaineann le Mífhaisnéis agus le Bréagaisnéis- atá ag méadú agus atá forleathan ar fud an AE agus lena chois sin, ar na deiseanna atá ar fáil dúinn uilig mar chuid de Sheachtain na Spriocanna Forbartha Inbhuanaithe.”
Tá cur chun cinn na mbuntáistí a bhaineann le ballraíocht san AE ar cheann de bhunaidhmeanna an Choimisiúin Eorpaigh:
- Eolas agus Rochtain ar fhoilseacháin agus ar bhróisiúir ó institiúidí an AE.
- Eolas faoi dheiseanna taistil do dhaoine óga trí Erasmus+ agus Discover EU.
- Rochtain ar Ríomhairí Pearsanta le hábhair a bhaineann leis an AE a chuardach.
- Nasc saorghlao chuig Deasc Chabhrach Eoraip Dhíreach.
- Imeachtaí, cainteanna, taispeántais, agus comórtais.
Chun áit a chur in áirithe don imeacht seo a bhfuil saorchead isteach chuige, seol r-phost chuig eudirect@donegallibrary.ie nó cuir scairt ar an Lárleabharlann ar 074 91 24950.