Date: 01 Aib 2026
Ag dul i ngleic le Foirgnimh Fholmha & Dearóiliú i Lár Baile Bhealach Féich/Srath an Urláir
Is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil tús curtha le hobair chun dul i ngleic le foirgnimh fholmha & dearóiliú i Lár Baile Bhealach Féich/Srath an Urláir.
Léiríonn torthaí ón Tuarascáil Folúntais Tráchtála GeoDirectory is deireanaí (R4 2025) go bhfuil an dara líon is mó folúntas tráchtála ar bhonn náisiúnta i gceantar Bhealach Féich/Srath an Urláir. Mar fhreagra air sin, tá clár oibre curtha ar bun ag Foireann Athghiniúna & Forbartha na Comhairle atá dírithe ar scála na faidhbe a thuiscint chun gur féidir gníomhú agus tacú le hathbheochan lár an bhaile. Tá an clár oibre seo ag teacht le príomhthosaíochtaí a bhaineann le beartais náisiúnta agus le tionscnaimh, lena n-áirítear an Polasaí ‘Lár Bailte ar dTús’, ‘Tithíocht do Chách’ agus an ‘Clár Gníomhachtaithe Maoine’.
I measc na gcéimeanna a ghlac Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí seo, tá suirbhéireacht, agus foirgnimh fholmha agus thréigthe atá suite i lár an bhaile a shainaithint. Leis an eolas seo, cuirfear ar chumas na Comhairle léargas cruinn a fháil ar líon na bhfoirgneamh folamh, lena n-áirítear staid na bhfoirgneamh, agus as sin, amharc ar thacaíochtaí agus dóigheanna le dul i mbun idirghabhála.
Faoi láthair, tá an Chomhairle ag lorg úinéirí roinnt foirgneamh chun rannpháirtíocht a chothú i measc úinéirí. Déanfar teagmháil le húinéirí chun staid a bhfoirgneamh a phlé agus chun roghanna atá ar fáil dóibh a scrúdú, chun na foirgnimh a thabhairt chun beochta arís. Aithníonn an Chomhairle go bhfuil ról lárnach ag úinéirí maidir le hathghiniúint lár bailte agus déanfaidh sí iarracht oibriú ar bhealach dearfach le húinéirí nuair is féidir chun tacú le hathúsáid agus le hathfhorbairt na bhfoirgneamh folamh agus tréigthe. I gcás go bhfuil foirgneamh ag teacht leis an sainmhíniú ‘láthair tréigthe’, féadfar é a chur san áireamh i gClár na Láithreán Tréigthe de réir na bhforálacha atá leagtha amach san Acht um Láithreáin Thréigthe 1990 (arna leasú).
Le comhoibriú ó úinéirí na bhfoirgneamh folamh agus/nó tréigthe i mBealach Féich/Srath an Urláir, tacóidh an Chomhairle le daoine aonair a bhfoirgnimh a athúsáid trí eolas agus treoir a chur ar fáil maidir leis na nithe seo:
- An Deontas Athchóirithe do Réadmhaoin Fholamh
- An Scéim Deisiúcháin agus Léasaithe agus;
- An Scéim Deontais um Chomhairle Chaomhnaithe
Leanfaidh an Chomhairle ag obair go réamhghníomhach le húinéirí, le geallsealbhóirí áitiúla, le BASICC, leis an Fhoireann Baile agus leis an phobal i gcoitinne mar chuid dá tiomantas leanúnach d’athghiniúint agus d’fhorbairt inbhuanaithe na nascbhailte.
Dúirt an Clr Martin Harley, Cathaoirleach ar Cheantar Bardasach Bhealach Féich/Shrath an Urláir, “gur ceann de na clocha is mó ar an phaidrín do Bhaill Tofa Cheantar Bardasach Bhealach Féich/Shrath an Urláir é dul i ngleic le foirgnimh fholmha agus dearóiliú agus go mbeidh ról lárnach aige ó thaobh lár baile bríomhar a chothú agus chun gníomhaíocht eacnamaíoch, chónaithe agus phobail atá athnuaite a chur chun cinn i mBealach Féich & Srath an Urláir”. Dúirt sé fosta “agus seachbhóthar na mBailte Nasctha le forbairt sna blianta beaga amach romhainn, neartóidh athghiniúint na bhfoirgneamh folamh suíomh na mbailte féin”.
Dúirt Eamonn Brown, Stiúrthóir Pleanála, Pobail & Cultúir, gur “príomhthosaíocht de chuid na Comhairle é aghaidh a thabhairt ar fhoirgnimh fholmha agus ar dhearóiliú mar chuid dár gcuspóirí athghiniúna i gcoitinne. Léiríonn an saothar suirbhéireachta a cuireadh i gcrích na dúshláin agus na deiseanna atá ann do lár baile Bhealach Féich/Srath an Urláir. Tá cur chuige struchtúrtha agus réamhghníomhach ag an Chomhairle trí úinéirí a aithint, teagmháil dhíreach a dhéanamh leis na húinéirí sin agus bealaí praiticiúla a aimsiú chun na foirgnimh seo a thabhairt chun úsáide arís. Má dhéantar athbheochan ar fhoirgnimh fholmha agus thréigthe, cuirfear leis an gheilleagar áitiúil trína neartú, déanfar cuma lár an bhaile a fheabhsú agus tacófar le hathghiniúint fhadtéarmach an phobail sna nascbhailte”.
Más úinéir ar fhoirgneamh folamh agus/nó foirgneamh tréigthe thú i lár baile Bhealach Féich/Srath an Urláir nó in áit eile, is féidir leat tuilleadh eolais a fháil trí:
- Ríomhphost a sheoladh chuig: vacanthomes@donegalcoco.ie
- Súil a chaitheamh ar ár suíomh gréasáin ag www.donegalcoco.ie/regeneration