Date: 07 Aib 2026
Mórghlantacháin Dhún na nGall 2026
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag moladh do phobail ar fud an chontae a bheith rannpháirteach i bhFeachtas Mórghlantacháin Dhún na nGall 2026, togra a tharraingíonn grúpaí pobail, scoileanna, gnólachtaí agus eagraíochtaí deonacha le chéile chun dul i ngleic le cúrsaí bruscair agus le timpeallachtaí áitiúla a chosaint.
Tá an feachtas seo mar chuid de chlár gníomhaíochta ar son na haeráide agus clár feasachta comhshaoil Chomhairle Contae Dhún na nGall ina n-iarrtar ar phobail gníomhú agus rud inteacht dearfach, feiceálach a dhéanamh in gceantar féin.
Bíonn rannpháirtíocht láidir ann bliain i ndiaidh bliana ó leithéidí Na Bailte Slachtmhara, eagraíochtaí pobail, scoileanna agus oibrithe deonacha, a léiríonn an éifeacht a thig le pobail áitiúla a bhaint amach le chéile. Moltar do phobail a gcuid imeachtaí glantacháin a eagrú le linn mhí an Aibreáin agus a bheith ag comhoibriú lena chéile chun Dún na nGall a choinneáil glan, glas agus galánta dóibh sin atá ag cur fúthu ann nó do thurasóirí ar mian leo cuairt a thabhairt ar an chontae.
Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning béim ar an ról tábhachtach a bhíonn ag oibrithe deonacha agus ag grúpaí pobail maidir le cúram a dhéanamh dá gceantar féin.
“Is sampla maith é Feachtas Mórghlantacháin Dhún na nGall a léiríonn an méid a thig a bhaint amach nuair a thagann pobail le chéile agus cuspóir amháin acu. Bliain i ndiaidh bliana, tchíonn muid mórtas agus tiomantas ó phobail ar fud Dhún na nGall a chuireann am ar leataobh ar mhaithe lena dtimpeallacht féin. Mholfainn go mór d’achan ghrúpa pobail, scoil agus eagraíocht a bheith rannpháirteach agus a gcuid féin a dhéanamh le Dún na nGall a choinneáil glan agus galánta do chách.”
Tharraing Michael McGarvey, Stiúrthóir Seirbhíse aird ar a thábhachtaí is atá an togra agus an rath leanúnach a bhaineann leis. Thug sé aitheantas don obair mhór mhaith a rinne breis is 5,700 oibrí deonach a bhí páirteach in imeachtaí glantacháin ar fud an chontae anuraidh.
“Tá Feachtas Mórghlantacháin Dhún na nGall go fóill ina bhunchloch de ghníomhaíocht timpeallachta sa chontae, atá faoi stiúir na bpobal féin. Ón bhliain 2015 i leith, d’éirigh go hiontach leis an fheachtas, a leagann béim arís is arís eile ar an fhreagracht atá le roinnt againn uilig maidir le cosc a chur ar chaitheamh bruscair agus lenár dtimpeallacht nádúrtha a chosaint.”
Cuireann Comhairle Contae Dhún na nGall tacaíocht ar fáil d’imeachtaí glantacháin áitiúla trí na hacmhainní atá de dhíth ar phobail a chur ar fáil dóibh agus trí bhainistiú a dhéanamh ar bhruscar ar bith a bhailítear ag na himeachtaí sin.
Moltar do ghrúpaí pobail a bhfuil sé i gceist acu imeacht glantacháin a reáchtáil, foirm iarratais Chomhairle Contae Dhún na nGall a líonadh chun breis tacaíochtaí ón údarás áitiúil a fháil, ina n-áirítear trealamh ar nós bainteoir bruscair, miotóga agus málaí. Is féidir clárú leis an Ghlantachán Náisiúnta Earraigh chun tairbhe a bhaint as acmhainní agus tacaíochtaí chomh maith.
Tá tuilleadh eolais faoin dóigh le bheith rannpháirteach ann le fáil ag Glanadh Mór Dhún na nGall | Comhairle Contae Dhún na nGall