Date: 17 Feabh 2026
An Chéad Fhód iompaithe do Thogra Sábháilteachta Bóthair ar fiú €2.4m é ag Timpeallán na Lathaí
Rinne an Clr Michael Naughton, Cathaoirleach ar Cheantar Bardasach Dhún na nGall, i bpáirt le baill thofa ó Cheantar Bardasach Dhún na nGall, an chéad fhód a iompú don Togra Sábháilteachta Bóthair ar an N15 ag Timpeallán na Lathaí ar an Luan 16 Feabhra.
Tá an Scéim um Shábháilteacht ar Bhóithre a Fheabhsú lánmhaoinithe ag Bonneagar Iompair Éireann (TII) agus tiocfaidh sé in áit acomhal reatha cead bealaigh an N15/R232. Tá sé beartaithe timpeallán aontreo a chur ann agus dul i ngleic le himní faoi chúrsaí sábháilteachta atá ann le fada. Déanfar áiseanna úra a bhaineann le taisteal gníomhach a chuimsiú do na daoine sin atá níos leochailí agus iad ag úsáid an bhóthair.
Chuir Damian McDermott, Innealtóir Sinsearach le Comhairle Contae Dhún na nGall fáilte roimh na baill thofa a bhí i láthair agus thug buíochas d’fhoireann an togra – Johnny McGill, Thomas Fox ó Oifig na mBóithre Náisiúnta agus Innealtóir Sábháilteachta ar Bhóithre Réigiúnacha Karen Hartin as a saothar uilig chun an togra a thabhairt ar aghaidh go dtí an chéim tógála.
Dúirt Bryan Cannon, Stiúrthóir Seirbhíse sa Rannóg Bóithre & Iompair le Comhaire Contae Dhún na nGall: “Ár mbuíochas le Bonneagar Iompair Éireann (TII) as maoiniú a chur ar fáil don scéim sábháilteachta seo atá ríthábhachtach ar fad. De bharr na hinfheistíochta, beidh buntáistí fadtéarmacha ann d’achan duine a chónaíonn, a oibríonn nó a thaistealaíonn tríd an cheantar seo. Tá an N15 ar nós tairseach Dhún na nGall agus cheantar an iarthuaiscirt, agus is léiriú é an togra seo ar ár gcoimitmint leanúnach lena chinntiú go bhfuil ár mbóithre níos sábháilte agus níos éifeachtaí. Ba mhaith linn buíochas a thabhairt do mhuintir na Lathaí as a dtacaíocht, agus leis na hionadaithe áitiúla a thug tacaíocht don scéim. Guíonn muid gach ádh ar an Chonraitheoir, agus ar fhoirne maoirsithe an tsuímh agus iad ag cur tús leis an obair thógála.”
Dúirt an Clr Michael Naughton: Tá lúcháir orm go bhfuil an togra seo faoi lán seoil. Tharla go leor timpistí ar an phíosa seo bealaigh ar an N15 le blianta agus is mór an fhíordhifríocht a dhéanfas an obair uasghrádaithe seo d’achan duine.
Tá muintir na háite ag éileamh an fheabhsaithe le tamall anuas agus ba mhaith liom buíochas a ghabháil leo as a gcomhoibriú le NRO, as tacú leis an scéim, agus as cuidiú linn an togra a bhogadh ar aghaidh go dtí an chéim seo. Trí thimpeallán nua-aimseartha a chur in áit an achoimhail, ní hamháin go ndéanfar an sruth tráchta a fheabhsú ach beidh céimeanna fiúntacha á dtógáil againn le sábháilteacht ar bhóithre a fheabhsú, le beatha daoine a shábháil, agus lena chinntiú go bhfuil sé inrochtana d’achan duine.”
Tá an conradh tógála bainte amach ag Northstone Materiels Teo, ina bhfuil Innealtóirí Comhairliúcháin Roughan & O’Donavan ag feidhmiú mar Ionadaí Fostóra do Chomhairle Contae Dhún na nGall. Táthar ag súil go mbeidh an an togra curtha i gcrích sa cheathrú dheireanach den bhliain.