Date: 03 Feabh 2026
Cláracha Cumarsáide Úra seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall chun tacú leis an Rochtaineacht don uile dhuine ar fud an Chontae
Tá togra úr seolta ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ina gcuirtear Cláracha Cumarsáide suas ar fud a cuid brainsí, rud atá ina chéim shuntasach chun tosaigh i dtreo an inrochtaineacht agus an ionchuimsitheacht a fheabhsú do gach duine a úsáideann na leabharlanna.
Cuireadh suas trí cinn déag de Chláracha Cumarsáide móra i leabharlanna ar fud an chontae, chomh maith le leaganacha ‘beir abhaile leat’ A4, ar cuspóir leo tacú leis an chumarsáid neamhbhriathartha agus leis an luathfhorbairt teanga, agus chun é a dhéanamh níos fusa dul i gcumarsáid le baill foirne agus le daoine eile sa leabharlann.
Is é an Coiste Forbartha Pobail Áitiúil a mhaoinigh an togra, agus cuireadh i bhfeidhm é i gcomhpháirtíocht leis an charthanas Finding Charlie’s Voice. Mar thoradh ar an togra seo, cinntítear go dtig le páistí, daoine óga agus daoine fásta a bhfuil tacaíochtaí cumarsáide de dhíth orthu – ar a n-áirítear iad siúd a bhfuil dúshláin neamhbhriathartha, uathachas nó deacrachtaí labhartha nó teanga acu – a bheith go hiomlán rannpháirteach i saol na leabharlainne, páirt a ghlacadh in imeachtaí agus rochtain a fháil ar sheirbhísí ar dhóigh níos neamhspleáiche agus níos muiníní.
Tá íomhánna agus siombailí simplí ar na Cláracha Cumarsáide seo, agus an téacs i mBéarla agus i nGaeilge, chun ligean d’úsáideoirí a riachtanais a chur in iúl, ceisteanna a chur agus idirghníomhú le baill foirne gan bheith ag brath go hiomlán ar an chumarsáid chainte.
Agus í ag caint faoi na cláracha, is é a dúirt Maureen Kerr, Leabharlannaí an Chontae:
“Is é an sprioc atá againn i gcónaí ná a chinntiú go mothaíonn gach duine a thagann isteach tríd an doras chugainn go bhfuil tacaíocht ann dóibh agus go bhfuil siad in ann páirt a ghlacadh i saol na leabharlainne ar dhóigh is fearr a fhóireann dóibh féin. Tá an togra seo mar chuid de thiomantas leanúnach Leabharlanna Dhún na nGall spásanna fáiltiúla tacúla pobail a chruthú trína gcuirtear ar chumas daoine dul i mbun foghlamtha, ceangal le daoine eile agus saol faoi bhláth a bheith acu. Is céim shimplí ach chumhachtach iad na Cláracha Cumarsáide seo i dtreo cuidiú le tuilleadh daoine cumarsáid a dhéanamh go furasta taobh istigh dár gcuid leabharlann agus tá bród orainn go bhfuil an acmhainn seo á tabhairt isteach i mbrainsí ar fud an chontae”.
Tá na Cláracha Cumarsáide ar fáil in achan bhrainse anois, agus molaimid don phobal bualadh isteach, féachaint thart orthu agus tuilleadh eolais a fháil faoin réimse níos forleithne tacaíochtaí atá ar fáil ar fud Leabharlanna Dhún na nGall – a bhfuil ina measc Scéalta Sóisialta, bréagáin chéadfacha, táblaí idirghníomhacha Tovertafel, C-Pinn, cluasáin lena laghdaítear tormán, formáidí léitheoireachta inrochtana amhail cló mór agus closleabhair, deasca ar féidir iad a ardú nó a ísliú, agus imeachtaí atá tuisceanach ó thaobh na gcéadfaí de lenár leabharlanna a dhéanamh níos fáiltiúla do gach duine. Tá ballraíocht leabharlainne go hiomlán saor in aisce, agus níl fíneálacha i bhfeidhm a thuilleadh as ábhar a bheith amuigh thar am, rud a chinntíonn gur féidir le gach ball dár bpobal sult a bhaint as ár gcuid seirbhísí gan aon chonstaic.
Fá choinne tuilleadh eolais faoi na tacaíochtaí ionchuimsitheacha atá ar fáil, tabhair cuairt ar donegallibrary.ie nó lean Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall ar Facebook @DonegalCountyLibrary nó ar Instagram @donegallibrary