Date: 09 Feabh 2026
Cuireadh á thabhairt do dhaltaí bunscoile saothar ealaíne den téama “Ag Trasnú an Bhóthair go Sábháilte” a chruthú le feasacht a ardú i dtaca le sábháilteacht bóthair
Tá Comhairle Contae Dhún na nGall, Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall agus Cumann Sacair Chláirseacha na Finne i ndiaidh dul i gcomhpháirt lena chéile arís eile leis an tsábháilteacht bóthair a chur chun cinn tríd an Chomórtas Ealaíne Sábháilteachta Bóthair do Bhunscoileanna.
Tá muid ag iarraidh ar dhaltaí bunscoile ar fud Dhún na nGall cuidiú linn feasacht a ardú i dtaca le sábháilteacht bóthair trí pháirt a ghlacadh sa chomórtas.
Sa tionscnamh seo, tugtar dúshlán do na daltaí saothar ealaíne a chruthú ina bhfuil mana sábháilteachta bóthair a dhíríonn ar théama na bliana seo, “Ag Trasnú an Bhóthair go Sábháilte”, lena gcuirtear béim ar a thábhachtaí agus atá sé a bheith airdeallach agus feiceálach, agus roghanna sábháilte a dhéanamh, i dtólamh.
Ag ócáid seolta an chomórtais i Scoil Naomh Mhuire Caisleán na Finne, dúirt Pamela Smullen, Comhairle Contae Dhún na nGall: “Tá muid ar bís Comórtas Ealaíne Sábháilteachta Bóthair do Bhunscoileanna 2026 a sheoladh, lena dtabharfar deis do dhaltaí ar fud an chontae a scileanna cruthaitheachta a úsáid chun cuidiú le teachtaireacht thábhachtach na sábháilteachta bóthair a scaipeadh. Is é is aidhm leis an chomórtas seo feasacht a ardú agus nósanna maithe sábháilteachta bóthair a spreagadh i measc an aosa óig. Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Meitheal Sábháilteachta Bóthair Chontae Dhún na nGall fíorbhuíoch as na hiarrachtaí a dhéanann na scoileanna ar fud an chontae a bhíonn páirteach ann agus a mbíonn ról fíorthábhachtach acu i dtaca le cur chun cinn na sábháilteachta bóthair. Gabhaimid ár mbuíochas le Cláirseacha na Finne as a dtacaíocht leanúnach don chomórtas agus as an méid a dhéanann siad le feasacht sábháilteachta bóthair a chur chun cinn.”
Iarrtar ar dhaltaí a saothar ealaíne a chur isteach le go mbeidh deis acu duaiseanna iontacha aonair a bhaint, chomh maith le duais speisialta don scoil mar phríomhbhuaiteoir iomlán, rud a chiallaíonn gur comórtas é seo a dtig le daltaí agus a scoilsean araon tairbhe a bhaint as.
Dúirt Kevin McHugh, bainisteoir na chéad foirne le Cumann Sacair Chláirseacha na Finne: “Tá gach duine ag an Acadamh agus ag an Chumann Sacair iontach bródúil as bheith bainteach leis an chomórtas iontach seo agus as an chomhoibriú le Meitheal Sábháilteachta Bóthair Dhún na nGall.
Ag an Acadamh s’againne, bímid ag tabhairt isteach nósanna maithe a bhaineann le stíl mhaireachtála gach seachtain do pháistí ag aois an-óg, agus ba doiligh smaointiú ar aon nós a bheadh ní ba thábhachtaí ná ní ba mhó ná an tsábháilteacht bóthair ag an am áirithe seo.
Tá téama na bliana seo, “Ag Trasnú an Bhóthair go Sábháilte” ina théama an-tábhachtach do na mílte mílte páiste ar fud an chontae, bíodh siad ag dul ar scoil, ag glacadh páirt i ngníomhaíochtaí spóirt nó ina ngnáthshaol laethúil, agus is gá go gcuirtear na contúirtí a bhaineann le dul trasna bóthair, nó a bheith in aice le bóthar, ina luí orthu.
An saothar ealaíne sábháilteachta bóthair a mbeidh an bua aige, cuirfidh Cumann Sacair Chláirseacha na Finne ar taispeáint é ina bpáirc pheile agus ar a gcuid ardán ar líne, agus déanfaidh siopaí de chuid Kernans amhlaidh. An rang scoile as a dtagann an príomhbhuaiteoir iomlán, gheobhaidh siadsan trealamh traenála agus seisiún cóitseála le lucht cóitseála Chláirseacha na Finne.
Beidh an comórtas ar oscailt le haghaidh iontrálacha go dtí An Chéadaoin 4 Márta 2026.
Ba chóir iontrálacha a sheoladh chuig: An Comórtas Ealaíne Sábháilteachta Bóthair, Comhairle Contae Dhún na nGall, An Chearnóg, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622