Skip to main content

February

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Date: 25 Feabh 2026

Oidhreacht

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Úsáideadh maoiniú ó Scéim Deontais Oidhreachta Pobail na Comhairle Oidhreachta chun deisiúcháin chaomhnaithe fuinneog a dhéanamh ar Eaglais Naomh Lugadius / Eaglais Pharóiste Chluain Lao i Leifear anuraidh.
Úsáideadh maoiniú ó Scéim Deontais Oidhreachta Pobail na Comhairle Oidhreachta chun deisiúcháin chaomhnaithe fuinneog a dhéanamh ar Eaglais Naomh Lugadius / Eaglais Pharóiste Chluain Lao i Leifear anuraidh.

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026. Leis an scéim seo, tacaítear le tionscadail a chuireann dea-chleachtas chun cinn maidir le hoidhreacht nádúrtha, thógtha, seandálaíochta agus chultúrtha na hÉireann a chaomhnú, a bhainistiú agus a léirmhíniú. Is gá do na coistí a thaispeáint go bhfuil tairbhe shoiléir phoiblí, rannpháirtíocht láidir phobail agus, nuair is cuí, ionchur ó dhaoine gairmiúla cáilithe i réimse na hoidhreachta, i gceist leis na tionscadail.

“Anuraidh, d’éirigh le 9 gcoiste oidhreachta nó pobail atá lonnaithe i gContae Dhún na nGall maoiniú thart ar €165,876 a fháil faoin scéim” a mhínigh Joseph Gallagher, Oifigeach Oidhreachta Chontae Dhún na nGall. “Tríd an scéim deontais seo, cuirtear tacaíocht ríthábhachtach ar fáil do choistí deonacha atá ag obair go réamhghníomhach chun an oidhreacht a chosaint agus a chur chun cinn ar fud an chontae. Tá deontais idir €800 agus €25,000 ar fáil. Is gá do na tionscadail a léiriú go bhfuil sé de chumas ag an choiste pobail an tionscadal a chur i gcrích, buiséadú réadúil a dhéanamh agus cloí le caighdeáin dea-chleachtais. Na tionscnaimh a dtacaítear leo faoin scéim seo, leagann siad béim ar a thábhachtaí agus atá an oidhreacht dár bhfolláine shóisialta, chultúrtha, thimpeallachta agus eacnamaíochta, chomh maith le tacú le fostaíocht áitiúil laistigh d’earnáil na hoidhreachta.”

Tá maoiniú ar fáil do thionscnaimh a bhaineann le háiteanna, bailiúcháin, foirgnimh, séadchomharthaí, gnáthóga, speicis agus rudaí, chomh maith le tionscadail a chuireann feabhas ar inrochtaineacht agus ionchuimsitheacht ag suíomhanna oidhreachta. I measc na dtionscadal atá incháilithe tá oibreacha caomhantais ar fhoirgnimh stairiúla (faoi réir ag na ceadanna cuí), pleananna bainistithe caomhantais, iniúchtaí rochtana, tionscadail dhigiteacha, suirbhéanna oidhreachta, pleananna léirmhíniúcháin, taifeadadh reiligí, tionscnaimh bhithéagsúlachta, tionscadail eolaíochta saoránach, oiliúint, ceardlanna agus trealamh speisialaithe a cheannach atá de dhíth fá choinne caomhnú nó doiciméadú oidhreachta.

“Tá an Scéim Deontais Oidhreachta Pobail ar cheann de na bealaí is tábhachtaí lena dtacaímid le maoirseacht áitiúil ar oidhreacht na hÉireann” a dúirt Virginia Teehan, Príomh-Oifigeach Feidhmiúcháin leis an Chomhairle Oidhreachta. “Gach bliain, tchímid coistí pobail ag léiriú cruthaitheacht iontach maidir le bealaí a fhorbairt chun cúram a thabhairt do na háiteanna, do na scéalta agus do na timpeallachtaí nádúrtha atá tábhachtach dóibh, agus chun iad a chur chun cinn. Tríd an scéim seo, cuirtear ar chumas daoine gníomh suntasach a dhéanamh, bíodh sin struchtúr stairiúil a athchóiriú, an bhithéagsúlacht a chaomhnú nó bealaí úra a chruthú don phobal chun ceangal lena n-oidhreacht áitiúil. Tugann na tionscadail seo spreagadh dúinn i gcónaí agus tá muid ag dúil go mór le tacú le pobail ar fud na tíre arís eile in 2026”.

Ní thacaíonn an scéim le tionscadail lena gcomhlíontar freagrachtaí reachtúla de chuid comhlacht poiblí ná le tionscadail oideachais tríú leibhéal, tochailtí seandálaíochta, comharthaíocht, foilseacháin, comhdhálacha, cuimhneacháin, oibreacha tírdhreachaithe do shaoráidí ná le tionscadail atá bunaithe ar an churaclam bunscolaíochta.

Tá tuilleadh eolais ar fáil faoin Scéim Deontais Oidhreachta Pobail ar shuíomh gréasáin na Comhairle Oidhreachta (www.heritagecouncil.ie/funding).  Tá comhairle agus treoir ar fáil fosta ó Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall ar (074) 917 2576 nó trí ríomhphost ar heritage@donegalcoco.ie

Moltar daoibh dul i gcomhairle le hOifigeach Oidhreachta an Chontae go luath.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Image text description

Date: 29 Ean 2026

Breis agus €212,000 faighte ag Dún na nGall mar Mhaoiniú don Oidhreacht Thógtha

Fógraíodh dhá scéim um dheontais chaomhnaithe ar na mallaibh maidir le maoiniú chun tacú le 16 fhoirgneamh oidhreachta ar fud Dhún na nGall.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)