Skip to main content

February

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Date: 24 Feabh 2026

Oidhreacht

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030.  Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh.  D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Is í an bhithéagsúlacht éagsúlacht an tsaoil timpeall orainn.  Is iad na plandaí, na hainmhithe, na gnáthóga agus na héiceachórais a fhágann gur áit speisialta é Contae Dhún na nGall. Tacaíonn cóstaí, ardtailte, portaigh, aibhneacha, oileáin agus talamh feirme Dhún na nGall le héagsúlacht shaibhir fiadhúlra agus tá siad lárnach d'fhéiniúlacht agus d'fholláine na contae. 

Freagraíonn an dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta do ghealltanais náisiúnta agus do dhualgas bithéagsúlachta Chomhairle Contae Dhún na nGall, agus díríonn sé ar ghníomhaíocht phraiticiúil, lena n-áirítear feabhas a chur ar eolas agus feasacht, tailte na Comhairle a bhainistiú ar bhealaí nach ndéanann dochar don dúlra agus comhpháirtíochtaí láidre agus tionscadail áitiúla a thógáil ar fud Dhún na nGall.

Tá Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030 ar fáil le hathbhreithniú a dhéanamh air ón 23 Feabhra go dtí an 23 Márta 2026 agus tá an Tuarascáil Scagthástála Measúnachta Cuí agus an Tuarascáil Scagthástála Measúnachta Timpeallachta Straitéisí do Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall ag gabháil leis.

Más mian le duine ar bith trácht a dhéanamh nó a dtuairimí, is féidir é sin a dhéanamh ar bhealaí éagsúla.

  • Tairseach ar líne: Bain úsáid as ár dtairseach suirbhé ar líne chun do thuairimí a chur isteach ag https://consult.donegal.ie/
  • Seol ríomhphost chuig: biodiversity@donegalcoco.ie. Ba chóir go mbeadh "Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030" le feiceáil ar líne an ábhair
  • I scríbhinn chuig: Oifigeach Bithéagsúlachta, Comhairle Contae Dhún na nGall, Teach na Contae, Leifear, Contae Dhún na nGall, F93 Y622.
  • Go pearsanta ag clinicí buail isteach bithéagsúlachta poiblí le hOifigeach Bithéagsúlachta Chomhairle Contae Dhún na nGall mar atá sonraithe thíos:

Dáta

Ionad

Am

Dé Céadaoin, 25 Feabhra 2026

Leabharlann Phobail Bhun Cranncha

Bóthar Naomh Muire, Bun Cranncha

F93 YK68

 

3.30pm – 6.30pm

Dé Luain, 2 Márta 2026

Músaem Chontae Dhún na nGall

An Bóthar Ard

Leitir Ceanainn

F92 K123

3.30pm – 6.30pm

Dé Máirt, 3 Márta 2026

An Seanteach Cúirte

An Diamant

Leifear

F93 CD6F

2 – 5pm

Dé Céadaoin, 4 Márta 2026

Leabharlann Phobail Ghaoth Dobhair

Aislann Ghaoth Dobhair

Páirc Ghnó Ghaoth Dobhair

Doirí Beaga

F92 PT38

3 – 4pm &

5 – 6.30pm

Dé Sathairn, 21 Márta 2026

Leabharlann Phobail Bhun Dobhráin

Bóthar an Stáisiúin

Bun Dobhráin

 F94 CKX7

11am – 1pm

Ba chóir d'ainm agus do sheoladh a bheith san áireamh i ngach aighneacht, agus, nuair is cuí, sonraí aon eagraíochta, grúpa pobail nó cuideachta srl., a ndéanann tú ionadaíocht orthu.

Is é Dé Luain an 23 Márta 2026 an spriocdháta le haghaidh aighneachtaí.

Má tá aon cheist agat nó má theastaíonn tuilleadh sonraí uait, déan teagmháil leis an Oifig Bithéagsúlachta trí ríomhphost ag: biodiversity@donegalcoco.ie nó ar an fhón ag 074 91 53900.  Tacaíodh le forbairt Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Dhún na nGall le maoiniú ón Chomhairle Oidhreachta, trí chlár Phlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta an Chontae.  Cuirtear Clár Oifigeach Bithéagsúlachta na nÚdarás Áitiúil ar fáil i gcomhpháirtíocht leis an Chomhairle Oidhreachta.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 13 Márta 2026

Gradam úr náisiúnta bainte ag an Taispeántas Oidhreachta ‘Ag Obair Thall’

Tá an chéad Ghradam Oidhreachta Áitiúla faoin téama ‘Ceangal’ bainte ag taispeántas mór ina ndéantar comóradh ar obair na bhfear agus na mban as Dún na nGall in Albain idir 1940 agus 1990. Fógraíodh an bua ag na Gradaim Uile-Éireann le haghaidh Pobal agus Comhairlí de chuid Chumann Chomhaltaí na nÚdarás Áitiúil (CCÚÁ) in Ionad Comhdhála Ríoga Bhaile Átha Cliath Dé Sathairn 28 Feabhra. Is tionscnamh comhoibritheach é an tionscadal idir Oifig Oidhreachta Chontae Dhún na nGall, Músaem an Chontae, Seirbhís Cartlainne an Chontae agus Ionad Uí Mhealláin le haghaidh Staidéir Imirce mar chuid de Phlean Oidhreachta Chontae Dhún na nGall.

Image text description

Date: 25 Feabh 2026

Scéim Deontais Oidhreachta Pobail oscailte

Tá an Chomhairle Oidhreachta ag glacadh le hiarratais ar líne ó choistí pobail agus deonacha i gContae Dhún na nGall trína Scéim Deontais Oidhreachta Pobail go dtí 8pm Dé hAoine 20 Márta 2026

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Táthar ag iarraidh ar an phobal a dtuairimí a chur in iúl faoi Dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026–2030

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag iarraidh ar bhaill den phobal, ar ghrúpaí pobail, ar úinéirí talún, ar ghnólachtaí agus ar eagraíochtaí a dtuairimí a chur in iúl faoi dhréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026 - 2030. Cuireann Dréachtphlean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall 2026-2030 creatlach ar fáil do ghníomhaíocht bithéagsúlachta sna cúig bliana amach romhainn leis an fhís bhithéagsúlachta i gContae Dhún na nGall a chosaint, a athchóiriú agus a cheiliúradh. D'ullmhaigh Comhairle Contae Dhún na nGall agus Grúpa Oibre Bithéagsúlachta Chontae Dhún na nGall an Plean Gníomhaíochta Bithéagsúlachta i ndiaidh tréimhse d'aighneachtaí poiblí agus rannpháirtíocht le páirtithe leasmhara anuraidh.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)