Date: 12 Feabh 2026
Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh
Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.
Ina measc siúd a bhí i láthair bhí Cathaoirleach agus Leaschathaoirleach Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall - an Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig agus an Clr Máirtín Ó Scanláin, Bainisteoir Réigiúnach sa Rannóg Pobail agus Fiontraíochta, Pádraig Ó Dochartaigh agus oifigigh ó Rannóg na Gaeilge - Róise Ní Laifeartaigh agus Clíona Ní Ghallachóir.
Pléadh na deiseanna agus féidearthachtaí atá ann an Ghaeilge a chur chun cinn trí sheirbhísí agus ó thaobh feasachta de taobh istigh de na hÚdaráis Áitiúla ar fud na tíre.
Ag labhairt dó i ndiaidh an chruinnithe, dúirt an Clr Micheál Choilm Mac Giolla Easbuig a rinne cathaoirleacht ar an chruinniú, “Bhí sé ríthábhachtach go raibh Comhairlí eile i bhfách le comhoibriú linne i gComhairle Contae Dhún na nGall agus an Ghaeilge a chur chun tosaigh taobh istigh dá nÚdarás Áitiúil féin ag am nuair atá an Ghaeilge faoi bhrú - sa Ghaeltacht ach go háirithe. Bhí sé ina ábhar spéise dúinne cloisteáil faoina bhfuil ar bun ag Comhairlí eile le borradh a chur faoi chúrsaí teanga agus deis mhaith a bhí ann smaointe a chíoradh, a roinnt agus foghlaim óna chéile.”
Thug ionadaithe ó na Comhairlí éagsúla léargas ar staid reatha na Gaeilge ina n-údarás féin agus bhí plé ar bhealaí a bhféadfadh an comhoibriú réigiúnach agus náisiúnta seo cur le húsáid agus le feiceálacht na Gaeilge ar fud na n-údarás áitiúil.
Rinne Róise Ní Laifeartaigh cur síos ar obair laethúil Rannóg na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall agus mar a oibríonn siad lena ndualgais reachtúla teanga a chomhlíonadh, na himeachtaí a bhíonn ar bun acu agus na hócáidí a bhfhreastalaíonn siad orthu. Labhair Clíona Ní Ghallachóir faoi chúrsaí aistriúcháin sa Chomhairle agus mar a théann an tseirbhís chun sochair do chomhaltaí tofa le Gaeilge. Dúirt sí go gcinntíonn an tseirbhís go bhfuil cothromaíocht ann do chách. Ag tógáil air seo, mhaígh an Clr Mac Giolla Easbuig go bhfuil sé dúshlánach ar dtús ach gur fiú an tairbhe an trioblóid, “Níl sé furast an chéad chéim a thógáil ach tá muidne sásta treoir agus tacaíocht a chur ar fáil do chomhaltaí tofa eile a bhfuil Gaeilge acu agus ar mhaith leo í a labhairt agus a úsáid mar theanga oibre laethúil taobh istigh dá gComhairle féin.”
Lena chois sin, bhí an meitheal tras-chomhairle páirteach i seoladh tionscnamh nua de chuid Chomhairle Cathrach na Gaillimhe chun úsáid laethúil na Gaeilge a spreagadh ar fud na heagraíochta - an láinnéar ‘Tá Gaeilge agam’ do bhaill foirne agus do chomhaltaí tofa ar achan leibhéal líofachta, atá toilteanach páirt a ghlacadh i gcomhrá trí Ghaeilge.
Táthar ag súil go mbeidh an meitheal oibre seo ag obair as lámha a chéile feasta agus a n-aird dírithe ar úsáid agus ar neartú na Gaeilge sna Comhairlí agus le baill foirne le Gaeilge a mhéadú ar mhaithe le bheith ábalta seirbhísí d’ardchaighdeán sna teangacha oifigiúla a chur ar fáil don phobal.