Skip to main content

January

Athrú Molta (Uimh.1) ar Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 foilsithe ag an Chomhairle

Date: 19 Ean 2026

Pleanáil

Athrú Molta (Uimh.1) ar Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 foilsithe ag an Chomhairle

Tá Athrú Molta (Uimh.1) ar Phlean Forbartha an Chontae 2024-2030 foilsithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus beidh sé ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí idir 16 Eanáir agus 13 Feabhra 2026. 

Tá na nithe seo a leanas mar chuid den athrú molta:

  • Pleananna Limistéir nua do An Clochán Liath, do Bhéal Átha Seanaidh, do Cheann an Droichid, don Charn Domhnach, do Bhaile Dhún na nGall agus do Na Cealla Beaga. Beidh na Pleananna Limistéir seo mar threoir nuair atá pleanáil agus cinntí faoi mhaoiniú poiblí a bhaineann le tithíocht, athghiniúint uirbeach, an córas iompair agus forbairt eacnamaíochta agus pobail ar bun sna bailte thuas amach anseo. Tiocfaidh na pleananna seo in áit na bpleananna limistéir áitiúla reatha atá mar chuid de ‘Plean Limistéir Áitiúil na Seacht mBaile Straitéiseacha 2018-2024’.
  • Leasuithe ar Phlean Limistéir Bhun Cranncha trí athchriosú a dhéanamh ar thailte i gCnoc an Choiligh, Bun Cranncha ó Chéim Chónaithe Nua 2 go Céim Chónaithe Nua 1.
  • Leasuithe ar Phlean Limistéir Leitir Ceanainn mar thoradh ar Cháin Talún Criosaithe Cónaithe a bhaineann le criosuithe agus athchriosú a dhéanamh ar thailte ‘Limistéar Oidhreachta Nádúrtha beartaithe (LONb)’ go Timpeallacht Áitiúil. 
  • Leasuithe ar Phlean Limistéir Bhealach Féich/Shrath an Urláir mar thoradh ar athchriosuithe Cháin Talún Criosaithe Cónaithe agus athchriosú a dhéanamh ar thailte i Muileann an Droichid, Srath an Urláir go Céim Chónaithe Nua 1.

Chomh maith leis an Athrú molta, tá Pleananna Iompair Áitiúla ann do gach Plean Limistéir nua agus measúnuithe comhshaoil lena n-áirítear Tuarascáil Chomhshaoil, Tuarascáil Tionchair Natura agus Measúnú Straitéiseach ar Riosca Tuilte.

San athrú molta seo, táthar ag súil go mbainfear na riachtanais fáis tithíochta uasdátaithe amach atá le fáil i gCur i bhFeidhm an Chreata Náisiúnta Pleanála (NPF): Treoirlínte maidir le Riachtanais Fáis Tithíochta d’Údaráis Phleanála’.
Is féidir súil a chaitheamh ar an Athrú Molta chomh maith le Léarscáileanna Criosaithe Úsáid Talún, Pleananna Iompair Áitiúla agus Measúnuithe Comhshaoil:

Tá cóipeanna crua de na doiciméid ar fáil ón Lárionad Pleanála (déan teagmháil leo ar 0749153900 nó seol ríomhphost chuig planningcpu@donegalcoco.ie).

Beidh na himeachtaí buail isteach seo a leanas á reáchtáil ag an Chomhairle chomh maith:

Áit

Am

Dáta

Scoil Náisiúnta Naomh Aonghus, Ceann an Droichid

4pm - 8pm

Dé Máirt 27 Eanáir 2026

Seomra na Comhairle,

Ionad Seirbhísí Poiblí Bhaile Dhún na nGall

4pm - 8pm

Dé Máirt 27 Eanáir 2026

Leabharlann Bhéal Átha Seanaidh

4pm - 8pm

Dé Céadaoin 28 Eanáir 2026

Seomra na Comhairle,

Ionad Seirbhísí Poiblí an Chlocháin Léith

4pm - 8pm

Dé Céadaoin 28 Eanáir 2026

Óstán an Bayview,

Na Cealla Beaga

4pm - 8pm

Déardaoin 29 Eanáir 2026

Seomra na Comhairle,

Ionad Seirbhísí Poiblí Charn Domhnach

4pm - 8pm

Déardaoin 29 Eanáir 2026

Is féidir leis an phobal aighneachtaí nó tuairimí i scríbhinn a bhaineann leis an Athrú Molta agus le haon doiciméad gaolmhar a chur isteach idir an Aoine 16 Eanáir 2026 agus an Aoine 13 Feabhra 2026

  • Ar Líne: consult.donegal.ie
  • Ríomhphost: planningcpu@donegalcoco.ie
  • Post: An Lárionad Pleanála, Comhairle Contae Dhún na nGall, Áras an Chontae, Leifear, Co. Dhún na nGall, F93 Y622

Déanfar tuairisc ón Phríomhfheidhmeannach a ullmhú bunaithe ar na haighneachtaí a chuirfear isteach le linn an chomhairliúcháin phoiblí. Déanfaidh na baill thofa an tuairisc sin a mheas sula ndéanfar leasuithe ar ábhair den Athrú Molta. Cuirfear na hAthruithe beartaithe sin ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí sula ndéanfaidh na baill thofa an tAthrú Molta a chur i gcrích.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Athrú Molta (Uimh.1) ar Phlean Forbartha Chontae Dhún na nGall 2024-2030 foilsithe ag an Chomhairle

Tá Athrú Molta (Uimh.1) ar Phlean Forbartha an Chontae 2024-2030 foilsithe ag Comhairle Contae Dhún na nGall agus beidh sé ar fáil le haghaidh comhairliúcháin phoiblí idir 16 Eanáir agus 13 Feabhra 2026.

Image text description

Date: 18 Samh 2025

Leitir Ceanainn – Ag Infheistiú sa Todhchaí Imeacht Eolais don Phobal

Beidh Imeacht Eolais don Phobal á reáchtáil ag Comhairle Contae Dhún na nGall i gcomhar le Feidhmeannacht na Seirbhíse Sláinte (FSS), Ollscoil Teicneolaíochta an Atlantaigh (OTA) agus Bord Oideachais agus Oiliúna Dhún na nGall (BOO) ar an Chéadaoin 19 Samhain 2025 chun eolas a thabhairt faoi na tionscadail agus faoi na hinfheistíochtaí atá beartaithe do Leitir Ceanainn sna blianta beaga amach romhainn.

Image text description

Date: 14 DFómh 2025

Straitéis Athghiniúna & Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail

Seoladh Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta Bhun an Phobail ar an Déardaoin 18 Meán Fómhair 2025 ag 7pm i Halla Glencrow, Bun an Phobail. Chuir an tOifigeach Athghiniúna Bailte le Comhairle Contae Dhún na nGall, Patrica McIntyre fáilte roimh an phobal agus roimh Chathaoirleach Cheantar Bardasach Inis Eoghain, Martin McDermott agus roimh an Chomhairleora Martin Farren a bhí i láthair fosta. Dúirt Patrica “gur mór an pléisiúr é Straitéis Athghiniúna agus Plean Gníomhaíochta do Bhun an Phobail a sheoladh. Is é an comhlacht Dearadh GM agus a Chomhlaigh a d’ullmhaigh an plean i ndiaidh do chomhairliúchán poiblí mionsonraithe a bheith ar siúl níos luaithe i mbliana. Tá moltaí athghiniúna do Bhun an Phobail tugtha sa phlean a chothóidh lár baile atá beo agus bríomhar le hoibriú ann, le cónaí ann agus le seal ama a chaitheamh ann.”

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)