Skip to main content

January

‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ Seolta chun Cuidiú le Daoine Billí a Laghdú agus Éifeachtacht Fuinnimh a Mhéadú

Date: 30 Ean 2026

Cultúr

‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ Seolta chun Cuidiú le Daoine Billí a Laghdú agus Éifeachtacht Fuinnimh a Mhéadú

Le costais fuinnimh ag ardú agus imní faoin timpeallacht ag méadú, tá áthas ar Leabharlann Chontae Dhún na nGall seoladh an treoirleabhráin nua ‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ a fhógairt. Tá an treoirleabhrán seo scríofa i dteanga shimplí shoiléir agus míníonn sé do dhaoine an dóigh is fearr leis na huirisí i dTrealamh Fuinnimh Baile na leabharlainne a úsáid.

Tá an Trealamh Fuinnimh Baile le fáil ar iasacht don phobal saor ina aisce ó leabharlanna áitiúla ar fud Chontae Dhún na nGall. Tugann an trealamh seo, a bhain duaiseanna amach, deis d’úinéirí tí agus do thionóntaí smacht a ghlacadh ar an úsáid fuinnimh ina dtithe féin, agus d’fhéadfaí billí fuinnimh a laghdú suas le 20%. Tá uirlisí praiticiúla i ngach pacáiste trealaimh a dhíríonn ar phríomhréimsí úsáide fuinnimh, téamh spáis, uisce te agus leictreachas. Tá an trealamh le fáil saor in aisce do bhaill na leabharlainne ar feadh seachtain amháin. Ba chóir do chónaitheoirí a bhfuil suim acu ann dul i dteagmháil lena mbrainse leabharlainne áitiúil nó cuairt a thabhairt ar donegallibrary.ie chun pacáiste trealaimh a chur in áirithe.

Tá eolas sa treoirleabhrán ‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ fosta ar Ghníomhaireacht Fuinnimh an Iarthuaiscirt (NWEA) de chuid Chomhairle Contae Dhún na nGall. Is siopa aonionaid í an ghníomhaireacht seo a chuireann comhairle agus tacaíocht ar fáil d’úinéirí tí agus gnólachtaí maidir leis an dóigh lena dtithe agus lena bhfoirgnimh a dhéanamh níos éifeachtúla ó thaobh fuinnimh de.

Beidh seoladh an treoirleabhráin ‘Bí Cliste faoi Fhuinneamh’ ar siúl i Leabharlann Phobail Bhun Cranncha ar an Mháirt, 10 Feabhra ag 10.30am, agus leanfar le taispeántas ina dhiaidh mar aon le leideanna praiticiúla faoin dóigh is fearr leis na huirlisí sa phacáiste a úsáid. Tá fáilte roimh gach duine freastal ar an seoladh. Beidh ceardlanna eile ar siúl i leabharlanna i mBéal an Átha Seanaidh - 11 Feabhra ag 3pm, Na Bailte Nasctha - 13 Feabhra ag 11am, Leitir Ceanainn - 19 Feabhra ag 6pm agus Gaoth Dobhair - 4 Márta ag 6pm. Chun tuilleadh eolais a fháil nó le háit a chur in áirithe, cuir glaoch ar 074 9560862 nó seol ríomhphost chuig dmcgeady@donegalcoco.ie.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 09 Márta 2026

Seirbhís seolta ag Leabharlanna Dhún na nGall - Monatóirí Radóin ar Iasacht chun Tacú le Sláinte an Phobail

Is mór ag Seirbhís Leabharlainne Chontae Dhún na nGall a fhógairt go bhfuil monatóirí radóin digiteacha le fáil ar iasacht anois ó leabharlanna poiblí ar fud an chontae is gan costas ar bith orthu.

Image text description

Date: 24 Feabh 2026

Tugann Seirbhís Leabharlainne Dhún na nGall cuireadh duit Dul Ar Strae le Leabhar Maith le haghaidh Lá Éire Ag Léamh

Tá bród ar Sheirbhís Leabharlainne Dhún na nGall a bheith i dteannta leabharlanna ar fud na hÉireann agus iad ag ceiliúradh Éire Ag Léamh, feachtas náisiúnta ar fud na tíre ar fad chun daoine a spreagadh chun dul ag léamh i rith mhí Feabhra, agus a thiocfaidh chun deiridh le Lá Éire Ag Léamh, Dé Sathairn, 28 Feabhra.

Image text description

Date: 20 Feabh 2026

Seoladh Sheachtain na Gaeilge 2026 i nDún na nGall

Tá Seachtain na Gaeilge ar an tsúil againn agus is mór ag Comhairle Contae Dhún na nGall a fhógairt go seolfar Seachtain na Gaeilge i nDún na nGall i mbliana i nGaelscoil na gCeithre Máistrí, Baile Dhún na nGall, ag ócáid a bheas ar siúl sa scoil Déardaoin 26 Feabhra 2026 ag 11.00am. Beidh ceol, siamsaíocht agus sólaistí ann ar an lá.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)