Date: 29 Ean 2026
Breis agus €212,000 faighte ag Dún na nGall mar Mhaoiniú don Oidhreacht Thógtha
Fógraíodh dhá scéim um dheontais chaomhnaithe ar na mallaibh maidir le maoiniú chun tacú le 16 fhoirgneamh oidhreachta ar fud Dhún na nGall.
Ar an 23 Eanáir, d’fhógair an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne TD, agus an tAire Stáit don Dúlra, don Oidhreacht agus don Bhithéagsúlacht, Christopher O’Sullivan, go mbronnfaí maoiniú de bhreis agus €8.1 milliún ar 969 tionscadal ar fud na hÉireann faoin Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha (SIOT) 2026, a bhfuil ina measc 16 thionscadal i nDún na nGall. As an mhaoiniú iomlán, cuireadh €1.1 milliún ar leataobh le haghaidh oibreacha ar fhoirgnimh ar a bhfuil ceann tuí. Tá an maoiniú seo ina chuidiú ag úinéirí maoine chun foirgnimh agus sráid-dreacha stairiúla a chaomhnú agus a fheabhsú, agus san am céanna, ina chuidiú chun scileanna traidisiúnta tógála a chaomhnú agus a fhorbairt.
Dúirt an tAire Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta, James Browne: “Bíonn caomhnú na hoidhreachta tógtha s’againn ag brath orainne gníomh a dhéanamh inniu chun sláine na bhfoirgneamh seo a chóiriú, a chothabháil agus a chosaint leis an aird agus leis an chúram atá tuillte acu. Sin an tuige a bhfuil mo Roinnse ag leanúint linn ag cur maoiniú suntasach ar fáil faoin scéim seo – agus trí scéimeanna eile chomh maith amhail an Ciste le haghaidh Struchtúir Stairiúla agus an Ciste le haghaidh Séadchomharthaí Pobail – agus ar an dóigh sin go gcuidítear le creatlach ár n-oidhreachta seandálaíochta a athnuachan agus a chosaint bliain ar bhliain.”
Tá 8 gcinn de thionscadail atuíodóireachta i measc na dtionscadal as Dún na nGall ar éirigh leo maoiniú a fháil faoin Scéim um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla (FCTS). Tá 5 thionscadal acu sin suite in Inis Eoghain, an áit a bhfuil an líon is mó teachíní ceann tuí ar marthain sa Chontae. Tá 2 thionscadal rathúla atuíodóireachta suite i gceantar Ard an Rátha fosta, chomh maith le teach ceann tuí díreach taobh amuigh de Leifear.
Tá oidhreacht shaibhir seandálaíochta ag Contae Dhún na nGall ina gclúdaítear réimse leathan struchtúr, agus léirítear an méid sin sna hiarratais faoi thionscadail phríomhshrutha SIOT, inar éirigh le tionscadail amhail muileann, 2 eaglais, struchtúr ceann tuí, teach tuaithe, teach baile agus siopa. Tá éagsúlacht i gceist fosta sna hoibreacha caomhnaithe agus athchóirithe, a bhaineann le hathchóiriú fuinneog agus díonta, chomh maith le hoibreacha chun struchtúr foirgneamh a dhéanamh slán agus sábháilte.
Chuir an Cathaoirleach, an Clr. Paul Canning, béim ar thábhacht an mhaoinithe oidhreachta seo don Chontae, agus dúirt: “Bhí éileamh mór ar an Scéim Infheistíochta don Oidhreacht Thógtha agus ar an Sruth um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla sa Chontae i mbliana, agus fiú ró-éileamh ar an dá dheontas sin. Leis na deontais sin, cuirtear maoiniú riachtanach ar fáil chun tacú le húinéirí a gcuid foirgnimh oidhreachta a chosaint chun obair chóirithe a dhéanamh de réir na ndea-chleachtas caomhnaithe, rud a chinnteoidh go gcaomhnófar iad don am atá le teacht. Go háirithe, leis an líon is airde riamh d’iarratais ar an Scéim Deontais um Fhoirgnimh Ceann Tuí Stairiúla, léirítear an fás atá tagtha ar an ghá a bhíonn ag úinéirí le cúnamh airgeadais a lorg lena gcuid díonta ceann tuí a chothabháil.”
Leanann Comhairle Contae Dhún na nGall uirthi ag tacú go réamhghníomhach le húinéirí struchtúir cheann tuí agus tá súil againn an Deontas Athchóirithe Tuí don bhliain 2026 a oscailt thart fá dheireadh mhí Feabhra, agus is féidir linn a chur in iúl anois go mbeidh gach eolas faoi sin ar fáil ar shuíomh gréasáin agus ar mheáin shóisialta na Comhairle. Tá an deontas sin ar an aon Scéim Deontais Athchóirithe Tuí, arna reáchtáil ag Údarás Áitiúil, atá ar eolas sa tír, lena dtugtar cuidiú d’úinéirí agus do shealbhóirí a bhfuil tithe nó foirgnimh ghnó ceann tuí stairiúla acu lena gcothabháil agus lena gcóiriú. Tá deontas ar fáil fosta, atá á riar ag an Roinn Tithíochta, Rialtais Áitiúil agus Oidhreachta le haghaidh foirgnimh cheann tuí atá ina dtithe cónaithe buana nó ina ndéantar cónaí fadtéarma, agus glactar le hiarratais i rith na bliana ar fad. Thig tuilleadh eolais a fháil ar www.gov.ie/en/service/32e72-thatching-grant.