Skip to main content

January

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Date: 22 Ean 2026

Forbairt Eacnamaíochta

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Cé gur seoladh an feachtas i mbéal na Nollag, tá borradh ag teacht ar an togra seo bliain i ndiaidh na bliana. Tá sé faoi stiúir Rannóg Forbartha Eacnamaíochta Chomhairle Contae Dhún na nGall agus déantar ceiliúradh ar chruthaitheacht, ar nuálaíocht agus ar thraidisiún an chontae - ag gríosú daoine lena dtacaíocht a léiriú do ghnónna áitiúla i nDún na nGall.

Ghlac breis is 400 gnó páirt i bhfeachtas 2025, idir cheardaíocht lámhdhéanta, bhianna ó lámh an cheardaí, theicneolaíocht cheannródaíoch agus seirbhísí fáilteachais. Meascán maith de bholscaireachtaí ar líne agus sna siopaí, chomh maith le hábhar dírithe ar rannpháirtíocht tríd na meáin shóisialta agus imeachtaí beo. Mheall na nithe seo uilig samhlaíocht an lucht leanúna abhus agus i gcéin.

Na Buaicphointí ón Fheachtas in 2025:

  • Breis is 9.1 milliún duine rannpháirteach i #CeannaighDúnnanGall ar ardáin éagsúla ar bhonn digiteach, ar na meáin shóisialta agus meáin eile. 
  • Bhí rannpháirtíocht den scoith ann ó dhiaspóra Dhún na nGall ar fud na hÉireann, sa Ríocht Aontaithe, san Astráil, sna Stáit Aontaithe, sa Bhrasaíl, sa Fhrainc, agus i gCeanada. Chuir seo le méadú na ndíolachán idirnáisiúnta agus d’ardaigh feasacht na ndaoine ar ghnónna áitiúla.
  • Mar chuid de #CeannaighDúnnanGall, cuireadh béim ar na fiontair iontacha i nDún na nGall agus cuireadh go mór le próifíl an chontae ar ardán domhanda trí scéalaíocht spéisiúil, trí chomhshaothar tionchairí agus trí mhíreanna ar na meáin.
  • Craoladh an clár ‘Nine ‘til Noon Show’ le Greg Hughes ar Raidió Highland beo ó Shiopa Ceardaíochta Ghleann Domhain i gCluain Maine ar an 5 Nollaig, mar chuid den fheachtas. Tugadh ardán nach beag do roinnt gnónna spreagúla sa cheantar, rud a thug deis daofa a gcuid scéalta agus an méid atá á chur ar fáil acu a chur i láthair.

Chuir Cathaoirleach Chomhairle Contae Dhún na nGall, an Clr Paul Canning a bhuíochas in iúl: D’éirigh leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall aird a tharraingt ar an tallann iontach, ar an oidhreacht chultúrtha shaibhir agus ar an spiorad fiontraíoch bríomhar a chuireann go mór le huathúlacht Dhún na nGall. Idir earraí ceardaíochta traidisiúnta agus táirgí nuálacha, tá Dún na nGall i lár an aonaigh mar thaisce don chruthaitheacht agus don mhórtas pobail. Gabhaim buíochas le hachan duine a ghlac páirt ann agus a chuidigh le hardán a thabhairt don chuid is fearr atá le fáil i nDún na nGall.”

Tá clú an chontae mar lárionad don cheardaíocht, don nuálaíocht agus ina mbíonn céad míle fáilte roimh chách ann, á neartú de bharr rathúlacht domhanda an fheachtais.

Cé go bhfuil deireadh tagtha leis an fheachtas #CeannaighDúnnanGall 2025, tá an suíomh gréasáin www.BuyDonegal.com beo agus tá breis is 400 gnó iontach i nDún na nGall le feiceáil air.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 22 Ean 2026

#CeannaighDúnnanGall i Lár an Aonaigh arís eile

Bhí spiorad agus mórtas iontach pobail léirithe tríd an fheachtas #CeannaighDúnnanGall arís i mbliana. Tugadh ardán do ghnónna iontacha i nDún na nGall agus do na nithe ar leith atá ar fáil do phobal domhanda, a thugann le fios arís eile gur mol lán le cruthaitheacht agus gnó é Dún na nGall.

Image text description

Date: 07 Ean 2026

Dún na nGall le bheith curtha i láthair ag Seónna Saoire i mBéal Feirste agus i mBaile Átha Cliath!

Beidh gnólachtaí turasóireachta de chuid Dhún na nGall ag coinneáil ainm an chontae in airde an deireadh seachtaine seo le linn an tSeó Saoire bhliantúil a bheas ar siúl i mBéal Feirste, agus arís i mBaile Átha Cliath i gceann coicíse.

Image text description

Date: 23 Noll 2025

Beannachtaí na Nollag ar Dhiaspóra Dhún na nGall, 2025

Agus an Nollaig agus an bhliain úr ag druidim linn, is deis iontach luachmhar í seo ag teaghlaigh agus ag cairde teacht le chéile faoi shonas agus dea-chuimhní a mhairfidh go ceann i bhfad a chruthú arís i gcomhluadar a chéile.

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)