Skip to main content

January

Clár Dínite Míostraithe á leathadh amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí ionaid chultúrtha ar fud an Chontae

Date: 14 Ean 2026

Pobal

Clár Dínite Míostraithe á leathadh amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí ionaid chultúrtha ar fud an Chontae

Clár Dínite Míostraithe á leathadh amach ag Comhairle Contae Dhún na nGall go dtí ionaid chultúrtha ar fud an Chontae .

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall tar éis a dTogra Dínite Míostraithe a leathnú, rud a chinntíonn go bhfuil táirgí míostraithe saor in aisce ar fáil anois i Músaem an Chontae, san Ionad Cultúrtha Réigiúnach i Leitir Ceanainn agus i ngach leabharlann phoiblí ar fud an chontae. Tá an fhorbairt seo ag tógáil ar an chlár bunaidh a seoladh i mí an Mheithimh 2024, a chuir tús le táirgí míostraithe saor in aisce a bheith ar fáil ar fud na nIonad Seirbhísí Poiblí agus na nIonad Acmhainní Teaghlaigh i nDún na nGall. Is céim shuntasach eile chun tosaigh í seo chun dul i ngleic le bochtaineacht mhíostraithe.

Is éard is bochtaineacht mhíostraithe ann ná gan teacht a bheith agat ar tháirgí míostraithe, ar áiseanna sláintíochta agus sláinteachais ná ar oideachas agus feasacht chun sláinte mhíosta a bhainistiú. Is é an aidhm atá leis an Chlár Dínite Míostraithe ná deireadh a chur leis na bacainní airgeadais agus sóisialta a bhaineann le míostrú go minic. Tríd an chlár a leathnú go dtí ionaid chultúrtha, tá Comhairle Contae Dhún na nGall ag cinntiú go bhfuil táirgí riachtanacha ar fáil i níos mó áiteanna, ar bhonn rialta, agus ar bhealach atá discréideach agus inrochtana.

Cuireann na hionaid seo pillíní agus tampóin saor in aisce ar fáil anois, tá siad ar fáil d’aon duine a bhfuil gá acu leo. Rinneadh leathnú ar an togra a bhuíochas do mhaoiniú ón chlár ‘Dún na nGall Sláintiúil’ atá ar bun ag an Choiste um Fhorbairt Pobail Áitiúil (Éire Shláintiúil) agus le maoiniú ón Roinn Sláinte, a thugann tacaíocht leanúnach do Chomhairle Contae Dhún na nGall chun feabhas a chur ar chúrsaí sláinte, dínite agus folláine ar fud an chontae.

Ag caint faoin seoladh, chuir an Clr. Niamh Kennedy, Leaschathaoirleach ar Na Coistí um Fhorbairt Pobail Áitiúil i nDún nan Gall (LCDC), fáilte roimh leathnú an togra, agus dúirt:

“Tá tionchar suntasach ag an chlár seo cheana féin ar Ionaid Seirbhísí Poiblí agus ar Ionaid Acmhainní Teaghlaigh. Trína leathnú chuig ár Rannán Cultúir, neartaíonn sé agus cinntíonn sé go mbeidh rochtain ag níos mó daoine ar fud Dhún na nGall ar tháirgí riachtanacha i dtimpeallacht shábháilte, thacúil agus nach bhfágtar aon duine gan a bhfuil de dhíth orthu.”

I suirbhé a rinne Éire Shláintiúil in 2022 mhaígh 24% de na mná a ndearnadh suirbhé orthu, gur bhain gné amháin de bhochtaineacht mhíostraithe leo, agus dúirt 14% de mhná os cionn 25 bliain d’aois gur ghá dóibh ábhair eile nach mbaineann le míostrú a úsáid.

Le haghaidh tuilleadh eolais agus uaireanta oscailte na n-ionad cultúrtha , téigh chuig www.donegalculture.ie .

Tá an togra seo arna thacú ag an Roinn Sláinte.


To save this webpage as a PDF, select ‘Save as PDF’ from the Destination drop down and save.

Nuacht Gaolmhar

Image text description

Date: 12 Feabh 2026

Toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall mar chuid de Mheitheal tras-chomhairle i nGaillimh

Thaistil toscaireacht ó Choiste na Gaeilge, Comhairle Contae Dhún na nGall go Halla na Cathrach, Comhairle Cathrach na Gaillimhe ar na mallaibh, áit ar tionóladh cruinniú de mheitheal tras-chomhairle, le comhaltaí tofa agus oifigigh Ghaeilge ó Chomhairle Cathrach na Gaillimhe agus ón Chomhairle Contae i nGaillimh, i Sligeach, i Maigh Eo agus i gCo. an Chláir, le cois ionadaí ó Chonradh na Gaeilge agus ón Phleanáil Teanga.

Image text description

Date: 28 Ean 2026

Iarratais ar mhaoiniú á lorg faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026

Tá Comhairle Contae Dhún na nGall agus Coiste Forbartha Pobail Áitiúil Dhún na nGall (CFPÁ) ag lorg iarratas ó ghrúpaí pobail i gceantair faoi mhíbhuntáiste ar mhaoiniú caipitil faoi Chlár Feabhsúcháin Áitiúil 2026.

Image text description

Date: 19 Ean 2026

Pobail an tSratha Báin Agus Leifir Á gCeangal le Chéile le Spás Comhroinnte Úr €16.7m – Páirc Phobail Cois Abhann

Tá maoiniú €16.7m ó PEACEPLUS ag cuidiú le 30 acra de spás agus de bhonneagar le haghaidh páirc phobail thrasteorann úr a chruthú idir an Srath Bán agus Leifear. Agus é deartha le daoine a thabhairt le chéile agus le teagmháil bhreise dhearfach trasphobail a spreagadh, beidh an spás úr comhroinnte sin, Páirc Phobail Cois Abhann, á mhaoiniú trí PEACEPLUS, clár atá á bhainistiú ag Foras um Chláir Speisialta an AE (FCSAE).

Uaireanta Oscailte

Mótarcháin 9.15rn - 12.15in, agus 1.15in - 3in (Dé Máirt agus Déardaoin)